Má tá suim agat do chuid Gaeilge a chleachtadh níos minice, níl tú i d’aonar! Nuair a d’fhreastail mé ar an mbunscoil agus an meánscoil, bhí Gaeilge á labhairt agam gach uile lá. Ach anois, bím ag streachailt cúpla focal a rá in aghaidh na míosa. An samhradh seo, táim ag iarraidh é seo a athrú. Mar sin, conas a táimid in ann ár gcuid Gaeilge a spreagadh gan díreach Duolingo a húsáid?
Slí iontach do chuid Gaeilge a chleachtadh ná trí ‘Pop-up Gaeltacht’. Imeachtaí oscailte iad Pop-up Gaeltachtaí a spreagann an Ghaeilge in áiteanna eagsúla. Tá siad le feiceáil i gcaifí, tithe tábhairne nó aon áit eile inar féidir slua bualadh le chéile. Tá tú in ann teacht ar Pop-up Gaeltachtaí i do cheantar ar X (Twitter tráth dá raibh), Instagram nó Facebook. Níl eagraíocht amháin ann do na himeachtaí seo mar sin tá ort beagáinín taighde a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil siad ar siúl iontu. Bíonn daoine ar gach uile leibhéal ag freastal ar na imeachtaí seo, mar sin ní chóir go mbeidh aon fhaitíos ort- is í an phríomhaidhm ná an Ghaeilge a spreagadh agus a labhairt.
Má tá suim agat sa cheol, cad faoi do chuid Gaeilge a chleachtadh trí seisiún nó ceolchoirm? B’fheidir gur tusa ceann de na daoine ádhúla le ticéid chun Kneecap a fheiceáil an samhradh seo? Is deis fhoirfe í sin an Ghaeilge a labhairt sa lucht féachana, agus na liricí Gaelacha a screadaíl má tá siad agat. Freisin, tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbliana i mí Lúnasa i Loch Garman. Tá sé lán de chultúr agus craic. Is ócáid ollmhór é a spreagann an teanga trí mheán an cheoil agus bíonn rud éigin ann i gconaí le feiceáil nó le déanamh. Má tá tú ag freastal ar Electric Picnic an samhradh seo, le blianta anuas tá An Puball Gaeilge agus stáitse a chéiliúrann cultúr na hÉireann agus ár dteanga.
Níos gaire duit i do cheantar, tá oíche traidcheoil ann. Ní cinnte an rud é go mbeidh Gaeilge ag gach duine sa seisiún, ach tá traid agus Gaeilge fite fuaite le chéile, go minic bíonn cúpla focail caite timpeall, nó amhrán nó dhó as Gaeilge.
Ach munar miste leat freastail ar imeacht ar chor ar bith? Slí eile a bheidh tú in ann do chuid Gaeilge a chleachtadh, ná trí léirmheasanna beaga a scríobh. Má tá suim agat sa scannánaíocht agus sa Ghaeilge, bain tairbhe as an gcuntas Letterboxd sin s’agatsa. Muna bhfuil fonn ort do chuid Gaeilge a chleachtadh os comhair daoine eile, is bealach séimh é seo chun smaoineamh ar an nGaeilge gan eagla. Táim fhéin chun trial a baint as an smaoineamh seo tar éis breathnú ar an scannáin úafáis nua i nGaeilge ‘An Taibhse’ a bheidh ag teacht amach ag deireadh na míosa.
An bhfuil fonn ort bualadh le daoine eile agus comhrá, ach níl aon imeachtaí ar siúl i do cheantar? Tá go leor eolais ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge faoi d’imeachtaí féin a eagrú dá mbeadh suim agat ann seo. Tá cúpla leid acu faoi conas smaoineamh ar do imeachtaí féin. Tá imeachtaí beaga de nós maidin caife, agus imeachtaí níos mó mar ceolchoirm. Níl ort rud éigin ollmhór a eagrú munar miste leat áfach, is feidir leat Caint & Comhrá a chlarú. Is imeacht beag é seo i suíomh áitiúil a ligeann do dhaoine bualadh le chéile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht gan strus.
Is eispéireas chomhchoiteann do gach Gaeilgeoir chun an frása leadránach ‘Ach is teanga mharbh í an Ghaeilge’ a chloisteáil, go háirithe, ar a laghad i mo chás, agus thú ag labhairt faoi thábhacht na teanga nó faoi fhonn níos mó Gaeilge a labhairt. Agus is féidir é sin a chur isteach ar d’mhuinín nó d’inspreagadh. Is rud mór tábhachtach é labhairt agus bualadh le chéile le daoine a bhfuil an díograis chéanna acu. Ag labhairt le daoine nachmiste leo Gaeilge a labhairt, sin spreagadh ollmhór.
I ndáiríre tá go leor bealaí eagsúla do chuid Gaeilge a chleachtadh, níl thuas ach cúpla smaointí. Is céim sa treo ceart é ‘go raibh maith agat’ a rá i ndiaidh duit caife a cheannach, fiú. Chonaic mé láidreacht na gcéimeanna beaga sin cúpla lá ó shin agus mé ag obair nuair a dúirt an custaiméar “Go raibh maith agat” liom. Chuir sé meangadh gáire ar m’aghaidh agus gliondar ar mo chroí. Agus sílim gurb é sin an rud is tábhachtaí.