Níl olcas ar bith le feiceáil idir na hiarrthóirí do phost Oifigeach na Gaeilge, Niamh Leddy agus Aoife Ní Bhriain.
Ar aon nós, níl ar intinn acu ach an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste, agus chun troid ar son na cearta teanga atá ag Gaeilgeoirí; agus mar a luaigh Pádraig Mac Brádaigh, an tOifigeach na Gaeilge atá againn faoi láthair, tá “bliain láidir” os ár gcomhair, cibé duine a bhuafaidh an rás.
D’freagair 867 ndaoine an phobalbhreith a bhí á rith ag Nuacht na Tríonóide. Ó thaobh rás na Gaeilge de, as 867, deireann an phobalbhreith linn go bhfuil 428 ndaoine cinnte as an duine a gcaithfidh siad vóta ar a son – beagáinín níos mó ná leath den iomlán.
Dá réir seo, cé go bhfuil Aoife Ní Bhriain chun tosaigh sa rás faoi láthair – le 57% do votaí ‘chéad-rogha’ aici, ní féidir a bheith cinnte ar chor ar bith, agus le seachtain fós fágtha go dtí go mbeidh ar mhic léinn cinneadh a dhéanamh, tá am ann fós chun gach rud a athrú. Ach beidh ar Leddy ⅔ den vóta neamhchinnte a fháil chun rath a bhaint amach.
I gcás pobalbhreithe amháin, is cinnte nach féidir aon rud rá faoi chinnteacht ar bith, ach is féidir linn plé a dhéanamh ar na fáthanna a bhfuil an rás chomh géar sin.
Ní haon ionadh é go bhfuil an chuid is mó do na mic léinn a d’fhreagair an phobalbhreith as Dámh na nDaonnachtaí– 60.5%, nó 525 daoine – le 25.7% (223 daoine) as Dámh na hETIM. Fágann sé sin beagnach 120 daltaí as Dámh na nEolaíochtaí Sláinte agus cúrsaí ildáimhe.
Níl ach farasbarr beag ag Ní Bhriain nuair a bhreathnaíonn muid ar mhic léinn as Dámh na nDaonnachtaí, na nEolaíochtaí Sláinte, agus an catagóir ildáimhe, ach tá sí go hiomlán chun tosaigh le mic léinn ETIM – le 71% an vóta. Ní íonadh mór é seo i ndáiríre – is mac léinn matamatice í, dar ndóigh.
Go dtí seo, bhí an bheirt iomaitheoirí compordach ag labhairt ag na toghchánaíochtaí éagsúla i rith na seachtaine, fiú le ceann amháin dóibh amháin i Seomra na Gaeilge. Tá sár-obair déantá go dtí seo ag Pádraig Mac Brádaigh, agus is léir go bhfuil Aoife Ní Bhriain agus Niamh Leddy sásta leanúint leis an oidhreacht seo.
Ó thaobh tacaíochta de, tá neart tacaíochta bainte amach ag an mbeirt acu, san Aontas agus lasmuigh de. Tá an bheirt iomaitheoirí bainte leis an scéim cónaithe, agus na himeachtaí a bhíonn á n-eagrú acu. Tá Ní Bhriain mar bhall de Choiste Ghaeilge an Aontais, agus is í an tOifigeach Siamsaíochta le TradSoc i mbliana. Bhí Leddy ina hambasadóir na Gaeilge ar na meáin shóisialta oifigiúla don choláiste, agus ba í an Oifigeach Caidrimh Phoiblí don Chumann Gaelach. Caithfear a rá, nuair a bhreathnaítear ar thacaíocht na beirte acu, tá siad sách cothrom.
Ina forógra, tá ceithre príomh-phointe leagtha amach ag Ní Bhriain – cuimsiú, in rochtaineacht, forbairt, and cultúr. I gcomparáid leis seo, tá trí pointe difriúil curtha amach ag Leddy: cumarsáid, oideachas agus ‘Gaeilge do chách’.
