Frances Mulraney
Staff Writer
Is maith is cuimhin liom an t-ionadh a bhí orm is mé ag seasamh os comhair chúl an leoraithe a bhí in úsáid mar stáitse ag deireadh shamhradh na bliana 1998. Ní raibh mé i mo chónaí sa tír ach le cúpla mí an t-am sin agus bhí mé fós ag dul i dtuiscint ar na cluichí Gaelacha agus an nós a bhí ag na himreoirí a lámha a leagan ar an liathróid. Cé nár thuig mé na rialacha ar fad, bhí a fhios agam go maith go raibh rud éigin speisialta ag tarlú os mo chomhair agus buaiteoirí Chorn Mhic Chárthaigh ag ceiliúradh i bpríomhchearnóg an bhaile bhig seo in Uíbh Fhailí.
An bhliain chéanna bhí an-rath ar mo chontae féin, Cill Dara, a bhain amach Cluiche Ceannais na hÉireann sa pheil ach gur chaill i gcoinne chontae dúchais mo sheantuismitheoirí, Contae na Gaillimhe. Tar éis dom na blianta a chaitheamh ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann sacair nach raibh thar moladh beirte, ba é seo an chéad dheis a bhí agam a bheith páirteach i gceiliúradh spóirt. Sul i bhfad ghlac mé le himreoirí na gcluichí seo mar laochra nua i mo shaol, is thosaigh ag tabhairt ómóis don aclaíocht agus do na scileanna a thaispeáin siad le linn dráma na himeartha.
Agus ní mise an t-aon duine a bhíonn ag breathnú ar na himreoirí seo mar fhathaigh an tsaoil chomh maith len iad a bheith ina lúthchleasaithe. Tugaimid ar fad ómós do na daoine seo a chaitheann go leor dá gcuid ama ag traenáil amuigh sa bháisteach agus ag ithe go sláintiúil agus muid féin inár suí os comhair na teilifíse cois tine le cupán tae agus cúpla briosca. Déanaimid dearmad gur gnáthdhaoine iad chomh maith agus go bhfhéadfadh siad na fadhbanna céanna a bheith acu féin is a bhíonn againn ar fad. Is mic, deartháireacha, aithreacha agus cairde iad a mbíonn gnáthdheacrachtaí an tsaoil ag cur isteach orthu chomh maith le duine.
Tá laochra spóirt áirithe sa tír seo agus tuigimid ar fad go bhfuil fadhb ar leith acu. Tá deachuimhní againn ar an an scil a bhí leithéidí George Best agus Paul McGrath ar an bpáirc sacair, cé go dtuigimid a gcoimhlint i gcoinne an alcólachais. Tugadh aird ar leith ar a gcuid fadhbanna is iad ina réalta móra sacair i Sasana agus cé nár chabhraigh sé ach an oiread go raibh scéalta á scríobh fúthu sna tablóidigh leis an saol agus a mháthair a chur ar an eolas faoina gcuid fadhbanna, ar a laghad chuir siad seo a muintir agus a gcuid cairde ar an eolas freisin.
Ní mar sin a bhíonn i gcásanna eile, faraor, agus bíonn imreoirí astu féin is iad ag streachailt lena gcuid fadhbanna, idir alcólachas, chúrsaí meabhairshláinte is chearrbhachas, agus iad ag cur an dallamullóg ar na daoine a gcasann siad leo ó lá go lá – a dteaghlaigh, a gcuid cairde agus a gcomhghleacaithe. Nuair nach mbíonn siad ag labhairt faoi na fadhbanna seo agus nuair nach dtéann siad sa tóir ar chabhair, is féidir leis na fadhbanna dul in olcais agus in olcais is gan a fhios acu féin nó ag na daoine thart orthu cén chríoch a thiocfaidh leo.
Is cróga an duine a bheartaíonn go bhfuil sé ag iarraidh seasamh amach ón slua, gan an gnáthnós a leanúint agus a admháil go bhfuil cabhair uaidh ach is é sin atá á dhéanamh ag roinnt imreoirí peile agus iomána le cúpla mí anuas. An tseachtain seo caite, seoladh suíomh idirlín nua leis an imreoir peile Uíbh Fhaileach Niall McNamee. Roinnt míonna ó shin, scríobh Niall a chéad bhlag ag admháil go raibh fadhb aige leis an gcearrbhachas, rud a chuir isteach go mór ar a shaol go dtí go raibh air dul i bhfolach ar na bainc agus ar na daoine eile a raibh fiacha acu air. Bíonn Niall ag scríobh go macánta faoin tréimhse a raibh andúil ollmhór aige sa chearrbhachas, faoi na laethanta ar chaith sé leath dá chuid pá ar na capaill, na madraí agus ag cur geallta ar thorthaí cluichí. Le linn an tréimhse is measa dá andúil dhíol sé a charr leis an airgead a thiomsú le fáil réidh leis na haisíocaíochtaí ar fad. D’fhág sé an t-airgead sin ar fad leis na geallghlacadóirí.
Bíonn McNamee ag scríobh faoin mbaint atá idir an Cumann Lúthchleas Gael agus an cearrbhachas. Cé go ndeir sé go bhfuil go leor daoine ann a d’fhéadfadh dul chuig na geallghlacadóirí, cúig euro a chur mar gheall ar chapall agus an áit a fhágáil arís, aithníonn sé go bhfuil fadhb ann i measc na n-imreoirí, is go bhfuil sí seo ina cuid de chultúr an spóirt. Dar leis, tá an cearrbhachas ar cheann de na hábhair cainte is coitianta i seomraí feistis an CLG agus tá sé deacair éalú uaidh má tá dúil agat ann.
