Ghlac Aontas na Mac Léinn Coláiste na Trionóide (AMLCT) leis an rún chun reifreann a chur ar siúl chun ról sabóideach a dhéanamh d’Oifigeach na Gaeilge.
Thabharfadh an reifreann seo stádas oifigiúil don Ghaeilge i mbunracht an aontais chomh maith.
Rachaidh an reifreann ar aghaidh má tugann an Comhairle Caipitíochta cead leasú bunreachtúil a dhéanamh i gcruinniú a bheidh ar siúl ar 29ú Samhain.
D’admhaigh an rún go mbeadh “ardú bheag ar an dtobhach mic léinn de dhíth chun íoc as oifigeach shabóideach nua”.
Mhol Fóram an Aontais an rún agus chuidigh László Molnárfi, Uachtarán AMLCT, leis an tairiscint.
D’admhaigh an rún gur cruthaíodh Oifigeach na Gaeilge “chun guth agus ionadaíocht a thabhairt do fhadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge san aontas, agus go bhfuil aidhm ag an aontas chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar teanga laethúil.”
Tá fonn ar AMLCT “láithreacht na Gaeilge a ardú san aontas agus sa choláiste” agus “cearta sibhialta a thabhairt do Ghaeilgóirí agus níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, a úsáid, agus a mhaireachtáil tríd”.
D’admhaigh an rún go bhfuair siad spreagadh ó Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) toisc go ndearna siad Oifigeach na Gaeilge lán-aimseartha “chun cearta teanga a chosaint agus forbairt sóisialta agus oideachais a spreagadh i measc mic léinn triú leibhéal”.
Dúirt sé go bhfuil “post Oifigeach na Gaeilge ilghnéitheach, a bhaineann le haistriúcháin, brú a chur ar an aontas chun treoirlínte Ghaeilge an rialtais a leanúint, agus bealaí nua a cruthú chun láithreacht na Gaeilge a ardú san aontas”.
Níos mó ná sin, dúradh go dtugann “an liosta faide de fragrachtaí atá ag Oifigeach na Gaeilge agus fasach ó aontais na mac léinn eile sa Stáít gá don phost a bheith mar post shabóideach”.
Ag labhairt ar son an rúin, dúirt Oifigeach na Gaeilge AMLCT Pádraig Mac Brádaigh: “Tháinig an rún atá romhainn inniu ó tionscnamh agus fasach ag aontas na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn a chruthaigh post lánaimseartha d’oifigeach na Gaeilge”
“Tugann an rún seo deis iontach do reifreann a eagrú chun Oifigeach na Gaeilge a athrú go post shabóideach, agus chun stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge i mbunreacht an aontais, rud atá in easnamh faoi láthair”, a dúirt sé.
“Ní bheadh an am nó na hachmhainní ag aon Oifigeach na Gaeilge páírtaimseartha riamh chun dul i ngleic leis na haistriúcháin, cruinnithe, obair chás, agus brústoicaireacht a bhaineann leis an bpost”.
Ag labhairt i bhfábhar an rúin, dúirt Molnárfi, “mar mac léin idirnáisiúnta”, gur mhaith leis níos mó deiseanna chun dul i dteagmháil leis an nGaeilge: “Bheartaigh mé chun taisteal go hÉirinn, bhí fios agam go raibh an Ghaeilge mar an teanga dhúchais”.
“Nuair a thugann tú tacaíocht don Ghaeilge, tugann tú níos mó deiseanna do mhic léinn idirnáisiúnta chun nasc a chruthú leis an dteanga,” a dúirt sé.
Nuair a d’éirigh leis an rúin, dúirt Mac Brádaigh gur “deis stairiúil” é seo, agus “bomaite thar a bheith tábhachtach do chearta sibhialta na Gaeilge”.
“Tá stair coilíneach ag Coláiste na Tríonóide, agus chun vóta a chaitheamh ar son an reifrinn, léiríonn é sin go bhfuil forbairt mhór soisialta le feiceáil i bpubal na hÉireann ó thaobh na teanga de,” a dúirt sé.
Duirt Oifigeach na Gaeilge an Choláiste, Áine ní Shúilleabhán, gur “toradh agus treoir dearfach” é seo don aontas.
“Cabhróidh an toradh seo le forbairt na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus ollscoileanna eile,” a dúirt sí.