Tá sé éasca a rá go bhfuil an Ghaeilge ag fás is ag forbairt timpeall linn sa lá atá inniu ann. Leis an reifreann a bhí againn le déanaí chun Oifigeach na Gaeilge lánaimseartha a thoghadh, agus an gníomhaíochas atá déanta leis an bhfeachtas BÁC le Gaeilge, feictear go bhfuil todhchaí rathúil ag ár dteanga náisiúnta. Áfach, tá sé tábhachtach chun a bheith réasúnta agus a thuiscint go bhfuil mórán fós le déanamh chun suim sa Ghaeilge a choiméid beo in ár gceantair áitiúla i mBaile Átha Cliath.
Is minic a fheictear Gaeilge ar na meáin sóisialta. Úsáidtear an Ghaeilge go minic i bhfhíseáin ar TikTok agus Instagram mar teanga beo. Cruthaítear ábhar ag miniú frásaí Ghaeilge coitianta atá úsáideach gach lá i saol. Tá an taobh sin de na meáin an-thábhachtach chun suim sa Ghaeilge a spreagadh i ndaoine. Is gearrfhiseáin iad, agus cabhraíonn na cruthaitheoirí níos mó eolais a chur amach faoi conas níos mó Gaeilge taobh amuigh den corás oideachais na hÉireann a aimsiú. Cabhraíonn na meáin seo leis an meon go bhfuil an Ghaeilge bunaithe ar ár gcóras oideachais. Tá béim mór curtha ar Ghaeilge mar ábhar acadúla, ach anois ar na meáin tá dáltaí agus mic léinn in ann an Ghaeilge a fheiceáil mar teanga atá spéisiúil agus pearsanta dóibh féin.
“Ag brath ar Spotify, tá neart bealaí chun Gaeilge a aimsiú go héasca”
Ag brath ar Spotify, tá neart bealaí chun Gaeilge a aimsiú go héasca agus an chuid is mó d’iad saor in aisce. Tá na hamhráin clasaiceach as na 2010s a d’aistrigh TG Lurgan ann chomh maith le ceoltóirí cosúil le Síomha agus Clare Sands. Ach, ar ndóigh, is é an ceol is cáiliúla as Gaeilge ná ceol Kneecap! Grúpa rap as Béal Feirste atá ag éirí níos aitheanta in Éirinn agus thar lear leis a gceol dátheangach. Léiríonn ceol Ghaeilge as na amhránaithe nua-aimseartha go bhfuil sé thar a bheith éasca an Ghaeilge a bheith páirt dár gnáthshaol.
Leis an cineál cumhachtach atá ag na meáin a úsáidimid, tugann sé deis iontach don Ghaeilge chun fás i gcaoi nua-aimseartha! Anuas ar sin, tá freagracht orain an teanga a chaomhnaigh don chéad gliúin eile, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Tá an deis againn íomha nua a chruthú faoi cad é an Ghaeilge, nó cé hiad Gaeilgeoir. Leis an gceist sin, cé hiad Gaeilgeoir, tá sé níos tábhachtaí ná riamh ionadaíocht de dhaonra eile atá in a gconaí in Éirinn a dhéanamh. As mo thaithí féin agus ag labhairt ar son muintir Boisniach atá i mo cheantar áitiúla, bíonn sé deacair suim a choimeád sa Ghaeilge fiú má raibh sé d’ábhar is fearr nuair a bhí tú sa mheánscoil. Uaireanta, mothaítear nach bhfuil fíor cheart agat an teanga a úsáid i do gnáthshaol toisc nach daoine “Lán-Éireannach” muid. Tá saol difriúla againn ná atá le feiceáil sna charactair atá sa sraithphihctiúir, nó na daoine atá sna scéalta insan gcóras Ghaeilge. Ach tá rudaí ag éirí níos fearr leis an méid plé faoi stádas na Gaeilge, agus tá cultúr éagsúla le feiceáil sna cláir atá ar fáil ar TG4 agus timpeall na meáin sóisialta chomh maith!
Leis an meon sin, tagann píosa faitíos faoi cothabháil na Gaeilge idir daoine óga. As Daonáireamh na hÉireann 2022, dúradh gur chríochnaigh 50-60% de dhaoine i mBaile Átha Cliath oideachas triú leibhéal. Ar ndóigh, is staitistic iontach é sin, ach nuair a bhfuilimid ag déanamh plé ar an nGaeilge, caithfimid a bheith reasúnta. Baineann críochnú scoile le críóchnú úsáid na Gaeilge do mórán daoine. Níos mó ná sin, i ndaoine óga idir 20 agus 25 bliain d’aois, labhraíonn níos lú ná 5,500 daoine Gaeilge gach lá. I gcomparáid, as an sampla céanna dúirt thart ar 50,000 daoine nach labhraíonn siad Gaeilge ar bith lasmuigh den córas oideachais sa tír seo. Cé go feiceann na fíricí seo drámatúil, is sampla d’Éire go hiomlán é agus tá sé fós tábhachtach an teanga a mhisnigh agus í a chur chun cinn do dhaoine óga chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid ina saoil.
Bíonn sé éasca a argóint go bhfuil ganntanas eolais, agus mar thoradh easpa suime, idir daltaí meánscoile post a fháil trí meáin na Gaeilge. Ach, rinne an Voluntary Tution Programme (VTP) suirbhé anaithnid idir daltaí Ardteiste i meánscoil i mBaile Átha Cliath agus ní fíor é an meon sin. Dúirt dalta amháin: “Tá an méid de na cursaí ollscoile agus na gnéithe atáim ag smaoineamh faoi tríd Béarla… níl clú agam cá háit eolas a fháil faoi gairmeacha as Gaeilge, seachas múinteóireacht ach níl suim agam sa mhúinteoireacht.” Seachas cursaí múinteóireachta agus staidéar ar an nGaeilge, níl a lán roghanna de daltaí a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid ina bhpost tar éis an choláiste, go háirithe sna hollscoileanna i mBaile Áithe Cliath. Mar shampla, níl deiseanna ar bith timpeall an chontae cúrsa ETIM a dhéanamh trí meáin na Gaeilge!
“Go hidéalach, ba bhreá linn an rogha cúrsa ar bith a dhéanamh sa choláiste trí meáin na Gaeilge”
Leis an tóir atá ag méadú leis an teanga tríd na meáin sóisialta, ní bheadh sé aisteach ardú i suim na teanga sa shaol acadúla fiú sna deich mbliana atá amach romhainn. I láthair na huaire, tá sé orainn gairmeacha Gaeilge a chur chun cinn don chéad ghliúin eile, agus an fíric go bhfuil Gaeilge úsáideach tar éis scoile a athdhearbhaigh. Chomh maith le sin, táimid in ann brú a chur ar institiúidí éagsúla – más comhairle áitiúla nó ollscoil atá i gceist- an Ghaeilge a chur chun cinn tríd imeachtaí sóisialta agus oideachasúil, go háirithe idir daoine óga atá críochnaithe le hoideachas dara léibhéal. Má fheicimid níos mó Gaeilge timpeall ár gceantair áitiúla i mBáile Átha Cliath, mar atá an feachtais BÁC le Gaeilge ag triáil, is dócha go dtabharfadh níos mó meas agus gairmiúlacht don Gaeilge go hidirnáisiúnta.