Stair agus Stádas na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Nuair a bhunaíodh Coláiste na Trionóide, ní raibh meas ag pobal an choláiste ar an nGaeilge. Ach an é sin fós fíor sa lá atá inniú ann?

Ní cheapfaí go mbeadh ‘The College of the Holy and Undivided Trinity of Queen Elizabeth near Dublin’ ina hollscoil fhabhrach don Ghaeilge i dtosach, ach is fíor é an ráiteas seo sa lá atá inniu ann. Lá i ndiaidh lae, cloisimid níos mó Gaeilge ar champas agus feicimid níos mó tacaíochta ag teacht ar son na Gaeilge. Ach níorbh é sin an cás i gcónaí. Conas a mhothaigh an pobal faoin nGaeilge sa stair? An labhraíodh Gaeilge ar an gcampas, fiú? 

“D’fhéadfá a rá gur bunaíodh an Coláiste chun Galldú na hÉireann a chur chun cinn ag an am”

Ó 1592, chonacthas Coláiste na Tríonóide mar shiombail den choilíneachas agus aichmeachas atá ann ar fud na tíre, agus deirtear go raibh an caidreamh a bhí ag an gColáiste leis an nGaeilge mar phríomhchúis taobh thiar den ráiteas nach mbeadh Coláíste na Trionóide mar ollscoil fhabhrach don Ghaeilge. Mar sin, ní hábhar mór iontais dúinn nach raibh gnáthról ag an nGaeilge i gcuraclam an choláiste go dtí le gairid. Tá an Coláiste in ann a phobal Gaeilge beomhar a cheiliúradh anois, ach ní raibh an t-atmaisféar seo thart i gcónaí. Tá stair an-suimiúil ann faoi na hiarrachtaí atá déanta ag daoine chun labhairt agus foghlaim na Gaeilge a spreagadh ar fud  an choláiste.

Chun stair na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide a insint, caithfidh muid labhairt ar na cuigiú agus séú Propaist i dtosach – is iad William Bedell agus Robert Ussher na fir atá i gceist. Ba mhinistir Anglacánach é Bedell. Rinne sé staidéar in Ollscoil Cambridge agus b’in an áit a raibh sé ag obair sula raibh sé ina Phropast. Toghadh  mar Phropast na Tríonóide é sa bhliain 1627. Le súile nua-aimseartha, chuir sé ina héadan mar gheall ar a chuid tuairimí – mar shampla, d’aontaigh sé leis an Reifirméisean in Éirinn (gluaiseacht a chabhraigh le Galldú na hÉireann), ach fós féin d’oibrigh sé i gColáiste na Tríonóide ar son na Gaeilge. Bhí sé ag iarraidh níos mó Éireannaigh a tharraingt isteach san Eaglais Anglacánach agus de bharr na méine seo, is é a éacht is suntasaí mar Phropast ná cead Gaeilge a labhairt sa séipéal ar an gcampas. Chomh maith leis sin, choimisiúnaigh sé an príomhaistriúchán Gaeilge ar an mBíobla Naofa. Gan dabht, feictear William Bedell mar an chéad Phropast i gColáiste na Tríonóide a raibh suim agus meas aige don Ghaeilge. Leag sé bunchloch do Ghaeilgeoirí a d’fhreastal ar an gColáiste, duine acu siúd ab ea James Ussher (col ceathrair Robert Ussher a bhí mar shéú Propast na Tríonóide).

Thosaigh James Ussher ag staidéar sa Choláiste nuair  nach raibh  sé ach trí bliana déag d’aois, agus bhain sé a chéim amach nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois. Ag an am sin, níor as an ngnáth a bhí a chás- d’fhreastail a lán deagóirí óga ar Choláiste na Tríonóide. Fós, gairm iontach a bhí aige, agus dúradh gur ‘bunaitheoir staireagrafaíochta’ é mar gheall ar an obair a rinne sé ar stair na Críostaíochta in Éirinn. Ba í Gaeilge an teanga a bhí ar na seantéacsanna a ndearna sé staidéar orthu, agus mar sin is léir go raibh leibhéal ard don teanga aige. Ba iad clann Ussher teaghlach le meon polaitíochta éagsúla – d’aontaigh máthair James go huile is go hiomlán le Galldú na hEireann, ach ag an am céanna, bhí Gaeilgeoirí sa chlann a bhí náisiúnach. Inniu, feicimid blas de stair na Gaeilge ar champas na Tríonóide os ár gcomhair leis an leabharlann Ussher atá ainmnithe in ónóir na clainne.

