Small Things Like These: Pictiúr d’Éire i rith thréimhse na Neachtlanna Mhaigdiléana

Déanann Ursula Ní Fhiaich léirbhreathniú ar an scannán nua a tháinig amach ag tús na míosa

Má tá tú ag lorg rud éigin éadrom nó “easy-watch” – ní hé Small Things Like These an scannán duitse. Is scannán mothúchánach, dian agus cumhachtach é a léiríonn an fhírinne de thréimhse dhorcha, náireach de stair Gaelach.

Feictear Cillian Murphy ar an scáileán mór mar Bill, fear atá ag streachailt le liostacht a shaoil laethúil agus na drochrudaí a fheiceann sé ag tarlú ina cheantar in Éirinn sa bhliain 1985. Is ceannaí guail é Bill atá ina chónaí leis a bhean chéile agus a gcúig iníon i mbaile beag ciúin; ach tá rud éigin mailíseach ag tarlú sa neachtlann atá ag na mná rialta, rud a bhfuil na daoine eile sa bhaile ag tabhairt neamhaird ar. Aimsíonn Bill é féin ag streachailt le heolas na n-imeachtaí a tharlaíonn sa neachtlann, agus troideann sé cath morálta leis féin maidir leis an rogha atá roimhe. Tá sé céasta ag cuimhní a óige agus tugann sé aghaidh ar a stair, ag an am céanna aghaidh á thabhairt ar an am i láthair.

Tá an scannán bunaithe ar an leabhar den ainm céanna le Claire Keegan, agus tar éis an leabhar a léamh, is féidir liom a rá go leanann an scannán an scéal go gruinn, agus ní raibh ach cúpla difríocht beag ann a thug mé faoi deara. É sin ráite, bhí léargas Cillian i bhfad níos cumhachtaí ná cad a bhí mé ag súil le. Léiríonn sé go sóiléir an choimhlint a bhí ar siúl i gcloigeann Bill; ar chóir dó cabhrú leis na gcailíní atá ag fulaingt faoi lámh an Eaglaise, nó ar chór dó neamhaird a thabhairt ar, mar a dhéanann na daoine eile sa cheantar? Léiríonn sé an trua, an mearbhall agus an gá chun cabhrú a mhothaíonn Bill. Cuireann a léargas le déine agus brón an scannáin, go háirithe mar gheall ar fhírinne na n-imeachtaí a tharla sa scannán a bhí ag tarlú in Éirinn ar feadh blianta.

“Is léiriú é seo ar na finnéithe a bhí ann; na ghnáthdaoine nach raibh an chumhacht nó an misneach acu athrú a dhéanamh”

Tá an t-atmaisféar dian ar feadh an scannáin ar fad; na roghanna a rinneadh maidir leis an cheol agus an soilsiú cruthaíonn mothú imní agus níl aon páirt amháin sa scannán atá éadrom nó áthasach. Nuair a chríochnaigh an scannán, chuala mé cúpla duine ag rá go raibh sé leadránach, ach dearfainn nach raibh ábhar an scannáin ar eolas acu sula ndeachaigh siad. Caithfidh mé a rá go raibh sé mall ag amanna, ach ceapaim gur chuir sin leis an scéal agus an t-atmaisféar, agus dá ngluaisadh sé ar aghaidh go tapa, ní léiróidh sé eisint an scéil go héifeachtach. 

Is léir gur ról lárnach ag na Neachtlanna Mhaigdiléana sa scannán; ach ní fhaighimid ach spléachadh beag ar na rudaí a tharla taobh istigh de na neachtlanna a bhí oscailte go dtí 1966. Cuirtear níos mó béime ar an bhealach inar cheadaigh na rudaí seo a tharla arís is arís, an bealach inar chuireadh ciúnas ar na daoine. Is é 10,000 an uimhir oifigiúil mná agus cailíní a choinníodh faoi ghlas sna neachtlanna ó 1922 go 1996, áfach ceaptear go bhfuil an uimhir ceart i bhfad níos airde ná sin. Le sin ráite, is deacair gan a bheith ag smaoineadh “cén fáth ní dhearna duine ar bith rud éigin ina haghaidh?” Ach feictear sa scannán nach raibh sé chomh éasca rud éigin a dhéanamh faoi, agus faoin deireadh an scannáin, fágtar thú ag smaoineamh faoin rogha a bhí ag na daoine ag an am, chun a dteaghlaigh a chosaint nó cabhrú leis na cailíní bochta. Is í an rogha seo atá i gcroí an scannáin, agus spreagann sé an cheist; dá mbeafeá i mbróga Bill, cad a dhéanfeá?