Ar Chúl Stáitse don Cheoldráma “Leigheas ar an nGrá ach Damhsa”

Le dhá oíche taobh thiar dóibh, labhair Stella Ní Chuilleann de Brún le foireann ceoldráma an Chumainn Ghaelaigh roimh a n-oíche dheireanach ar an stáitse.

Leigheas ar an nGrá ach Damhsa faoi lánseoil in Amharclann Players faoi thráthnóna Deardaoin, ag leanúint le traidisiún Seachtain na Gaeilge chun ceoldráma lán-Ghaelach a chur ar siúl go bliantúil. 

I mbliana, is scéal úrnua é a chum Cathal Ó Mhurchú. Leanann sé lanúin Daithí (Joe Woulfe) agus Caoimhe (Elsie Doyle) agus iad ag ullmhú dá mbainis. Áfach, tá fadhb amháin ann – níl Caoimhe in ann rince. Le linn daichead nóiméad siamsúla, téann an teaghlach uilig i ngleic leis an bhfadhb – ní gan bithiúnach nó dhó ar an tslí. 

Mar a dúradh, bíonn ceoldráma lán-Ghaeilge curtha ar siúl gach bliain ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide. Ach i mbliana, tá rud eisceachtúil i gceist: scríobh an stiúrthóir Cathal an ceol ar fad ó bhonn, le gach amhrán úrnua don seó. Is féidir é a cheistiú maidir le seo, nach bhfuil go leor oibre ag baint leis an gceoldráma cheana féin, gan ceol go hiomlán nua a chumadh? Dár leis, ba sheans iontach é an dá phaisean atá aige a chur le chéile: an ceol agus an Ghaeilge, ag rá go mbíonn “deiseanna agat sa choláiste nach mbeidh agat arís, agus caithfidh tú iad a thógáil”. 

Ag breathnú ar an seó ildánach, is léir go raibh an t-ádh ag Cathal gur aimsigh sé foireann leis an méid tallainn agus paisin seo. Ceistithe faoi phróiseas na dtrialacha, dúirt an stiúrthóir nach raibh sé deacair na daoine cearta a roghnú toisc go bhfuil “níos mó daoine le Gaeilge ar an gcampas ná a cheapfá, agus tá an tallann i saol na Gaeilge dochreidte.”

Dar ndóigh, tháinig roinnt deacrachtaí chun cinn orthu maidir le amchláir dhifriúla agus na gealltanais  eile a bhíonn ag mic léinn. D’adhmaigh Cathal go raibh cleachtadh amháin inarb é an t-aon duine i láthair – ach faoi dheireadh mhol sé an tsár-obair atá déanta ag an bhfoireann uilig. 

Labhair Anna Morris, a bhíonn go hiontach mar an t-iar-chailín diabhalta Gobnait, faoin chothromaíocht a bhí orthu baint amach idir an ceoldráma agus an gnáth-saol, ag rá go raibh sé “chill go leor” ach go raibh “tréimse ghnóthach sa choláiste” acu le cúpla seachtain anuas agus iad ag ullmhú. 

“Le guthanna agus cumas den scoth le cloisteáil agus le feiceáil, tá sé deacair a chrediúint nach bhfuil mórán taithí ar an stáitse ag an gcuid is mó den criú”

Dúirt Robyn Coughlan, a dhéanann sar-jab mar pháirt aintín Dhaithí, nach raibh aon taithí aici leis an aisteoireacht, ach go “déanann an fhoireann níos éasca é”.

Ag breathnú ar na cleachtaí, is léir an spraoi atá ag baint leis an léiriúchán, agus an slí nádúrtha ina réitíonn an fhoireann iomlán le chéile. Níl focal dian ráite ag éinne, fiú nuair atá botúin déanta sna damhsaí nó nuair a dhéantar dearmad ar líne den dhialog. Pé rud a tharlaíonn, ar an stáitse nó taobh thiar de, cuireann an fhoireann seo béim ar an gcraic agus an ceol. Deir Elsie gurb é sin bunús an tseó go díreach: “Níl sé foirfe, ach bainimid sult as, agus is é sin an rud is tábhachtaí. Ní bhíonn muid ro-dhian ar a chéile.”

Nuair a ceistíodh é ar an tábhacht a bhaineann leis an gceoldráma, chuir Cathal in iúl a spreagadh: chun taispeáin gur teanga í an Ghaeilge a úsáidtear gach lá; cé go bhfuil an ceoldráma déanta ag an gCumann Gaelach, “ní caithfidh go mbeidh an cheoldráma bunaithe ar an nGaeilge.” D’éirigh leo é seo a léiriú go soiléir – is scéal greannmhar agus beomhar í seo, pé teanga ina bhfuil sé. 

Ní féidir a shéanadh an grá don Ghaeilge atá ag an ngrúpa seo. Fiú sa phub tar éis na céad oíche, bhí chuile duine ag comhrá agus ag ceiliúradh as Gaeilge, ag athrú gan stró ó theanga go chéile. Luaigh Dearbhla Sacoman, a chuireann an lucht féachana ag gáire gach oíche mar pháirt an mamó, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge go sóisíalta; gur féidir “ardchaighdéan a bheith agat gan a bheith acadúil”.

Is dócha gurb í sin an teachtaireacht is mó atá siad ag iarradh a scaipeadh. I bhfocail Cathail: “is féidir gach rud a dhéantar trí Bhéarla a dhéanamh trí Ghaeilge”, ní hamháin an tseachtain seo, ach gach seachtain den bhliain.