Aithníonn sé chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir an cearrbhachas agus an t-alcól is deir go mbíodh sé ag ól le hiarracht a dhéanamh a chuid fadhbanna a chur i bhfolach ina intinn féin agus smacht a choinneáil ar a chuid mothúchán. Dhá bhliain ó shin, nuair a thuig Niall go raibh sé in am aige a admháil go raibh fadhb aige agus cabhair a lorg, d’éirigh sé as an alcól ag an am céanna, ar eagla go dtosódh andúil eile in ionad an chearrbhachais nuair nach raibh sé in ann geallta chur a thuilleadh.
Fear cróga eile a labhair amach ag deireadh na bliana seo caite is é Conor Cusack, iar-iománaí le foireann chontae Chorcaí, agus ba iad a chuid deacrachtaí leis an dúlagair agus a mheabhairshláinte féin ábhar a chuid cainte. Is iontach an dul chun cinn atá déanta aige agus an chrógacht a thaispeáin sé, cé go ngoillfeadh sé ar dhuine a bheith ag léamh faoi na mothúcháin a bhí aige agus a chuid pleananna lena lámh a chur ina bhás féin.
Déanann Conor tagairt don iomáint agus don bhaint atá idir an spórt agus a fhéiniúlacht féin. Mothaíonn sé go raibh sé ag cur béim mhíshláintiúil ar an nasc sin agus go raibh sé go ag brath ar an spórt amháin leis an bhféiniúlacht sin a thabhairt dó. Níor bhain sé an sult céanna as a bheith ag imirt go dtí gur labhair sé faoin a chuid mothúchán agus a thuig sé an fhéiniúlacht atá aige taobh amuigh de chúrsaí spóirt chomh maith. Ón am a scríobh sé a chéad bhlag, tá Conor tar éis labhairt amach go minic faoi fhadhbanna meabhairshláinte agus scríobh sé blag eile faoina ghnéasacht.
An féidir go bhfuil muid ar tí cultúr an chiúnais a athrú? Buíochas le leithéidí Néill agus Conor tá níos mó á rá faoi fhadhbanna sóisialta agus an CLG agus tá an-tóir orthu beirt le dul timpeall na tíre ag labhairt faoina a dtaithí. I mí Eanáir na bliana seo, bunaíodh clár nua idir an CLG agus an Rannóg Sláinte Poiblí le dul i ngleic le fadhb an struis. Tá an clár seo á reáchtáil mar chuid den tionscadal GAA Healthy Club a seoladh an bhliain seo caite. Eagraíodh clár sé seachtainí i gceithre chlub i ngach aon chúige faoi na bealaí gur féidir linn déileáil le strus. Agus an clár á sheoladh, labhair oifigigh an CLG faoin méadú teagmhála a tharla idir an pobal agus na hoifigí i bPáirc an Chrócaigh i ndiaidh fhoilsiú scéalta Conor agus Alan O’Mara (cúl báire Chontae an Chabháin) ach go háirithe. Is freagracht nua é seo ar an CLG agus ceann nach mbeifeá ag súil go mbeadh sé ar eagraíocht spóirt ach tá siadsan sásta a ndícheall a dhéanamh le meon sláintiúil a chothú i measc an phobail.
Cuireadh tús leis an tionscadal GAA Healthy Club i mí an Mhárta 2013 le tuilleadh cabhrach a thabhairt do chlubanna áiseanna maithe meabhairshláinte a chur ar fáil dá mbaill le cois na n-áiseanna atá ann le haghaidh gortuithe fhisiciúla. Ina measc seo tá cláir ann le déileáil le cásanna féinmharaithe. Chuir 60 club iarratas isteach ar an gclár agus roghnaíodh ocht gcinn déag dóibh siúd le páirt a ghlacadh i gcéim a haon den chlár a bheidh ar siúl go ceann dhá bhliain.
Ach tá go leor fós le déanamh. Níl ach 18 gclub ar an gclár seo faoi láthair agus tá os cionn 2,300 club sa chumann timpeall an domhain. Is céatadán fíor-bheag é seo agus tá géarghá lena fheabhsú agus leanúint ar aghaidh leis an gcaint agus leis an bplé atá tosaithe ag imreoirí cosúil leo siúd a luadh, ach go hairithe i measc daoine óga.
Cuireadh scéim nua i bhfeidhm an tseachtain seo caite in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tógadh an cinneadh go mbeidh lógó na heagraíochta Please Talk le feiceáil ar éadaí spóirt na gcumann uile san Ollscoil. Cé gur bealach é seo le taispeáint go bhfuil tacaíocht ar fáil má tá sé ag teastáil, ní bheidh sé go hiomlán éifeachtach mura n-athraíonn meon na ndaoine chomh maith.
Mar a deir Conor, tá cultúr na tíre tar éis an iomarca ama a chaitheamh ag tabhairt an teachtaireacht mhícheart do dhaoine óga in Éirinn. Bíonn meon an ghaiscígh ag teastáil ar pháirc na himeartha ó am go céile ach is ann a ba cheart é a fhágáil. Ní chaithfidh imreoirí óga a bheith ag troid agus ag dul i gcoimhlint le fadhbanna an tsaoil ina n-aonar. Buíochas leis na daoine cróga a labhair amach agus leis an tús atá curtha ag an CLG le hathrú an chultúir, tá tuiscint níos fearr againn ar fad ar na fadhbanna seo.
Beidh cuimhní maithe agam i gcónaí agus meas agam i gcónaí ar na hiománaithe iontacha a bhí ag seasamh os mo chomhair an oíche sin in eireaball an tsamhraidh agus mé óg. Tá sé in am againn anois áfach stopadh de bheith ag déanamh déithe bheaga de dhaoine agus cultúr nua a chruthú ina mbíonn chuile dhuine in ann a chuid fadhbanna a phlé.