Toghchánaíocht na Gaeilge: spotsolas ar Aoife Ní Bhriain agus Niamh Leddy

Cibé duine a éiríonn sa rás, is dócha go mbeidh ”bliain láidir againn”

Le toghchán Oifigeach na Gaeilge ag druidim linn, bhí seans ann ar an Déardaoin cloisteáil ó na hiarrthóirí don ról ag Toghchánaíocht na Gaeilge.

Le Pádraig Mac Brádaigh, an sealbhóir, i láthair, bhí deis ag Aoife Ní Bhriain agus Niamh Leddy a gcuid tuairimí ar an nGaeilge a phlé i seisiún dírithe i Seomra na Gaeilge a mhair níos mó ná uair an chloig.

I dtosach báire, chuir an bheirt acu béim ar an ngrá atá acu do Sheomra na Gaeilge, áit a bhfuil, le haghaidh Leddy, “cóngarach le mo chroí”. Tharraing an bheirt iarrthóirí aird ar an méid atá bainte amach ag an teanga go mbeadh beirt ag seasamh don ról i mbliana, agus go mbeadh an deis acu an seisiún a bheith rite i nGaeilge amháin.

Ina hintreoir, leag Ní Bhriain béim arís ar inrochtaineacht an tSeomra, rud atá luaite go minic aici, ag rá gur cheart go mbeadh “fáil ag gach uile mac léinn ar an gcairdeas” atá faighte aici sa spás lán-Ghaeilge sin.

Ceistithe faoin Scéim Cónaithe, áit ina bhfuil taithí ag an mbeirt, d’admhaigh Leddy “nach córas foirfe é ar chor ar bith”. Chuir sí an milleán ar an easpa tacaíochta ón gcoláiste i dtaobh na tóra a bhíonn ar na himeachtaí a eagraíonn an Scéim.

Ag freagairt ina dhiaidh, mheas Ní Bhriain gur fadhb níos mó ná fadhb na scéime atá i gceist. Dár léi, is easpa muiníne is cúis leis an drochfhreastal ar eachtraí na Scéime agus ar eachtraí na Gaeilge go ginearálta.

Bhí an beirt iarrthóirí ar aon intinn maidir leis an sprioc atá acu maidir le normalú na Gaeilge sa Scéim agus ar an gcampas ar fad, le Ní Bhriain ag iarraidh “go mbeadh an meon ann gur gnáththeanga í an Ghaeilge” fud fad na coláiste.

Nuair a ceistíodh iad ar fhadhb na gcomharthaí timpeall an choláiste, bhí an bheirt lán-sásta, i bhfocail Leddy, “stad fíorláidir” a thógáil, agus ag leanúint le hobair Mhic Bhrádaigh, dul timpeall le marcóir ag scríobh Gaeilge ar na comharthaí.

Ar an ábhar sin, d’aontaigh na hiarrthóirí gur gá daoine a spreagadh chun a gcuid cearta i dtaobh na Gaeilge a thuiscint. Gheall Leddy go gcuirfeadh sí brú ar an gcoláiste chun na háiseanna agus na deiseanna atá ar fáil trí Ghaeilge a lua go soiléir ar a suíomh.

I gceist spéisiúl, d’adhmhaigh Mac Brádaigh go bhfuil litreacha fuatha faighte aige agus é mar Oifigeach na Gaeilge, le maslaí mar: “‘You will always speak English as your main tongue” san áireamh. Ag plé conas a rachaidís i ngleic le sin, bhí Aoife réidh lena cás féin a roinnt, ag insint dó go nglaonn daoine ‘Aoife O’Brien’ uirthi go minic, rud a léiríonn an easpa meas céanna ina tuairim féin.

Bhí go leor caint faoin meas gur cheart a bheith ann ar an nGaeilge, le Ní Bhriain ag cinneadh gur hé “an rud atá uaithi ná aird”, agus Leddy ag gearán: “ní thuigeann daoine go bhfuil muid ag maireachtáil trí Ghaeilge”.

I measc sruth ceisteanna dúshlánacha faoi mhionshonraí an róil, bhí ar Ní Bhriain bheith freagrach ar a geallatanas Seomra na Gaeilge a athchóiriú, le Mac Brádaigh ag lua na deacrachtaí a bhí ag an Aontas cheana mar gheall ar na hathruithe rochtana a bhfuiltear ag dréim leis le fada. Ní raibh sí toilteanach géilleadh, ag rá go mbeadh sí “an-dian air sin leis an gcoláiste” agus go dtroidfeadh sí chun dara spás lán-Ghaeilge a chruthú pé rud a tharlóidh.

Mar fhocail scór, thug Mac Brádaigh moladh don bheirt, ag fogairt go dearfa go mbeidh “bliain láidir againn” cibé duine a éiríonn sa rás.

Le cabhair ó Emily ní Shíocháin