Tá Seachtain na hÉigse buailte linn

Mairfidh an fhéile go dtí Dé hAoine, an 17ú Feabhra, agus seolfar go hoifigiúil í inniu ag a 6in i Seomra na Gaeilge

Tá Seachtain na hÉigse buailte linn inniu agus is í seo an 50ú bliain den fhéile bhliantúil seo. Baineann an focal “éigse” leis an litríocht, an fhilíocht agus leis na mbaird, agus mar sin déanfar ceiliúradh ar theanga agus cultúr na hÉireann i rith na seachtaine.

Chomh maith leis sin, olsclaíodh Seomra na Gaeilge den chéad uair riamh 10 mbliana ó shin. Mairfidh an fhéile go dtí Dé hAoine, an 17ú Feabhra.

Le linn Seachtain na hÉigse, eagraítear neart imeachtaí idir oícheanta amach, seisiúin ceoil, taispeáintais scannáin, agus i bhfad níos mó. Tá fáilte roimh dhaoine ar aon leibhéal Gaeilge ag na himeachtaí.

Is comhoibriú í an fhéile idir Oifigeach na Gaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn, Roinn na Gaeilge, agus an Cumann Gaelach. Seolfar go hoifigiúil í inniu ag 6in i Seomra na Gaeilge.

Maidin inniu ag a 10rn, beidh bróinse de chuid Trinity Arts Festival (TAF) i nGáirdín na Rós. Ag 12.30in, beidh plé painéal ar siúl faoi dheiseanna intéirneachta samhraidh sa Scoil Ghnó. 

Amárach, beidh rang spin ar siúl san Ionad Spóirt ag 7.30in, aifreann Caitliceach trí Ghaeilge sa séipéal ag 1.05in, turas timpeall an ghailearaí náisiúnta ag 2in, agus taispeántas scannáin Róise & Frank ag a  san amharclann Maxwell.

Dé Chéadaoin, beidh Pop Up Gaeltacht agus maidin chaifé i Seomra na Gaeilge ag a 10:30, agus Lón na hÉigse ag 1in san áit chéanna. Beidh urnaí na nóna de chuid Eaglais na hÉireann sa séipéal ag a 6.30in. Oíche lán le ceol, filíocht, agus scéalaíocht is ea Cúirt Éigse, a bheidh ar siúl san Atrium ag 7in. 

Dé Déardaoin, beidh turas ar champas ag tosnú ag 10rn ag an Campanile, léacht Roinn na Gaeilge le Dr. Pádraig Ó Laighin ag 1in i Seomra na Gaeilge, agus Oíche na Mic Léinn ag Club Conradh ar Shráid Fhearchair.

Dé hAoine, beidh Bricfeásta na hÉigse ag 10rn, plé painéal dátheangach “Standing Up for Language Rights ó Thuaidh agus ó Theas” ag 2in sa Graduate Memorial Building (GMB), agus ag an deireadh ar fad, Pop Up Gaeltacht a teach tábhairne Pavillion.

Dar le hEoin Mac Cárthaigh, Ceannasaí Roinn na Gaeilge agus léachtóir sa Nua-Ghaeilge, “Is deas a fheiceáil go bhfuil Éigse na Tríonóide, príomhfhéile na Gaeilge sa Choláiste, ar an bhfód le leathchéad bliain. Agus is léir ón gclár i mbliana gur ag dul o neart go neart atá sí.”

“Táim ag súil go mór leis an tseachtain. Den chéad uair beidh Léacht Roinn na Gaeilge ann i mbliana – dlúthchuid den Éigse as seo amach, tá súil againn. Déardaoin ag 1pm i Seomra na Gaeilge tabharfaidh an Dr Pádraig Ó Laighin caint dar teideal “Ról na Gaeilge i mbunú náisiúnstát na hÉireann”. Fáilte roimh chách.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar na leathanaigh instagram de chuid Oifigeach na Gaeilge agus Roinn na Gaeilge, @tcdsu_oifigeach agus @gaeloifigtcd.

Athraíodh an t-alt seo chun ráiteas ó Roinn na Gaeilge a chur isteach.