Beidh an fhéile bliaintiúl Seachtain na Gaeilge á tharla timpeall an domhain sa mhí seo chugainn, ó 1ú go dtí an 17ú Márta 2025. In ainneoin na hainmneacha, maireann sé seacht lá dhéag. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an fhéile sa bhliain 1902 agus tá sé fós ag leanúint ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann. Ritheann sé ón gcéad lá sa Mhárta agus críochnaíonn sé le Lá Fhéile Pádraig gach bliain. Seo é do réamhrá ar na himeachtaí is fearr atá ag tarlú timpeall na tíre i rith na féile.
Ag tosú le ceol, tá Coirn Uí Chon Cheanainn á tharla in Ollscoil na Gaillimhe. Beidh sé ar siúl Dé Satharn 8ú Márta. Is comórtas amhránaíocht é, agus tá sé curtha ar siúl ag agus oscailte do mhic léinn triú leibhéal. Bheadh sé seo leithscéal foirfe chun cuairt a thabhairt ar Gaillimh chun críoch iontach a chur le do sheachtain léitheoireachta.
Tá Conradh na Gaeilge ag rith a lán imeachtaí le urraíocht ó Energia. Seo hiad na buaicphointí:
Tabharfaidh Pádraig Ó Héalaí leacht ar Naomh Bréanainn i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Dé Céadaoin 12ú Márta. Is léachtóir as Ollscoil na Gaillimhe é Ó Healaí agus beidh sé ag caint faoi na foinsí eolais a fháil faoi Naomh Bréanainn an tSeoltóra. Beidh an leacht ar siúl ag 6:30i.n. Tá sé saor ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré.
Tá Vintage Tea Trips ag déanamh Turas Tae Bhig i mBaile Átha Cliath as Gaeilge ar Dé Satharn 15ú Márta. Tá costas €55 ar an turas, ach is deis uathúil é chun a bheith galanta trí mheán na Gaeilge.
I mBéal Feirste, beidh Conor Torbitt, Louisa Ní Éidáin, Síomha Nic Aonghusa, Hugh Carr agus Aideen McQueen ós ár gcomhair le ‘Gaelgáirí’ ar Déardaoin 13ú Márta. Is oíche ghrinn trí Ghaeilge é seo a mbeidh ar siúl sa Beehive Bar. Tá costas cúig euro ar na ticéid le deoch saor in aisce san aíreamh. Is oíche charthanais é, leis an t-airgead ag dul go Lajee Centre agus Aclaí Palestine.
Ná déan dearmad go bhfuil pobal beo Gaeilge i dTríonóide. Feicfidh muid ceoldráma an Chumainn Ghaelaigh i seachtain a hocht. Is buaicphointe na bliana é an cheoldráma gach bhliain mar sin ná cailligí amach air ! D’imeachtaí eile agus na sonraí ar fad, lean An Cumann Gaelach, An Cumann Ceoil Traidisiúnta, An Scéim Cónaithe agus Oifigeach na Gaeilge ar na meáin sóisialta.
Muna thaitníonn na himeachtaí sin leat, tá tú ábalta do thráth na gceist féin a eagrú! Tá acmhainní ar fáil ar suímh gréasáin Conradh na Gaeilge i gcómhair do thráth na gceist féin, mar sin, is féidir leat a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge cibé áit ina bhfuil tú nó cibé leibhéal Gaeilge atá agat !
Má tá tú i do chónaí sa leabharlann, nó ag pleanáil turas le do chairde, nó fiú ag troid na gormacha tar éis seachtain na léitheoireachta, bígí páirteach sa spraoi agus craic Sheachtain na Gaeilge. Is deis deas é an fhéile seo chun ár dteanga agus cultúr a cheiliúradh! Bígí slán, bígí Gaelach.