Tá Ospidéal na dTeidithe ar ais !

Tá TCD Paeds ar ais lena n-imeacht bliantúil Dé Sathairn 26ú Aibreáin

Tá TCD Paeds ar ais lena n-imeacht bliantúil Dé Sathairn 26ú Aibreáin. Beidh an t-imeacht ar siúl ó 9 r.n. go dtí 4 i.n. sa Halla Spóirt ar champas na Tríonóide. 

‘Sí aidhm an imeachta ná taithí leis an dtimpeallacht leighis agus gairmithe chúram sláinte a thabhairt do pháistí chun a n-eagla a laghdú agus go mbeidís níos compordaí ag fáil chúram sláinte. Is é sluán an imeachta ná “Making hospitals a little more BEARable”.

Níos mó ná sin, cuireann TCD Paeds Ospidéal na dTeidithe ar siúl chun airgead a bhailiú do Bumbleance- an tseirbhís otharchairr do pháistí. 

I mbliana, tá Tabassum Khan agus Caoimhe Harrington mar chomhordaitheoirí an imeachta. Is mic léinn leighis sa triú bhliain iad. Faigheann siad tacaíocht ó Emma Finnegan, iarchomhordaitheoir an imeachta agus cathaoirleach an chumainn TCD Paeds. 

Chláraigh Tábla agus Caoimhe  chun cabhrú leis an imeacht agus iad sa chéad bhliain. Dúirt na cailíni go raibh an taithí sin chomh maith sin gur bheartaigh siad leanúint ar aghaidh a bheith páirteach i TCD Paeds agus ansin chuir siad isteach mar chomhordaitheoirí. 

Ag labhairt leo faoi thábhacht an imeachta, dúirt Taba gur “slí dheas é chun rud a thabhairt ar ais don phobal agus cabhrú le páistí”. Dar le Caoimhe “is é seo an t-imeacht is mó sa bhliain do TCD Paeds” agus go mbíónn “atmaisféar draíochtúil ann”.

Oibríonn an imeacht ar fad ó dheonacháin agus moltóirí. “Ní fhaigheann an t-imeacht tacaíocht ón CSC ar bith” a mhínigh Taba agus Caoimhe.

Dar leo, filleann neart teaghlach ar an imeacht bliain i ndiaidh bliana agus go bhfeiceann na tuismitheoirí tábhacht agus spraoi an imeachta dá leanaí. 

Tá na ticéid don Ospidéal díolta amach cheana féin, le níos mó ná 350 ticéid díolta.

Dúirt Emma, cathaoirleach an chumainn, go bhfuil clú agus cáil tagtha ar an imeacht thar na blianta agus i mbliana, ní raibh ach mionfógraíocht le déanamh air: “Braitheann muid ar scéal scéil agus is leor é sin”. 

Ag labhairt faoi eagrúcháin an imeachta, mhínigh na chomhordaitheoirí go mbíonn staisiúin éagsúla bunaithe ar ghnéithe éagsúla den thaithí chúram sláinte- fiaclóir, dochtúir, obráidlann, altraí, fisiteiripe, agus a leithéid. Tagann cúpla páiste lena dteithithe féin chun biseach a chur orthu, ach bíonn teidithe ar fáil san ospidéal chómh maith. 

I mbliana, rinne TCD Paeds iarracht chun níos mó mac léinn a tharraingt isteach  ó chéimeanna taobh amuigh de leigheas:

“I mbliana, tá daoine againn ó leigheas, fiaclóireacht, altranas, teiripe shaothair, obair shóisialta, radaiteiripe, fisiteiripe, agus níos mó.”

Má tá tú ag iarraidh deonachán a thabhairt do Bumbleance, d’fhéadfá é a thabhairt ar an lá nó tríd an nasc seo: https://www.idonate.ie/fundraiser/TCDTeddyBearHospital2025 

Ba mhaith le TCD Paeds buíochas a ghabháil dá urraitheoirí a chinntíonn go mbíonn Ospidéal na dTeidithe ar siúl gach bhliain: Lennox, MediSec, agus MPS.

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.