Ní Bhriain: Tá sí chun cinntiú go bhfuil “ spás ann sa Ghaeilge do gach uile duine”

Tá radharc uathúil ag Aoife Ní Bhriain ar an nGaeilge sa Choláiste agus tá sí ag iarraidh é a úsáid

Tá Aoife Ní Bhriain, mac léinn matamaitice, ag tnúth go mór lena grá don Gaeilge a roinnt le muintir na coláiste.

Ó thus ár n-agallaimh, ba léir an paisean atá aici don teanga: “an rud a spreag mé ná an grá atá agam don Ghaeilge”.

Lena taithí ar Choiste na Gaeilge agus ar an Scéim Cónaithe, is páirt lárnach a saoil í an Ghaeilge sa Choláiste, agus dar léi “tá an taobh sin d’Aontas na Mac Léinn feicthe agam.”

Thóg a máthair trí Ghaeilge í, agus tuigeann Ní Bhriain gur “mór an phribhléid í sin”.

Feiceann sí gur eisceacht é a hoideachas lán-Ghaeilge go dtí seo agus ba mhaith léi “an deis sin a thabhairt do chách Gaeilge a labhairt go laethúil gan rud eisceachtúil a dhéanamh de.”

Nuair a ceistíodh í faoi phobal na Gaeilge san ollscoil, luaigh Ní Bhriain an chúthaileacht a bhíonn ag baint leis an nGaeilge idir chainteoirí agus foglaimeoirí:

“Níor fhreastail mé ar imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh i mbliain a haon toisc go raibh mé ró-chúthail. Tá sé deacair chur isteach ar an ngrúpa sin, cé gur daoine áille iad.”

Nuair a ceistíodh í conas is féidir linn an fhadhb seo a réiteach agus duine a bhfuil cúthail a spreagadh i bpobal na Gaeilge, bhí Ní Bhriain réidh le pleananna agus smaointe:

“Ba bhreá liom imeachtaí a reáchtáil d’fhoghlaimeoirí, gnáth-imeachtaí, ionas go mbeadh níos lú brú ar an nGaeilge í féin, gur rud soisíalta í.

Níl tú ag díriú ar an nGaeilge, ionas nach bhfuil an t-eagla sin ann.”

Tá Ní Bhriain ag iarraidh normálú a dhéanamh ar an nGaeilge.

Tá aidhm aici “cúpla feachtas a chur ar bun, ní ó thaobh fhoireann na hollscoile a chur in eolas ach chun muintir na hollscoile agus na mic léinn a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt.

Bealach nach bhfuil ag brú ar an ollscoil ach chun daoine a chur i gcuimhne go bhfuil an Gaeilge ann.”

Ar a bharr sin, ba mhaith léi dul ag comhoibriú leis an Seomra Domhanda chun áiseanna a chur ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta chun “taithí a fháil ar an nGaeilge.”

Leanann sí ar aghaidh ag cur béime ar thábhacht na Gaeilge: “Is croílár ár gcultúir í.”

Ó thaobh chultúr na hÉireann de, tá an-taithí aici féin ar an gceol tradisiúnta agus an damhsa Gaelach, agus is Oifigeach Siamsaíochta do TradSoc í i mbliana.

Ar bharr sin, bhí sí ina hOifigeach Gaeilge lena craobh áitiúil de Chomhaltas Ceoilteorí Éireann, ról inar eagraigh sí feachtais agus imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge.

“Tá cultúr thar a bheith saibhir anseo in Éirinn. Tá an-nasc le feiceáil idir an Ghaeilge agus na rudaí sin.”

Tá suim aici an Ghaeilge a léiriú “mar séoid chultúrtha chomh maith” sa ról, le plean chun grúpa litríochta a chur le chéile freisin.

Dhírigh Ní Bhriain go láidir ar fhadhb na hinrochtaineachta ar an gcampas: “Má bhraitheann tú ar Sheomra na Gaeilge, níl rochtain ag cathaoireacha rothaí, níl áiseanna leithris le fáil san fhoirgneamh, agus níl sé sin ceart nó cóir.

Ba cheart go mbeadh fáil fhisiciúl ag gach mac léinn ar an nGaeilge.”

An chéad rud gur mhaith léi a dhéanamh ná athchóiriú a dhéanamh ar Sheomra na Gaeilge “ionas go mbeidh rochtain ag gach duine air.”

