De réir cosúlachta, d’fhás feiceálacht an fheoilséanta agus an véigeánachais go mór ar na mallaibh, go háirithe i measc daoine óga. Cé go bhfeictear é scaití mar shuim daoine óga atá báite féna n-idéalachas fhéin, is buan an rud é i saol neart daoine, fiú mura mbeadh daoine óga iontu. Ar ndóigh, tá daoine óga ina bhfeoilséantóirí agus ina véigeáin – is feoilséantóir mé fhéin – cé nach domhain a bpócaí. Seachas sin, is minice a fheictear earraí gan feoil ins na hollmhargaí ná a chonacthas riamh, agus glactar leis an bhfeoilséanadh cé nár glacadh leis i gcónaí. Ach cad is brí leis an bhfeoilséanadh agus thú ar ollscoil, am nuair a bhíonn neart mac léinn gan pingin rua?
Ba phróiséas mall é m’iompú ar an bhfeoilséanadh ar dtús. Is cuimhin liom gur thosnaíos le linn samhraidh agus mé i m’aonar sa tigh. Thug mo thuistí cuairt ar ghaolta ar feadh trí seachtaine, agus ó ba rud é gur fágadh sa tigh mé, bhíos i gceannas ar an mbia a d’íosfainn. Bhí sé ar intinn agam triail a bhaint as an bhfeoilséanadh ar feadh seala cheana fhéin, ach thuigeas go mbeadh sé i bhfad Éireann ní b’éasca triail a bhaint as mura mbeadh orm cur ina luí ar mo thuistí fé rud a d’fhéadfadh a bheith ina thurgnamh gearrthéarmach. Níor thurgnamh gearrthéarmach é tar éis an tsaoil, ach d’fhoghlaimíos mórán fén bhfeoilséanadh agus mé á chleachtadh, fiú i ngnéithe mo shaoil nach rabhas ag súil go mbeadh athruithe de dhíth iontu.
“Ba mhinic a bhí orm mo rogha-sa a mhíniú, go háirithe ag an dtús” Cé gur éirigh na comhráite ní b’éasca, caithfear a bheith réidh an t-am ar fad chun ceisteanna atá deacair uaireanta a fhreagairt. Ar ndóigh, is í an cheist is coitianta ná canathaobh? Ceist mhaith í sin, gan amhras, ach braithfidh an comhrá a bheidh ann ar a déarfar anseo. Is é an rud a deirim ná, agus is fíor é san, gurb é an timpeallachtachas is cúis do m’fheoilséanadh. Is léir go n-astaítear i bhfad níos mó sa phróiseas a ghiníonn stéig ná sa phróiseas a ghiníonn piseánaigh, agus cé nach rud thar a bheith réasúnach é so, mothaím i bhfad níos séimhe agus an tuiscint agam nach mbím ag cur leis an uafás astaíochtaí a chaitear amach i ngníomhaíochtaí tionscalaíocha daonna. Ba bhealach simplí é chun mo choinsias a shásamh i ndáiríribh, agus théis dom é so a phlé lem’ chomh-fheoilséantóirí, ní dóigh go bhfuilim im’ aonarán ar an gcnoc so. Is minic, áfach, a shmaoinítear go mbaineann an óige leis an spontáineacht. B’fhéidir gur fíor é seo, ach nach iontach an íonróin go smaoinítear ar an bhfeoilshéanadh mar rud na n-óg. Meastar go mbíonn mic léinn ag déanamh tobchinntí, fiú amháin nach bhfuil an taithí saoil acu chun an rogha cheart a dhéanamh, ach go bhfuil an ciall riachtanach in easnamh. Déantar droch-chinntí, agus déantar go tapa iad. Ach taispeánann feoilséanadh mac léinn cinéal cúraim ar an ndomhain mórthimpeall orthu, agus an toil chun feidhmiú de réir a mbriathar. Ar ndóigh, is rogha í sin a chuireann isteach ar an spontáineacht a d’fhéadfadh a bheith agat id’ shaol, go háirithe mura mbíonn tú ag pleanáil a mbeidh tú ag ithe an t-am ar fad (mise fhéin ciontach mar a cúisíodh). Is cuimhin liom fhéin agus mé ar an mbus go dtí Oireachtas na Samhna go raibh orm cinneadh tapa a dhéanamh idir na roghanna sách easnamhach a bhí ann agus muidne sa Barack Obama Plaza. Cé gur shásaigh na huibheacha agus na sceallóga a cheannaíos mé go dtí go rabhas in ann bia níos substaintí a fháilt, taispeánann sé seo go dteastaíonn pleanáil mhaith ón bhfeoilséanadh más mian leat nach bhfágfaí im umar na haimléise thú. “Ach an fiú é san?” Déarfainn gurb ea, ach d’fhéadfaidíst a rá go bhfuilim claonta. Fiú má táim, measaimse fhéin go n-osclóidh sé rudaí úrnua duit. Mar shampla, níl an bia gan feoil chomh leadránach nó neamhbhlasta is a cheaptar, agus má tánn tú oscailte aimseoidh tú bianna nua nár shamhlaís riamh, bia ó Éirinn nó bia a thagann thar sáile araon. Lena chois sin, d’fhéadfá coinsias ar leith a fhorbairt is a fhás, idir cúrsaí timpeallachtachas agus leas na n-ainmhithe. Ach thar aon rud eile, más rud é gur cheapais gur thiontú mór ab ea é, agus go raibh sé déanta agat, léirítear go bhféadfaí rudaí móra id’ shaol a chuirfeadh as duit a athrú, más féidir agus más mian.