Togadh Aoife Ní Bhriain ina hoifigeach na Gaeilge AMLCT

Fuair Ní Bhriain 58.28% den vóta

Toghadh Aoife Ní Bhriain ina Oifigeach na Gaeilge do Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (AMLCT) le 1,735 vótaí chéadrogha, 58.28% den vóta. 

Le vótaí san aireamh, fuair a céile comhraic, Niamh Leddy, 35.74% den vóta. Bhí 270 ballóidí millte. 

Bhí ceithre príomh-pointí leagtha amach ag Ní Bhriain ina feachtas: cuimsiú, inrochtaineacht, forbairt, and cultúr. Chuir sí béim ar an ngrá atá aici don Ghaeilge, agus ar a sprioc é sin a roinnt le daoine. 

Da réir an phobalbhreith a rith Nuacht na Tríonóide, bhí seans láidir aici, le 57% den vóta tuartha. Bhuaigh sí sciar mór den vóta i measc mic léinn ETIM sa phobalbhreith – is dócha toisc gur mac léinn matematice í féin. 

Ghlac Ní Bhriain buíochas le gach duine a thug tacaíocht dá feachtas, ag rá “is íontach an rud é go raibh iomaíocht ann”.

Ag labhairt le Nuacht na Tríonóide, luaigh sí “taispeánann an coicíse anuas go bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge”. 

Beidh Ní Bhriain an dara duine i ról Oifigeach na Gaeilge, ag teacht in áit Pádraig Mac Bradaigh. Tarlóidh an aistriú i rith an tsamhraidh.