Chomhábhair i gcomhair d’fhichidí

An t-oideas atá de dhíth chun an tréimhse seo a mhaireachtáil

D’fhéadfadh d’fichidí a bheith scanrúil, suaite, agus strusmhar. Ní rún é go mbaineann neart amanna deacra le tús an tsaoil mar dhuine fásta. Ach, ag an am céanna, bíonn a lán draíocht, spraoi agus grá le feiceáil. Chun bunús láidre a cruthú don thréimhse athraitheach, seo iad chomhábhair ba cheart go mbeadh ag gach duine le haghaidh d’fhichidí.

1. Ceamara scannán

Mar tús láidir, ceamara scannán. Cé chomh minic is a ghlacann tú pictiúr ar d’fhón? Is dócha gach uile lá. Má thagann tú ar cat ina suí ar leac na fuinneoige, an ghrian agus í ag dul faoi, nó suíomh idileach, céard a dhéanann tú? Ar ndóigh breathnaíonn tú orthu ach, tar éis é sin, glacann tú pictiúr. Mo cheamara féin, thug mo mham é dom cúpla bliain ó shin. Ba léi é agus thug sí ceann díreach mar an gcéanna do mo dheirfúir. Ba le mo dhaid é. Fuair siad an cheamara céanna sna nóchaidí nuair a bhí cónaí orthu i Milwaukee. Ó Meiriceá go hÉirinn, ó glúin go ghlúin. 

Sa lá atá inniu ann, mothaímid go léir an tarraingt chun níos mó ná leagan amháin don rud céanna a bheith againn- chur an lucht ar caipitleachas. Cén fá go gceannófaí ceamara eile nuair atá ceann ionsuite cheana féin ar do ghuthán? 

Is áis speisialta é an ceamara scannán – níl ach seans amháin agat an radharc a thógáil agus níl deis agat é a fheicáil tar éis. Is maith liom a bheith ag súil le na bpictiúirí- de gnáth bíonn an rolla scannán céanna istigh i mo cheamara ar feadh cúpla mí agus de bharr seo ní bhíonn clú dá laghad agam cén sort pictiúr atá ag teacht chugam. Chomh maith le seo, bíonn an deis agat nuair a fhaigheann tú an rolla réalta na pictiúirí a fháil priontáilte go fisiciúil. Is víb speisialta é an ceamara scannán. Is léir chun a bheith cúl agus indie, níl na film insta dumps chun iad fhéin a chruthú. Cén fáth nach gcuirfeá brat gráinneach de Kodak Gold ar do phictiúr agus díreach mar sin, is tú an duine is cúla ar marthain. Fáilte romhat. 

2. Muga cuimhneacháin

Más rud é gur thaithin an gné cumhach den ceamara scannán leat, bainfidh tú an-sult as an muga cuimhneacháin. Tagann tú abhaile agus tú tar éis lá iomlán a chaitheamh i léachtaí, i ranganna teagaisc nó sa leabharlann; tá tú tuirseach traochta agus ag lorg faoiseamh. Céard atá níos fearr ná cupán tae i do mhuga speisialta teolaí ag deireadh lá gruama? Criogair. Sin cad a cheap mé. Samhlaigh tú féin sínithe siar i do leaba agus cupán dírithe ar do chuid spéiseanna ar nós mise agus mé gafa le mo chupán yin agus yang (mar nóta, is as Urban Outfitters an cupán) atá do chaife amháin agus mo chupán cait atá do thae amháin… agus seacláid te nó dhó. In ionad súil… rithigí chun na cupáin is feiliúnacha a scioba agus leibhéal nua a chruthú de do chuid compordachas.

3. Teiripeair

Má tá tú ag suí anseo ar nós, ‘cén fáth go mbeadh teiripeair uaim, níl aon rud cearr liom?’, sin mar a bhí mé cúpla mí ó shin. Uaireanta, leis an gcoláiste agus le do shaol phearsanta, éiríonn tú an-chorraithe. Tarlaíonn sé do gach duine, agus cé chomh úsáideach is a bheadh sé más rud é go raibh duine ann chun cuidiú leat i rith na h-amanna sin? Tar éis cúpla seisiún, thosaigh mé ag mothú níos suaimhní agus mé suas na mballaí le mo chuid oibre. Chomh maith le seo, thosaigh mé ag foghlaim níos mo faoi an chuí ina smaoiním, ina oibraím agus fiú an tslí ina marachtáilim. Tuigim go gcloiseann sé seo annnnn hippy dippy agus b’fhéidir go gceapfá nach bhfuil gá leis, ach molaim duit muna bhfuil fiú seisiún amháin teiripe déanta agat i do shaol, chun dul agus an taithí sin a fháil (agus má tá sé ar fáil duit saor in aisce anseo… caithfidh a mhór a dhéanamh de).