Níos mó ná sin, ba mhaith léi spás nua lán-Ghaeilge a cruthú ar champas: “Is é Seomra na Gaeilge an t-aon spás lán-Ghaeilge ar an gcampas agus nach bhfuil fáil ag gach duine air, níl sé sin maith go leor.”

Cé go bhfuil páirt lárnach ag an nGaeilge ina saol, tá céim matamaitice ar bun ag Ní Briain, agus dar léi, tá radharc éagsúil aici mar mhac léinn ETIM:

“níl mé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus ní féidir liom mo chéim a dhéanamh trí Ghaeilge.”

Tá léargas fadtéarmach aici maidir le cúrsanna a chur trí Ghaeilge: “Caithfidh tú a thuiscint cá bhfuil tú sa phróiseas.”

Ach ceapann sí go bhféadfaimís athruithe áirithe a thabhairt isteach ionas go mbeidh Gaeilge “úsáidte i ngach gné den saol.”

Tá sé mar aidhm aici ciorcal comhrá a bhunú do mhic léinn ETIM, agus ranganna teagaisc a chur ar fáil trí Ghaeilge do chursaí lasmuigh de Roinn na Gaeilge.

Freisin, is mian léi gluais téarmaíochta a chur le chéile do chursaí ETIM.

Míníonn Ní Bhriain an buntáiste a bheadh i gceist leis an bplean sin: “Ansin níl aon difríocht sna léachtaí ach gur feidir leo plé a dhéanamh ar an ábhar i dteanga eile.”

Ag labhairt faoi na hathruithe atá tagtha isteach i mbliana, dúirt Ní Bhriain go bhfuil “rudaí iontacha déanta ar son na reachtaíochta i mbliana.”

Labhair sí go háirithe faoi na comharthaí Gaeilge ar an gcampas: “Má bhreathnaíonn tú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 is 2021, is ceart é sin toisc gur comhlacht phoiblí í an ollscoil.”

Creideann sí go gcaithfear leanúint leis an mbrú toisc go bhfuil caighdeán dúbailte i gceist: “Ní hé gur rud deas atá déanta ag an ollscoil dúinn.

Dá bhfeicfeá comhartha le botúin i mBéarla ní ghlacfaí le sin.

Dhéanfadh duine éigin é a athrú. Ní féidir na maidí a ligean le sruth ar an ábhar sin.”

Labhair Ní Bhriain go paiseanta freisin faoi Rannóg an Aistriúcháin agus faoin obair atá déanta acu i mbliana: “Ba bhreá liom leanúint le sin dá mbeadh seans agam sa ról.

Tá taithí agam féin ar an aistrúchán agus tuigim gurb é an Oifigeach Gaeilge a bhíonn i bhfeidhm ar an rannóg sin. Bheinn lán toilteanach é sin a dhéanamh.”

Thar cheann aon rud eile, tá Ní Bhriain ag iarraidh ionadaíochta a dhéanamh ar na mic léinn.

“Ba mhaith liom a bheith ag brú ó thaobh na reachtaíochta de agus táim lán sásta é sin a dhéanamh, ach feiscint céard a theastaíonn ó na mic léinn mar gheall ar an nGaeilge; céard atá uathú, céard a mhothaíonn siad ina saolta fhéin.”

Tá dearcadh oscailte aici ar chúrsaí: “Níl ach mo thaithí féin agamsa agus táim ag iarraidh go ndéanfar ionadaíocht ar gach uile duine; más foghlaimeoir thú, más cainteoir dúchais thú, más as an nGaeltacht duit, más as an Fhrainc duit, pé rud a cheapann tú faoin nGaeilge ba chóir go ndéanfar ionadaíocht air sin in Aontas na Mac Léinn agus ba bhreá liom an deis sin a thabhairt do dhaoine.”

Ar an rud is tábhachtaí di sa ról, a dúirt Ní Bhriain: “Go bhfuil spás ann sa Ghaeilge do gach uile duine, muna bhfuil ach focal amháin agat, nó má tá tú líofa go hiomlán, tá spás ann duit agus táim ag iarraidh an spáis sin a chruthú ar an gcampas ach go háirithe, gan aon bhac fisiciúil, gan aon bhac sóisialta.

Tá spás ann agus táim ag iarraidh go mbeidh fáil ag gach duine uirthi, mar is teanga í ag deireadh an lae. Tá grá agam di, agus ba bhreá liom é sin a roinnt le daoine.”

Tosaíodh feachtasaíocht Dé Luain, an 17 de mí Feabhra.