Lez Go Running: an club aerach reatha úrnua

Labhraíonn Tara Ní Bhroin le Ella-Kay Byrne agus Emily Bolster, bunaitheoirí an chlub Lez Go Running

Tá club aerach reatha úrnua i mBaile Átha Cliath tosaithe ag beirt iníon léinn na Tríonóide. Lez Go Running an t-ainm atá ar an gclub reatha a thosaigh Emily Bolster agus Ella-Kay Byrne. 

Is as Cill Dara í Ella agus is as Corcaigh í Emily, agus is iníonacha léinn na ceathrú bliana iad i gColáiste na Tríonóide atá ag déanamh staidéir ar altranas ginearálta. Labhair Trinity News leo faoin gclub reatha nua don phobal aerach i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt leo faoin inspioráid taobh thiar den chlub reatha, mhínigh Ella-Kay dúinn gur fhreastal sí ar chlub reatha darb ainm “Dyke Run” i Nua Eabhrac i rith an tsamhraidh agus í ansin ar J1. Bhain sí an-taitneamh as an gclub agus nuair a tháinig sí abhaile, chonaic sí nach raibh rud cosúil leis anseo i mBaile Átha Cliath.

Níos mó ná sin, mhínigh siad go mbíonn sé deacair dóibh i mBaile Átha Cliath chun spásanna agus imeachtaí sábhailte a aimsiú do dhaoine aiteacha nach bhfuil bunaithe ar shaol na hoíche. Cinnte, tá spásanna ann cosúil leis na tithe tabhairne agus clubanna oíche, ach céard faoi dóibh siúd nach n-ólann nó nach bhfuil fonn orthu freastal ar imeachtaí sna hoícheanta? Chuir siad béim ar an bhfadhb sin go háirithe do leispiaigh:

“Gay women don’t have anything in Dublin!”

Ansin, labhair Ella-Kay le Emily faoina taithí le Dyke Run agus d’aontaigh an beirt acu chun club aerach reatha nua a bhunú anseo sa chathair!

Ó thaobh a n-aistear féin leis an aclaíocht de, thosaigh Emily ag rith go minic in Eanáir 2023, agus thosaigh Ella-Kay i Meán Fómhair 2023. D’fhás a ngrá don chaitheamh aimsire toisc go bhfuil sé saor in aisce, bíonn tú taobh amuigh sa dúlra faoin aer, agus is rud taitneamhach é a dhéanamh le chairde in áit dul amach ag ól. Deir siad go bhfuil fírinne ag an seanfhocal “Giorraíonn beirt bóthar” – bíonn an rith níos éasca nuair atá duine le comhrá leo ansin seachas a bheith leis an gciúnas agus do smaointí féin! 

Ag caint faoi bhua an chlub go dtí seo, dúirt na cailíní go raibh fríthghníomhú dearfach ó gach duine go dtí seo. Dúirt na rannpháirtithe go raibh spás mar seo in easnamh i mBaile Átha Cliath, agus tagann duine ó gach cearn den chathair chun páirt a ghlacadh sa chlub. Tá seacht rith déanta ag Lez Go Running go dtí seo, agus bhí ar a laghad deichniúr rannpháirtithe ag na rití uilig. 

Má tá fonn ort páirt a ghlacadh, bíonn an club ar siúl ar an Satharn ag 10:30 r.n. Bíonn dhá ghrúpa reatha- grúpa a ritheann an cúig chiliméadar iomlán, agus grúpa eile a bhíonn ag sealaíocht idir rith agus siúl. Tá an club oscailte do gach baill den phobal aerach. Tá fáilte roimh ainmhithe freisin. Chuir na cailíní seinnliosta le chéile chun spreagadh a thabhairt dúinn ár gcoirp a bhogadh. Tá an seinnliosta sin, a Strava, agus na sonraí eile go léir le feiceáil ar a gcuntas Instagram @lez.go.runningdublin 

Agus an rud is tabhachtaí, dar leis na cailíní, ná go bhfuil gach duine ann “an-dathúil agus gnéasúil!”

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.