“An Éigse is fearr riamh i ndáiríre”

Tharla féile bhliantúil Ghaeilge an choláiste, Éigse na Trionóide, ón 8ú go dtí an 12ú Márta. Bhí sé eagraithe ag an Chumann Ghaelach i mbliana, mar a bhíonn gach bliain, agus ghlaoigh Fiona Ní Mharráin, oifigeach teicneolaíochta an Chumainn, “an Éigse is fearr riamh dáiríre” ar imeachtaí.
Seoladh an féile ar an Luain le Croí na Gaeilge i gCearnóg na Pairliminte. Rinneadh croí ollmhór as mic léinn gléasta i léinte dearga na hÉigse, agus bhí  iománaí Chill Cheannaigh James ‘Cha’ Fitzpatrick i láthair chun súil a choimead ar chúrsaí.
Ba í buaic na seachtaine an Gig Mór sa Village ar Shráid Loch Garman oíche Céadaoin, inar sheinn Aslan le tacaíocht ó Hounds of Culann. An oiche dár gcionn, cuireadh an chéad Ball Gaelach riamh ar siúl in Óstán Russell Court. 
Bhí turas dátheangach an choláiste ar an Máirt dóibh siúd a bhfuil suim acu san ealaíon, agus thug Cisteoir Onórach an CSC, Joseph O’Gorman, turas eile timpeall an choláiste ar thráthnóna Dé hAoine. Foilsíodh eagrán speisialta de Thuathail, irisleabhair an Chumainn, ag tús na seachtaine chun an fhéile a cheiliúradh.
Ní in Éirinn amháin a labhraítear an Ghaeilge agus thug an Cumann é sin faoi dhearadh. Eagraíodh imeachtaí chun blas Gaeilge na hAlbain a thabhairt do mhic léinn na Trionóide. Thug Griogair Labhruidh “blaiseadh” ar thráthnóna Dé Céadaoin, agus bhí ceolchoirm saor “Éire agus Albain” sa Théatar Thiar níos déanaí le Labhruidh, Ronan Browne agus Louis de Paor. 
Tháinig Rith 2010, maratón náisiúnta ar son teanga agus cultúr na Gaeilge, chuig an Choláiste. Tháinig siad le chéile le chuid mhaith de cheiliúraithe na hÉigse ag Plás Lincoln chun ciliméadar de chúrsa an rása a rith.
Tháinig deireadh le hÉigse ar thráthnóna Dé hAoine an 12ú lá, ach bhí imeachtaí  ar siúl an tseachtain dár gcionn freisin, le Lá na Gaeilge, eagraithe ag an Scéim Chónaithe ar an 16ú. Bhí imeachtaí éagsúla i rith an lae, le bricfeasta agus pizza saor san áireamh, agus bhailigh na Gaelgóirí airgead i gcomhair an Student Assistance Fund.