Is léir do chách atá páirteach i bpobal na Gaelainne i mBaile Átha Cliath go bhfuil dream ann atá sona sásta leas is úsáid a bhaint as an nGaelainn, ach is léir nach bhfuil an líon sin daoine in ann fíor-phobal teangan a chruthú, nó an fíor é seo? B’shin an cheist a bhí ag dream daoine atá i bpobal na Gaelainne i mBaile Átha Cliath, agus thángadar le chéile ag caint le linn Oireachtas na Samhna chun an cheist sin a phlé. Tá meitheal ann atá ag fiosrú conas ar chóir lonnaíocht mar seo a bhunú, ionas go mbeadh fíorphobal Gaelainne i mBaile Átha Cliath, a bheadh in ann na buntáistí uile a bhaint as saol na cathrach agus cónaí orthu i gceantar ina mbeadh an Ghaelainn mar theanga an phobail.
Is é an bunsmaoineamh atá ag an bhfeachtas so ná go bhfuil dlús na gcainteoirí de dhíth ar phobal teangan, ionas go mbeadh a bhall in ann an teanga a labhairt eatarthu fhéin i mbealach nádúrtha, gan imeachtaí a eagrú ina labhraítear an teanga mar chúis an imeachta. Níor rud speisialta nó neamhghnách í labhairt na Gaelainne, ach rud a d’eascródh go héasca as na comhráite a bheadh ag an lucht cónaithe. Is smaoineamh uaillmhianach é seo gan amhras, ach an éireoidh leis?
Níl an mheitheal atá ag fiosrú fhéidireacht na lonnaíochta aineolach fés na deacrachtaí a bheadh ag an lonnaíocht, nó fés na hiarrachtaí a tharla cheana fhéin. Labhraíodar fé Pháirc na Gaeltachta, iarracht chun Gaeltacht uirbeach a bhunú i bhFionnbhrú le linn na dtriochaidí. Dar leo, theip ar an lonnaíocht san toisc nár soláthraíodh ach tithíocht- ní raibh aon rud tógtha timpeall na dtithe. Chuireadar an cás so i gcomparáid le Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, a mhaireann, agus earnáil fostaíochta Gaelainne a cruthaíodh i mBéal Feirste is cúis leis an rath atá orthu, dúradar. Mar sin, luadar fén bhféidireacht go mbunófar siopa grósaera sa lonnaíocht, ina mbeifear ag súil go bhféadfaí séirbhís as Gaelainn a fháilt ann.
“Is léir uaidh seo nach bhfuil siad dall fés na dúshláin atá rompu” Ach bheinnse ag insint bréige daoibh mura ndéarfainn gur tháinig amhras orm féna bplean, agus mé ag éisteacht leo. Ar ndóigh, bhíodar ag labhairt fé chúrsaí tithíochta agus a leithéidí, ach tháinig ceist sa bhreis orm. Céard a dhéanfaidíst dá mbeadh teaghlach ann nach mbeadh Gaelainn ach ag cuid den gclann? Im’ theaghlach fhéin, cuir i gcás, ní raibh Gaelainn dá laghad ag mo mháthair sular bhog sí go hÉirinn, agus maireann a heaspa cumais sa teanga fós. Ba léir nach rabhas i m’aonar leis an gceist seo, toisc gur cuireadh an cheist orthu fé Ghaeilgeoir a bhog thar lear ag feadh seala, agus a phós duine ansan. Más mian leis bogadh thar n-ais go hÉirinn agus an Ghaelainn á labhairt aige leis na páistí, an mbeadh cead acusan socrú síos sa lonnaíocht, fiú mura mbeadh Gaelainn ag ceann des na tuismitheoirí? Dúradh go dtabharfadh tosaíocht do theaghlaigh ina bhfuil Gaelainn ag gach ball, ach níor chuir a bhfreagairt mé ar mo shuaimhneas. Tuigim go bhfuil ceist mar san casta, agus go gcaithfear dlús eicínt a chinntiú ionas go n-oibreoidh coincheap bunúsach na lonnaíochta Gaelaí, ach tá eagla orm go gcuirfear an iomarca daoine ar an leataobh mar gheall ar an riachtanas glaineachta so, agus go dteipfidh ar an lonnaíocht dá bharr. Fiú im’ chás-sa, dá bpósfainn fear eicínt nach raibh deis aige an teanga a fhoghlaim, an mbeadh sé cabhrach dá gcuirfí ar an leataobh muid, fiú dá labhróinnse Gaelainn amháin lenár bpáistí? Chomh maith, tá eagla orm go gcruthófar cineál geiteo ina mairfeadh Gaeil, scartha ón tsochaí mórthimpeall orthu. Is trua liom go gceapaim go bhfuil seans maith go bhfeictear orthu mar phobal aisteach, pobal nár cheart do ‘ghnáthduine’ baint a bheith aige leo. Ar ndóigh, b’iad sin na dúshláin a bhí ag pobal Ghaelainn Bhéal Feirste, leis, ach tá an baol ann go dteipfidh ar na hiarrachtaí siúd, mar a theip orthu sna 1930idí i gcás Pháirc na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath. “Ach cuimhním siar ar phobal Bhóthar Seoighe, agus an méid sin iarrachta a bhí déanta acu chun Gaelphobal a bhunú, i gcoinne rialtais naimhdigh” Bhíothas ana-thiomanta ar son chúis na Gaeltachta siúd, agus iarrachtaí chun a gcéad Ghaelscoil a mhaoiniú ar bun acu. Bhí an easpa acmhainní chomh géar san go raibh orthu bailiúcháin airigid os comhair siopaí a dhéanamh chun tuarastal an mhúinteora a íoc. Tháinig na hiarrachtaí seo go hiomlán ón bpobal, agus is léir do chách anois nár theip orthu. In ainneoin an amhrais a léiríos le linn an ailt seo, guímse gach rath orthu, i ndáiríribh. Ní mian liom ligint orm libh go bhfuil i gcoinne an tionscadail seo, ach bhí cúpla cheist agam nár freagraíodh go sásúil. Más féidir leo, áfach, a dtionscadal a stiúradh trí fharraigí contúirteacha an phleanála agus nimh an eisiata a sheachaint, beidh pobal tógtha acu a bhféadfaidíst a bheith bródúil as, agus beidh bunús ann do Ghaeil Bhaile Átha Cliath chun pobal níos mó fós a thógaint uaidh. Ach caithfidíst é a thógaint.