4. Muince le stair de shaghas éigin 

Muna gcaitheann tú muince, ná bac nó faigh ceann. Mo mhuince féin, is le mo mham an siogairlín agus is le mo shean mháthair an slabhra. An siogairlín ar ná an chrios ceilteach, ar ndóigh, an stairiúil. Chomh maith le seo, is chomhcheangal é idir mo thuistí agus mo sheantuistí nach bhfuil fós linne. Coimeádann an muince iad gearr do mo chroí, gearr do mo thuistí agus gearr don gceiltis – Albain go deo.

5. Ag caoineadh ar do bhreithlá 

Níl aithne agam ar dhaoine ar bith nach bhfuil tar éis a bheith ag gol ar a mbreithlá, an bhfuil cúis le seo? Níor riamh caoinigh mé ar mo bhreithlá go dtí gur chas mé fiche. Nílim ag rá go droch lá a bhíonn ann- táim i gcónaí sona sásta ar mo bhreithlá- ach fós tosnaím ag caoineadh ag pointe éigean. É seo ráite, nílim tar éis éirigh go maith le mo breithlaethanta i mo chuid fichidí. Ar mo 20ú bhreithlá, bhí mé spíceáilte. Ar mo 21ú bhreithlá, bhí mé díreach tar éis bogadh go ceantar an-bheag san Albain gan aithne ar dhuine ar bith seachas cara amháin a bhog ann liom. Agus ar mo 22ú bhreithlá, bhí mo shaol ar fud fad na háite. Mar sin, déanann sé ciall gur thosaigh na deora ag titim, ach tar éis labhairt le mo chairde, tá an rud ceannann céanna tar éis tharlú dóibh. Dá bhrí sin, creidim go láidir sa feiniméan go mbíonn na girseach ag caoineadh ar na bhreithlaethanta a thagann le na fichidí.

6. An tarraingt aisteach chun filíocht bogtha a scríobh i d’aip nótaí 

Táimid go léir tar éis titim chomh íseal le filíocht a scríobh inár n-aip nótaí – is deasghnáth aistrithe saoil é. Má bhreathnaím ar mo nótaí chun rud éigin a breacadh síos go ghasta, feicim rudaí ar nós “manxiety”, “what if i text him and was like [eolais leasaithe]” agus mór ráiteas mo chairde ar nós “bhí dhá orlaí déag aige, ní bod ach maiseite”; ach ag an am chéana, táim buailte san aghaidh leis na ráithe ‘fileata’ atá scríofa agam féin. Clúdaíonn siad gach uile mothúchán go féidir smaoineamh ar – an brón, an sonas agus fiú an ghrean… ach go mór mór an bhrón. Ach ag deireadh an lae, nílim ag dul i dtreo Sylvia Plath nó Emily Dickinson aon am go luath. Tá siad ag dul i dtreo an bosca bruscair nó ar mo scéal príobháideacha, nó b’fhéidir an céad leagan eile do Tuathal… bígí ag faire amach.

7. Teidí

Ag labhairt ar an topaic Girlhood, mothaíonn formhór do dhaoine ina bhfichidí níos óige ná atá siad. Le sin, bogann siad ar ais i dtreo a n-óige. Mar sin, bunadh oibseisiún leis an dteidí. Liom féin, tháinig mé ar teidí beag bídeach ó mo hóige agus mé ag bogadh amach as mo sheomra sa bhaile. Ón lá sin ar aghaidh, tháinig sé gach áit liom, ag codladh thar oíche i dtithe mo chairde, ar mo laethanta saoire agus aon áit eile a théim. Tá sé fós liom. Chomh maith le seo, tá éirí na Jellycats inár n-aoisgrúpa de bharr an cúis céanna.

8. Creathadóir 

Focal nua domsa. Tar éis éisteacht le mo chairde ar fad ag labhairt faoi cé chomh maith is atá siad agus gur athraigh creachaire a saol (níor chreid mé iad), chuaigh mé ar cuardach chun ceann a fháil. I rith an chuardaigh seo, roinn mé mo smaointe le mo chairde agus ar iontas na n-iontas, fuair mo chara ceann dom don Nollaig. Tá Dia trócaireach agus máthair maith aige. Ní rachaidh mé isteach rómhion sa scéal, díreach mholfainn duit ceann a cheannach. Muna bhfuil ceann agat cheana féin, tá tú ag cailleadh amach ar go leor. 

Sin é a chairde gael, mo liosta riachtanaigh i gcomhair d’fhichidí. Tá na tuairimí seo bunaithe go géar ar taithí na bhfichidí mo chairde agus mé féin so ná tóg é ró dáiríre sin… or tóg é go dáiríre, is liosta dochreidte é…