Ní minic a shiúltar isteach go seomra lán le péintéireacht de chíocha nochta, ach sin mar a bhí d’éinne a d’fhreastal ar an taispeántas ealaíne Sisters, Not Twins ó Geraldine Carton a bhí ar siúl i dTeach Thionóil na Cathrach an tseachtain seo caite.
B’é seo an céad taispeántas aonair ón ealantóir Bhaile Átha Cliath agus rith sé ó 7ú Samhain go dtí 17ú Samhain. Dar le Geraldine, is “céiliúradh dhlúthpháirtíocht na mban agus neamhfhoirfeacht” é an taispéantas seo, agus léiríonn sí taithí na mban ina gcoirp féin sa sochaí ina bhfuilimid. Agus dar liom, is léiriú luchtmhar, álainn atá ann.
Bhí dhá páirt ag an dtaispeántas. Chuir an chéad páirt 15 shaothar ós ár gcomhair le mná ag déanamh gnáththascanna agus iad lomnocht. Dom féin, bhí na saothair sin an-láidir – is minic a fheictear coirp mná mar rud gnéasach, ach aibhsíonn na píosaí sin an corp mar ghnáthrud feidhmiúil. Freisin, léirigh na saothair solúbthacht na mban. Sheas píosa amháin amach dom le máthair nua ar oíche amach ag ól gloine fíne agus ag úsáid chaidéal cíche – Pump and Dump an t-ainm atá air. Bhí cúpla de na saothair ghreannmhara chómh maith. B’é Nothing To See Here ceann de na píosaí is fearr liom agus taispeánann Carton bean nochta ina seasamh le scáthlán lampa ar a ceann.
Ag léanúint ar aghaidh chuig an dara pháirt den thaispeántas, agus is dócha buaicphointe an taispeántais, ná Wall of Boobs. ‘Sé an rud atá i gceist ná díreach mar a cheaptar- balla lán le 100 péintéireacht de cíocha. Bhí léiriú leathan le feiceáil – chuir Carton glaoch amach ar a meán sóisialta ag iarradh ar dhuine pictiúr a mbroinne a sheoladh chuici chun iad a phéinteáil. Ag labhairt le Carton ar an ábhar, cheap sí go mbeadh fiche péinteireacht aici don bhalla, ach tar éis an glaoch a chur amach, fuair sí níos mó ná 300 daoine ag síniú suas don thionscadal. Rinne Carton léiriú réadúil do mhná sa 100 saothar atá ann – tá réimse leathan d’aois, dath craicinn, toise coirp. Tá mná ag tabhairt beathú cíche, mna le maisteachtóime, mná trasa, agus mná le coilm.
Chuir an Wall of Boobs íomhá réadúil do mhná ós ár gcomhair in ionad na híomhá a fhaightear go minic faoin ‘gcorp idéalach’. Ag cómhrá le Carton faoin inspioráid don thaispeántas, mhínigh sí go raibh sí ag freastal ar rang ealaíne cúpla bliain ó shin agus dúirt an múinteoir di má tá fonn uirthi a bheith mar fíorealantóir, caithfidh sí rud a dhéanamh atá paisean aici dó. É sin cloiste aici, smaoinigh sí ar a taithí féin agus a streachailt lena híomhá coirp le linn a fichidí, agus mhúscail fearg inti faoin taithí atá ró-choitianta i measc na mban maidir le híomhá coirp. Thosaigh sí ag cruthú ealaíne chun an fearg sin a chur in iúl, agus anois táimid anseo le torthaí na feirge sin. Ba rud draíóchtúil é chun seomra a fheiceáil lán le mná láidir agus cróga, agus an grá do mhná a mhothú go soiléir. Cé go bhfuil an taispeántas thart, is léir go bhfuil a éifeacht fós le feiceáil agus ní hé seo ach an tús do Geraldine Carton.