De réir mar atá séasúr na dtoghchán tar éis bualadh linn in Aontas na Mac Léinn, is fiú athbhreithniú a dhéanamh ar an obair atá déanta go dtí seo agam féin agus súil a chaitheamh ar na blianta le teacht. Níl ach trian amháin fágtha i mo thréimhse agus dá bharr sin, ba mhaith liom mo chuid smaointe féin a chur in iúl maidir leis seo, na dúshláin a bhí agus atá fós romham sa ról, agus an meon a bhí de dhíth chun na buanna a bhaint amach. Is léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta, ach is é an rud is tábhachtaí a déarfaidh mé leis an té a thiocfaidh i mo dhiaidh ná nach leor an dul chun cinn seo, agus gurb é an bogás an baol is mó a bhaineann le bheith mar Oifigeach na Gaeilge agus buille marfach don teanga a bhfuil de chumhacht aige gach a ndearnadh go dtí seo a scriosadh.
Feictear go bhfuil meon nua i réim san Aontas maidir leis an nGaeilge i mbliana
Feictear go bhfuil meon nua i réim san Aontas maidir leis an nGaeilge i mbliana. Mar iarionadaí ranga, is cuimhin liom go mbíodh rúin a bhaineadh leis an nGaeilge sa Chomhairle an-chonspóideach gan ach cúpla bliain ó shin. Anois ritear gach rud a chuireann í chun cinn gan fadhb ar bith. Is dócha go bhfuil cúpla cúis leis sin, ach is údar mór dóchais é sin do thodhchaí an bheartais teanga i nguth na mac léinn gan amhras ar bith. Sin ráite, is dóigh liom féin gurbh é an chúis is mó leis an athrú seo nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta glacadh leis an rud is lú agus bualadh bos a thabhairt don bhéalghrá a thuilleadh. Thaispeáin reifreann na bliana seo caite gurb amhlaidh is féidir linn fíorathrú a chur i bhfeidhm ach gan eagla a bheith orainn a bheith glórach. Nuair a fógraíodh na hainmnithe le haghaidh na rásaí Sabóideacha go léir le déanaí, bhí triúr ainmnithe le haghaidh Oifigeach na Gaeilge, rud iontach a fhágann go bhfuilimid níos múscailte agus níos páirtí ná mar a bhí sna blianta a chuaigh thart.
Nuair a tháinig mé isteach mar Oifigeach na Gaeilge anuraidh agus é ina ról páirtaimseartha, ba bheag nach raibh faic againn seachas nasc go dtí an ríomhphost seachtainiúil i nGaeilge ag barr an ríomhphoist i mBéarla. Labhraítí Béarla ar Choiste na Gaeilge toisc daoine a bheith buartha go gcuirfí daoine as an áireamh, mar dhea, a d’fhág nár fheidhmigh rud ar bith go hiomlán trí Ghaeilge, fiú amháin an coiste a bhí dírithe ar a cur chun cinn. Ní raibh inti ach comharthaíocht suáilce. Sin rud a ndéanaim mo dhícheall a bheith soiléir faoi an t-am ar fad: nach ionann labhairt faoin nGaeilge as Béarla agus Gaeilge a labhairt. Is teanga í tar éis an tsaoil, agus muna mbíonn sí á labhairt, bíonn sí á mionlú dá thairbhe. Is féidir an Ghaeilge a mholadh as Béarla go ndéana Dia Diarmaid díot, ach ní dhéanann sin mórán chun éisteacht leis an teanga a normalú sa tsochaí. Is é an chomhairle atá agam do mo chomharba maidir leis seo ná gur gá an deis a thapú gan Béarla a labhairt mar ní féidir brath ar na hoifigigh eile Gaeilge a labhairt. Más eagraíocht dhátheangach muid i ndáiríre in Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, ciallaíonn sé sin nach mbeidh gach duine ábalta an Ghaeilge a thuiscint, agus tá sé sin ceart go leor. Caithfidh an meas céanna a bheith ar an dá theanga mar a deirtear sa Bhunreacht. Ní hé sin le rá nár chóir rudaí a mhíniú as Béarla nuair a theastaíonn rannpháirtíocht nó feasacht uaireanta, ach más gá an Béarla a chur léi i gcónaí, níl sa Ghaeilge ach rud breise, agus más é sin an cás, cad atá á dhéanamh againn in aon chor?
