Is duine gealgháireach cainteach é an duine a bhuaileann liom i mBloc na nEalaíon chun an agallamh seo a dhéanamh. Tá Niamh Leddy ina ceathrú bliain do Léinn na hEorpa le Gaeilge agus Fraincis, agus is as Droichead Átha, Contae an Lú ó dhúchas í.
Cónaíonn sí anois ar an gcampas ar an Scéim Cónaithe- scéim a chuireann go mór lena heispéireas sa choláiste. Chomh maith leis sin, glacann sí páirt ghníomhach sa phobal bríomhar Gaeilge atá againn sa Choláiste.
Thosaigh caidreamh Leddy leis an nGaeilge agus í sa dara bhliain sa mheánscoil.
D’fhreastail sí ar Ghaeltacht Spidéil gach samhradh ón dara bhliain go dtí a cúigiú bhliain, agus ag an am ní raibh ach cúpla focal aici.
Ó shin amach d’fhás a suim agus a grá don teanga agus an cultúr Gaelach.
Nuair a d’fhill Leddy abhaile, dúirt a seanmháthair léi go rugadh í i nGaeltacht Chonamara, ach bhog a seanmháthair go dtí contae na Mí le Gaeltacht nua a chruthú faoi Chlár Athlonnaithe Comisiúin na Talún.
Ar an drochuair, theip ar an Gaeltacht sin i mBaile Ailin, ach tá an teanga ag seanmháthair Leddy fós, agus músclaíonn scéal a clainne Leddy chun an Ghaeilge a spreagadh ina saol laethúil anois.
Nuair a tháinig Leddy go dtí Coláiste na Tríonóide, bhí sí tógtha leis an gCumann Gaelach agus an t-atmaisféar a chruthaítear ar an gcampas, agus sa dara bliain bhí sí ina hOifigeach Caidreamh Poiblí dóibh, ag cruthú na ngrafaicí agus ag bainistiú mheáin shóisialta an chumainn.
“Ní chaithfidh tú dul chuig an nGaeltacht gach uile bliain, ta sí anseo!” a dúirt sí.
Tuigeann Leddy go mbíonn imeagla ar dhaoine tosú ag labhairt as Gaeilge mura tháinig siad ó Ghaeltacht nó Gaelcholáiste.
Deir sí leis na daoine sin, “nuair a thosaigh mé, ní raibh mé in ann go leor a rá go ceart nó go foirfe”, agus anois tá sí tar éis a bheith ina hAmbasadóir Gaeilge don Choláiste, agus a bheith ag comhoibriú le gnóthaí éagsúla chun an teanga a spreagadh trína n-earraí.
Má ghlacann sí post Oifigeach na Gaeilge i mbliana, is é an fócas ata aici ná an mór-phobal a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt go coiteann, ó lá go lá.
Chun an mórphlean seo a chur i bhfeidhm, tá Leddy ag iarraidh chóras Gaelchairde a bhunú.
Bheadh cúpla duine curtha le chéile lena nGaeilge a úsáid agus a fheabhsú go neamhfhoirmiúil; chun bualadh le chéile ar mhaithe le cupán caife nó pionta a bheith acu tri mheán na Gaeilge.
Is í tuairim Leddy ná go gcabhródh an scéim seo le scaipeadh na Gaeilge ar fud an champais, go háirithe le daoine nach mbíonn compordach í a labhairt le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Is í aidhm mhór atá ag Leddy ná an Ghaeilge a normalú ar fud an champais, agus deis cumarsáide a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge á staidéar acu.
Ta sí ag iarraidh go mbeadh an teanga nádúrtha agus muid ag siúl timpeall an Choláiste, agus go mbeadh an Gaelphobal “níos láidre agus níos mó ná an Cumann Gaelach amháin”.
Tá áthas ar Leddy leis na hathruithe atá tagtha i bhfeidhm le déanaí ó thaobh an toghcháin a rinne post lánaimseartha de phost Oifigeach na Gaeilge, agus ríomhphoist sheachtainiúla an Aontais a bheith dátheangach.
Má fhaigheann sí post Oifigeach na Gaeilge i mbliana, tá sé mar aidhm aici an chuid is mo dá hobair a dhíriú ar an gcumarsáid ó lá go lá.
Creideann Leddy go bhfuil tionchar mór ag an timpeallacht ar thuiscint agus paisean don Ghaeilge.
Mar rannpháirtí ar an Scéim Cónaithe sa dara bhliain, d’eagraigh sí céilí i Halla na Tríonóide.
Bhí an-suim ag mic léinn Éireannacha agus idirnáisiúnta san ócáid, agus mhúscail sé spéis sa chultúr Gaelach iontu, fiú murar thuig siad an teanga.
Tuigeann Leddy go bhfuil an cultúr chomh tábhachtach leis an teanga: “Gan ceann dóibh, ní thuigeann tú an radharc iomlán”.
Tá súil ag Leddy go mbeadh mic léinn in ann cuid dá gcúrsa a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sa todhchaí, chun deis teanga a thabhairt do dhaltaí nach bhfuil ag déanamh staidéir ar an nGaeilge.
“Tá na léachtóirí ann cheana … tá siad chomh paiseanta” a deir sí liom.
Agus na modúil ann cheana féin, cosúil le Stair na hEorpa, Bealoideas nó Litríocht, tá súil aici go n-osclóidh an Coláiste na ranganna sin do mhic léinn a bhfuil spéis acu iontu mar ranganna roghnacha.
Tá súil aici go rachaidh na hathruithe sin i bhfeidhm sa choláiste le stádas cothrom a thabhairt don Ghaeilge, agus tacaíocht a thabhairt do na mic léinn atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú ina n-oideachas tríú leibhéil.
“Má tá tú ag déanamh (cúrsa) eolaíochta, ní bheifeá sa timpeallacht (Gaeilge) sin riamh”.
Tá Leddy ag iarraidh úsáid na Gaeilge a éascú ar an gcampas trí córas na nGaelchairde, eachtraí ar na meáin shóisialta agus ranganna Gaelchultúir a mhéadú.
Tá suim ag Leddy sraith aoichainteoirí a eagrú le baint na Gaeilge le réimse leathan gairmeacha a léiriú.
Tá deiseanna ann do Ghaeilgeóirí leis an nGaeilge a úsáid ina saolta proifisiúnta, ach níl an oiread sin eolas ar fáil faoi sin ón gColáiste.
Tá Leddy ag iarraidh meonta an mórphobal a athrú maidir le tábhacht na Gaeilge sa sochaí, agus mar a deir Leddy: “Caithfidh tú rud éigean a athrú chun athrú a fháil”.
Tosaíodh feachtasaíocht Dé Luain, an 17 de mí Feabhra.