Brig, Bríd, nó Brigid: an stair is cultúr Lá Fhéile Bríde

Ní aon ionadh é go bhfuil Naomh Bríd go mór i mbéal phobal na linne seo.

Ní aon ionadh é go bhfuil Naomh Bríd go mór i mbéal phobal na linne seo. Is cinnte gur cheart dúinn a bheith buíoch aisti – tá lá saoire bainc nua faighte againn, agus tá an lá ina chomartha go bhfuil an t-Earrach tar éis teacht; ag cur críche ar an nGeimhreadh fada fuar.

Chomh maith leis sin, tá Bríd í féin ollmhór i gcultúr na hÉireann sa lá atá inniu ann – idir scairfeanna áille le crios Bríde ag glinniúint, nó priontaí agus píosa ealaíne nua-aimseartha; is cosúil go bhfuil athbheochan Ghaelach ar siúl thar timpeall orainn.

Agus cinnte, tá Bríd i lár na hathbheochana seo.

Tá an chuid is mó do na tradisiúin Lá Fhéile Bríde caillte – ach sula bhfuair Bríd an lá saoire bainc nó crois cois doirse, bhí neart traidisiún págánach le feiceáil timpeall na tíre.

Ní aon ionadh go bhfuil leaganacha éagsúla faoi shaol agus saothar Brigid. Is cosúil gur rugadh i sa chúigiú haois – agus maíonn cúpla foinse go raibh ceann dá tuistí baiste ag Naomh Pádraig – clann le teagmhálacha iontacha, dar ndóigh.

Ach roimhe sin, bhí Dia eile á adhradh ag muintir phágánach na hÉireann – an Dia Ceilteach Brig, nó Brigid. Bhí Brigid thar a bheith tábhachtach do mhuintir na hÉireann, toisc gur bhain torthúlacht agus teacht an Earraigh léi. Bhí sí chomh tábhachtach sin gur eagraíodh an féile Imbolc in ómós di.

“Ní comhtharlú é go bhfuil Imbolc, féile phágánach, agus lá fhéile Bríde, ón bhféilire Caitliceach, ar an lá céanna”

Ionas go gcloífeadh muintir na hÉireann leis an gCríostaíocht, cinneadh go gceiliúrfaí féilte Críostaí ar laethanta a bhí bainteach le féilte nó searmanais phágánacha.

Mar gheall air seo, tá go leor eolais agus cultúir a bhaineann le buncruth na laethanta seo caillte againn – taismeach eile do stair agus cultúr na hÉireann.

Go stairiúil, tharla Imbolc idir Cónocht an Fhómhair agus Grianstad an tSamhraidh; agus de réir cúpla foinse, tagann an t-ainm ‘Imbolc’ ón téarma ‘I mbolg’: téarma a bhaineann leis an siombalachas do dhuine ag iompar clainne – tagairt shoiléir le téama na torthúlachta.

 Más rud é go bhfuil Imbolc á cheiliúradh agat, tá cúpla traidisiún ann chun cinntiú go dtiocfaidh ádh agus beannachtaí ort.

I dtús báire, bheadh ort fanacht go dtí deireadh an lae – deirtear go bhfuil an ‘domhain eile’ gearr agus an ghrian ag dul faoi. Má tá aon ghuí agat don bhliain atá romhat, is éifeachtaí a bheidh siad ag deireadh an lae le titim na hoíche.

Don suipéar, ba cheart duit im úr a dhéanamh, prátaí agus cabáiste a réiteach, agus cál ceanann a eagrú. Chun an t-ádh dearg a shocrú, is gá do do chlann nó chairde na prátaí a ullmhú ar a seal; ag bualadh na bprátaí chun ádh agus rath Brig a fháil.

Nuair atá sé seo críochnaithe agat, tá cúpla traidisiún nua-aimseartha ann chun Bríg (nó Bríd, no Brigid fiú) a cheiliúradh.

Is féidir leat páirt a ghlacadh i siúlóid le Brídeog – bábóg dhéanta as tuí agus ghléasta i gclóca agus i gcaille. Uaireanta, glaoítear ‘Biddy’ ar an mbábóg seo, agus blianta ó shin, chuaigh páistí – na ‘biddy boys’ – ó theach go teach leis an mbábóg seo.

Muna bhfuil tú sásta dul ar paráid timpeall le bábóg mhór, is féidir crios Bríde a dhéanamh– an traidisiún is coitianta don fhéile, b’fhéidir.

Nó bhféidir gur mhaith leat píosa cáca nó ribín – ribín bríde – a chur ar leac na fuinneoige, ionas go mbeannóidh Bríd iad agus í ag trasnú na tíre.

Ar aon nós, tá neart deiseanna ann chun Bríd, Brig, nó Brigit a cheiliúradh, agus fáilte a chur roimh an t-Earrach.

Emily Sheehan

Emily Sheehan is a third year Law and History student, and currently serves as News Analysis Co-Editor. She has previously acted as Trinity News’ Assistant News Editor and as a contributing writer.