Sin é an tAontas, ach cad faoin gColáiste? Bhuel, i mbeagán focal, is cuma leo ar an iomlán. Déarfaidís nach é sin an cás, béalghrá, ach sin í an fhírinne. Tá Oifigeach Gaeilge iontach ag an gColáiste (duine sa bhreis le fostú!) a dhéanann a seacht ndícheall freastal ar mhilliún ceist agus meabhrú do rannóga éagsúla ar fud an champais go gcaithfear cloí leis an reachtaíocht:
- Caithfidh Gaeilge a bheith ar dtús agus ar a laghad chomh feiceálach céanna leis an mBéarla ar gach uile chomhartha a chuirtear in airde sa Choláiste
- Caithfidh aon duine a oibríonn sa Choláiste freagraí a thabhairt i nGaeilge nuair a fhaightear comhfhreagras i nGaeilge is cuma an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge acu
Ach iomaí uair nach n-éisteann siad léi. Bím féin ag obair léi an t-am ar fad ar cheisteanna comharthaíochta agus Gaeilge a bheith ar shuíomhanna gréasáin an Choláiste. Táimid anois ag obair leis an gClárlann Acadúil ar an tairseach My.TCD a fháil i nGaeilge, rud a bhfuil i bhfad níos mó téipe deirge roimhe ná mar a cheapfá. Is ríthábhachtach an nasc idir Oifigigh Ghaeilge an Choláiste agus an Aontais mar is láidre le chéile muid. Tá an dlí agus guth na mac léinn ar thaobh na Gaeilge feasta, agus caithfidh AML gach leas a bhaint as an móiminteam seo.
Is cinnte go leanfaidh na tionscadail seo ar aghaidh i ndiaidh dom fágáil, ach dá fhad a thógann na próisis seo is amhlaidh is lú foighne ba chóir a bheith againn agus is glóraí a chaithfimid a bheith. Sin ar fad le rá nach féidir eagla a bheith ar Oifigeach na Gaeilge roimh choimhlint, mar tá sí ar cheann de na rudaí is mó a bhaineann leis an bpost. Píosa comhairle eile do mo chomharba: úsáid a bhaint as an gCoimisinéir Teanga. Is ann dó chun cabhrú linn cearta teanga a chinntiú agus níl aon rogha ag an gColáiste ach éisteacht leis.
Is fíor go gcaitheann Oifigeach na Gaeilge réimse leathan hataí éagsúla, ach má dhéantar dearmad ar an aistear a thug muid go dtí an áit a bhfuilimid anois, déanfar dearmad ar an nGaeilge mar cheist ceart sibhialta i gColáiste na Tríonóide. Ní thig linn dul siar agus guím gach rath ar gach duine a thiocfaidh i mo dhiaidh, mar is fúthusan a bheidh an ghluaiseacht i measc na mac léinn, gach rath agus gach teip araon.
Gluais
trian- a third
bogás- complacency
buille marfach- deadly blow
iarionadaí ranga- former class rep
béalghrá- lipservice
is amhlaidh- indeed
comharthaíocht suáilce- virtue signalling
tar éis an tsaoil- after all
á mionlú- being minoritised
go ndéana Dia Diarmaid díot- until you’re blue in the face
comharba- successor
Bunreacht- Constitution
rannpháirtíocht- engagement
feasacht- awareness
coimhlint- conflict
réimse- range
gluaiseacht- movement