Oifigeach na Gaeilge: Tá taithí agus údarás ag Pádraig Mac Brádaigh – an éireoidh a phleananna?

Mac Brádaigh: “Ta gach taobh de shaol na Gaeilge i gcoláiste feicthe agam”

Ní stráinséar é Pádraig Mac Brádaigh do chúrsaí Gaeilge sa choláiste nó cúrsaí Aontas na Mac Léinn. Mar Oifigeach na Gaeilge reatha an aontais agus cinnire an fheachtas YesGaeilgeTCD, tá sé ag tarraingt ón a thaithí leis an nGaeilge agus ag súil le bheith mar an chéad Oifigeach na Gaeilge shabóideach in Aontas na Mac Léinn Choláíste na Tríonóide (AMLCT).

“Ba chóir dúinn a bheith in ann aon ábhar a staidéar trí Ghaeilge, ní hamháin an Ghaeilge”

Díríonn cuid mhaith den feachtas ar láithreacht na Gaeilge san oideachas. Dar leis, ceann de na fadhbanna is mó ar champas na Tríonóide ná nach féidir céim a dhéanamh trí Ghaeilge, seachas an Ghaeilge í féin. “Ba chóir dúinn a bheith in ann aon ábhar a staidéar trí Ghaeilge, ní hamháin an Ghaeilge.” Deireann sé go bhuail an athrú seo mar dualgas ag an gcoláiste. “Tá dualgas ag an gcoláíste chun na cúrsaí uilig a chur ar fáil trí Ghaeilge chun tairgead an rialtais maidir le stáitseirbhísigh le Gaeilge a shroicheadh.” I 2021, leasaíodh Acht na Teanga le riachtanas nua go mbeadh Gaeilge ag ar a laghad 20% de stáitseribhísigh faoin 2030. Ceistíonn Mac Brádaigh conas go féidir linn an riachtanas sin a chur i bhfeidhm muna bhfuil cúrsaí san ollscoil ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Nuair a cheistíodh é faoin mbua le déanaí ag an bhfeachtas YesGaeilgeTCD,  a dúirt Mac Brádaigh: “bhí ar an ról páirt aimseartha troid i gcomhair aon aire, ach léiríonn an ról lán aimseartha go bhfuil aire and tacaíocht de dhíth agus tuilte ag an nGaeilge.”

Ó thaobh na himeachtaí agus eachtraí de, dúirt Mac Pádraig go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach gnáthrud a dhéanamh as labhairt na Gaeilge in aitmaisféir shóisialta. “Bhí taithí agam in áiteanna sóisialta nuair a mhothaigh daoine drochbhéasach chun an Ghaeilge a labhairt – ní ceart é sin, sí ár dteanga í.” Níos mó ná sin, luaigh sé go mbíonn a lán imeachtaí dátheangach go teicniciúil ach go réadúil ní fíor é sin – tagann Béarla isteach agus imíonn an Ghaeilge.

Ar an ábhar cumarsáide, tá Mac Brádaigh ag iarraidh brú a chur ar an Oifigeach Cumarsáide chun an lógó nua a chur i bhfeidhm i ngach áit. “Tá an seanlógó fós á úsáid chómh maith leis an seanainm House 6 in ionad Teach a Sé. Ba mhaith liom é sin a cheartú.”

Ag labhairt faoi leas sa choláiste, creideann Pádraig ba cheart go mbeadh muintir an choláiste in ann na seirbhísí sláinte agus meabharshláinte a úsáíd trí Ghaeilge. “Tá fios againn go bhfuil oibrithe sláinte sa choláiste le Ghaeilge ach ní féidir linn iad a aithint.” Dúirt sé ba cheart go mbeadh slí in a bhféadfadh muintir na hollscoile na Gaelgóirí sin a aithint sna séirbhísí sláinte. Luainn sé an Bhreatan Bheag agus Ceanada mar shampla den smaoineamh seo.

D’admhaigh Pádraig go bhfuil neart de na aidhmeanna atá aige fadtearma. “Tá cuid mhaith de na polasaithe atá agam cuspóirí fadtéarma, ní tarlóidh siad thar oíche,” a dúirt sé. “Ach mar tús, táim ag iarraidh brú a chur ar an gcoláise Oifig na Gaeilge níos mó a bheith againn agus níos mó oibrithe in Oifig na Gaeilge.” Creideann sé go mbeadh éifeacht domanó ag an athrú sin. Faoi láthair, níl ach duine amháin ag obair in Oifig na Gaeilge an choláiste.

Chómh maith leis sin, is é ceann de na aidhm láíthreach atá ag Mac Brádaigh ná na comharthaí ar champas a cheartú. “Ba mhaith liom dílseacht ón Roinn Eastát agus Áiseanna go ndéanfar ceartúcháin ar na comharthaí le Gaeilge mícheart ar champas. Tá neart samplaí timpeall an champas le litriúchán mícheart, litreacha gan fada, Gaeilge nach ndéanann ciall ar chor ar bith.” Ceanglaíonn an aidhm seo leis an méadú Oifig na Gaeilge.

Nuair a ceistíodh faoi theipeanna an Aontais go dtí seo, labhraigh Mac Brádaigh go paiseanta faoin Cumann Gaelach.

“Ba chóir go mbeadh an aontas ag déanamh a hobair féin seachas a bheith ag braith ar sochaí mac léinn”

“Gach bliain, braitheann AMLCT ar an gCumann Gaelach chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas agus í a spreagadh i measc na mhic léinn – ní ceart e sin. Ba chóir go mbeadh an aontas ag déanamh a hobair féin seachas a bheith ag braith ar sochaí mac léinn,” a dúirt Mac Brádaigh. Múineann sé go timpeallacht shóisialta í an Cumann Gaelach – “ní aistritheoirí Ghaeilge saor in aisce iad.”

Seo i an chéad bhliain ina mbeidh Oifigeach na Gaeilge mar ról shabóideach, lán aimseartha in Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Is í Coláiste na Tríonóide an dara ollscoil in Éirinn chun an ról a thrú ó post páirt aimseartha go phost lán aimseartha. B’iad Ollscoil na Gaillimhe an chéad ollscoil chun an ról shabóideach a cruthú d’Oifigeach na Gaeilge i 2022.

Osclóidh an vótáil ar Luan, 26ú Feabhra.

Tara Ní Bhroin

Is í Tara ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge Nuacht na Trionoide. Tá sí sa tríú bhliain ag déanamh staidéar ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Junior Sophister year of earning a degree in General and Children’s Nursing