Oireachtas 2024: agus cén fáth go gcaithfidh tusa dul ann

Déanann Hannah Joung cuntas achomair ar an bhféile Gaelach agus labhraíonn sí faoi a céad taithí leis

Mar Gaeilgeoir, fuair mé mo chéad bhlaiseadh den Oireachtas na Samhna an bhliain seo. In ainneoin an ainm, níl aon baint aige le polaitíocht na hÉireann. Féile bhliaintúil ealaíne agus pobail is ea Oireachtas na Samhna a chuimsíonn comórtais taibhealaíne do dhaoine óga agus do dhaoine fásta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsa, spóirt agus dioscúrsa. Maireann an féile ar feadh ceithre lá lán le himeachtaí. 

I mbliana, bhí sé ar siúl arís i gCill Airne, croílár oidhreacht na hÉireann. B’é an t-Oireachtas údar mórtais an bhaile, ag stiúradh an féile don dheichiú uair ó 2010. 

“Le linn mo cheithre bhliain sa choláiste, bhi áiféala orm nár ghlac mé níos mó páirte in imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh”

Chuala mé ráfla go raibh Oireachtas na Samhna mar an t-imeacht a gcaithtear dul chuig uair amháin i do shaol. Ba rogha ag an nóiméad deiridh (an lá díreach roimhe) é dom chun freastail ar Oireachtas na Samhna. Buíochas le dia ní raibh ach an ticéad le cheannach. D’eagraigh, agus eagraíonn gach bhliain, an Cumann Gaelach agus Conradh na Gaeilge gach rud le chéile do na mhic léinn – ón lóistín go taisteal.

Rinne mé mo bhealach féin síos go Cill Airne ar an traein a raibh lán le daoine ag labhairt Gaeilge. Is léir nach raibh mé i m’aonar! Nach deas a bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt ár dteanga dúchasach! Chomh maith leis sin, bhí an t-ádh ag rith liom agus cé eile, ach an rí Tarach Ó Snodaigh ón mbanna Grooveline ar an traein fosta!

Toisc go bhfuair mé an traein níos deanaí, ní raibh an seans agam sult a bhaint as an Aoine i rith an lae. Áfach, rinne beirt baill den Chumann Ghaelach, Cathal Ó Murchú agus Rian Breathnach, píosa amhránaíochta grinn ar son Tríonóide sa chomórtas Lúibíní agus bhuaigh siad duais na mac léinn (maith sibh leaids)!

Nuair a shroich mé an loistín bhí tuirse an domhan orm. D’athraigh sé seo ag druidim i dtreo na hócáide is mó den fhéile – Oíche na Mac Léinn. An rud atá i gceist ná oíche spraoiúl do na choláistí uilig le comórtas feistis ina measc. Piocann gach coláiste téama agus gleastar suas mar grúpa agus ansin bíonn duaiseanna do chatagóir éagsúla. I mbliana b’é an téama a bhí socraithe ag mic léinn na Tríonóide ná Super Mario. Ag 8 i.n a chloig, cosúil le draíocht, bhí Marios, Luigis, réalt cumhachta, Princess Peaches, Goombas, le fheiscint timpeall an loistín. 

Bhíomar réidh chun an duais a bhuachaint – ach ar dtús píosa ceoil, damhsa agus craice! Don chéad taispeántas, bhí banna darbh ainm Bandia ann a chan Chappell Roan trí Ghaeilge.

“D’ionsaigh muid an t-úrlar rince, agus chailleamar ár gcloigeann dar an gcuid is lú de”

Ar an drochuair, ní bhuamar an duais don fheisteas ghrúpa is fearr. Bhuaigh Ollscoil na Gaillimhe é gleasta suas mar Mr. Worldwide (Pitbull). Áfach, ní chailleamar dóchas toisc gur bhuaigh Luke McCann (mac léinn na Tríonóide agus reachtaire TradSoc) an duais don fheisteas is cruthaithí! Ansin, bhí an banna ceoil Grooveline ina bpríomhaíonna. Bhí fuinneamh iontach ina gcuid ceoil agus atmaisféar leictreach a bhí ann. 

Dhúisigh mé an lá dár gcionn, sramshúileach, ach bhí mé réidh don Satharn. Lán le himeachtaí, ó sheimineár faoi dheiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach, agus seisiún ceoil tradisiúnta, go craoladh beo ar Raidío na Life agus Raidió Fáilte – oireann an tOireachtas do chách. Measaim go deis iontach é, má tá suim agat obair le Gaeilge, níos mó a fháil amach faoi na deiseanna agus píosa líonraithe a dhéanamh freisin. 

Theastaigh aer úr agus píosa thurasóireacht uainn, mar sin chuamar ag spaisteoireacht i ndúlra Chill Airne. Bia den scoth a bhí againn (mo laoch 4 Star Pizza), nuair a thit an oíche agus thosaigh an chraic arís. Chuaigh muid go dtí lóistín Ollscoil na Gaillimhe dár gcéilí agus seisiún féin ar dtús – agus ceann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine a bhí ann – agus ansin ar aghaidh linn go dtí an Gleneagle d’oíche craiceáilte spraoiúla.

Tháinig sé chun críoch ar maidin Dé Domhnaigh. Thógamar an bus le chéile ar ais go Baile Átha Cliath, ag gáire faoi na cuimhní nó ag caoineadh faoi dheireadh an Oireachtais. 

Bhí an seans agam bualadh le daoine nua (agus iad mo chairde anois). Níos tábhachtaí ná sin, thug sé inspioráid dom níos mó Gaeilge a úsáid i mo shaol laethúil. Líofa sa Ghaeilge, le cúpla focal, fiú ag iarraidh í a labhairt – deis do gach éinne an teanga a chéiliúradh. An bhliain seo chugainn beidh sé ar siúl i mBéal Feirste, ach náná lig é sin stop a chur ort, cé go bhfuil grá mór againn do Chill Airne, níl imeall ar draíocht agus spraoi an Oireachtais. Is craic amach is amach é!

Athsmaoineamh beag; má tá tú cosúil liomsa i do bhliain dheireanach, ná bí buartha! Níl an tOireachtas srianta go mhic léinn amháin – tá sé oscailte do gach aois. Molaim go hard é daoibh, uair amháin i do shaol, téigh agus bain taitneamh as draíocht an Oireachtais!