Ag breathnú i dtús báire ar chúrsaí praiticiúla, tá difríochtaí bunúsacha idir an beirt iomaitheoirí.
De réir na bhforógraí, cuireann Ní Bhriain béim ar an inrochtaneacht; go mór ar ábhar an Aontais go ginearálta; agus luann sí go bhfuil sí lán-sásta troid chun go mbeidh níos mó spásanna lán-Gaeilge timpeall an Choláiste, go háirithe i Lár-Ionad na Mac Léinn nua. I gcomporáid leis seo, cuireann Leddy béim ar rochtain ar an teanga, ag gealladh go ndéanfar turais Ghaeltachta níos inrochtana, agus breis ranganna Gaeilge a chur ar fáil do mhic léinn. Gan amhras, tá sé ar intinn ag an mbeirt iomaitheoirí an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné an tsaoil.
Ó thaobh chúrsaí teangacha amháin de, cuireann Ní Bhriain agus Leddy seans a thabhairt do gach aon duine a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Labhraíonn Ní Bhriain go bhfuil sé ar intinn aici ciorcal comhrá, ranganna teagaisc, agus gluais téarmaíochta do mhic léinn ETIM a chur ar fáil. Chuireann Ní Bhriain béim ar lucht ETIM an Coláiste – rud tábhachtach, toisc go bhfuil dearmad déanta orthu go minic. Ar an taobh eile, labhraíonn Leddy faoina mianta chun an Ghaeilge a chuir isteach i saol an Choláiste. Igcás Leddy, is dócha gurb iad na meán shóisialta — cosúil le cúrsaí ETIM do Ní Bhriain — an áit ina bhfuil sár-tacaíocht aici. Tá sé ar intinn ag Niamh chun a bheith níos gníomhaí ar na meáin shósialta, le seisiúin ‘ceisteanna agus freagraí’, físeáin ‘lá i mo shaol’, agus focal an lae. Ar aon nós, tá sé soiléir go mbeidh méadú ag teacht leis an méid Gaeilge atá le feiceáil an bhliain seo chugainn.
Mar a dúradh cheana, is é croílár feachtas Leddy agus Ní Bhriain ná an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste – agus toisc go bhfuil an post fós an-nua, tá go mór le déanamh leis an aidhm sin amháin.
Mar gheall ar cé chomh cosúil is atá an sprioc seo idir an bheirt iarrthóirí, ní féidir an cinneadh a dhéanamh ar cé a bheadh níos fearr.
Ach cinnte, tá cúpla pointí an a ligeann dúinn idirdhealú a dhéanamh ar an mbeirt acu.
Ó thaobh Ní Bhriain de, tá béim ollmhór curtha aici ar an inrochtainneacht sa Choláiste – go háirithe i gcómhthéacs sheomra na Gaeilge.
Geallann sí go bhfuil sí chun troid chun an seomra a athchóiriú, chun cinntiú go bhfuil sé inrochtana do chách – agus chun troid ar son spás nua a chruthú sa lár-ionad mac léinn nua a osclófar go luath. Is aidhm ar leith í seo d’Aoife, ach is cinnte go bhfuil neart le rá ag Leddy chomh maith.
I rith na seachtaine, tá tagairt sheasmhach déanta ag Leddy ar sceideal 11 (schedule 11) i mBunreacht an Aontais. Taispeánann an sceideal seo na sainghníomhartha atá le déanamh ag Oifigeach na Gaeilge, agus céard atá le déanamh ag an gColáiste chun cúrsaí Gaeilge a fheabhsú. Léiríonn Leddy go bhfuil sí sách compordach le cúrsaí teicniciúla de réir an bunreachta; agus is dócha go mbeidh sí in ann an t-eolas seo a úsáid chun forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge sa choláiste.
Ar aon nós, tá cuid mhór ama fágtha chun rudaí a athrú.
Scríofa le cabhair ó Pól ó hÍomhair agus Tara ní Bhroin