Bunaíodh Cathaoirleach na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1840. Ach níorbh é sin an chéad fheachtas chun cathaoirleach a chruthú- céad bliain roimhe, rinne Henry Flood, polaiteoir as Cill Chainnigh, iarracht an ról a bhunú. Ba é Thomas de Verre Coneys an chéad chathaoirleach, agus d’éirigh leis thar barr sa phost. Ach, ní raibh suim mhór ag daltaí na hollscoile sa Ghaeilge, agus bhí caidreamh míshocair ann idir na muinteoirí Gaeilge agus na hoibrithe eile – ceapadh na Gaeilgeoirí mar coimhthíoch mí-acadúil. Dhírigh na léinn Ghaeilge sa choláiste i rith an ama seo ar léamh an Bhíobla as Gaeilge- go háirithe an Tiomna Nua. Ní raibh aon staidéar déanta ar litríocht Ghaeilge na hÉireann, mar shampla An Táin, agus is fáth amháin é sin nach raibh an Ghaeilge mar chúrsa móréilimh i gColáiste na Tríonóide.

Nuair a labhraíomar faoin nGaeilge sa Choláiste, caithfidh muid  onóir a thabhairt do Dhubhghlas de hÍde. Sula raibh sé mar Uachtarán na hÉireann, ba dhalta litríochta é. Chomh maith leis sin, rinne sé staidéar ar theangacha – an Ghaeilge, an Fhraincis, an Laidin agus an Eabhrais. Is léir go raibh rannphairtíocht beo ag Hyde sa choláiste agus feictear é sin trína nasc leis an gcumann mac léinn, Hist. In 1893, cúpla bliain tar éis a chéim a chríochnú, bhunaigh sé Conradh na Gaeilge. Is léir gur Gaeilgeoir iontach agus cáilúil é Hyde, ach níor toghadh mar Chathaoirleach na Gaeilge i dTrionóid é mar gheall ar a ghníomhaíochas polaitíochta le hAthbheochan na Gaeilge. In ionad Hyde, toghadh Tomás Ó Raithile i 1919, agus feictear an dáta seo mar tús nua do Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Leasaigh sé curaclam na Gaeilge- chuir sé níos mó béime ar litríocht na teanga agus faoi dheireadh bhí foghlaim na Gaeilge cosúil le foghlaim na dteangacha eile sa Choláiste.

Cé go bhfuil stádas speisialta ag an nGaeilge ar an gcampas le beagnach céad bliain anuas, ní hionann sin go mbeadh meas ag pobal na hollscoile uirthi”

Chun tuiscint a fháil faoi stádas na Gaeilge i rith an fichiú haois, caithfidh muid súil a chur ar Chartlann Nuacht na Tríonóide. I Meitheamh 1956, scríobhadh alt dar teideal “Gaels Gulled” ag insint scéil faoi stádas na Gaeilge sa choláiste. Cuireadh dráma as Gaeilge ón gCumann Gaelach ar stáitse ar mhaithe le carthanachachtaí áitiúla, ach chuir grúpa de mhic léinn óga as Sasana (a thug “the Cromwellian Club” orthu féin) isteach ar an léiriú agus rinne siad slad. Scread siad rudaí cosúil le “Rule Britannia” agus “God save the Queen”. Dúirt siad nach raibh aon fáth náisiúnach acu leis an racht seo,  agus ní raibh siad i mórán trioblóide. Cé go bhfuil stádas speisialta ag an nGaeilge ar an gcampas le beagnach céad bliain anuas, ní hionann sin go mbeadh meas ag pobal na hollscoile uirthi.

Sa lá atá inniu ann, tá stádas na Gaeilge i bhfad níos cosanta seasmhaí i gColáiste na Tríonóide. D’fhéadfá a rá gur tháinig an fhorbairt mar gheall ar an obair atá déanta ag an gCumann Gaelach agus Roinn na Gaeilge sa Choláiste. Anois, bíonn Gaeilge le cloisteáil i ngach cúinne den champas, agus tá suim mhór ag pobal an choláiste sa Ghaeilge. Bualann muintir na Gaeilge le chéile gach seachtain chun taitneamh a bhaint as Té agus Plé, Anraith agus Arán,  Píotsa agus Pionta, srl. Ach fós tá easpa áiseanna agus seirbhísí ar fáil as Gaeilge, mar shampla comhairleoireacht an Choláiste, agus níl Oifigeach na Gaeilge lánaimseartha in Aontas na Mac Léinn. Deirtear nach bhfuil airgead nó éileamh chun na háiseanna sin a chur chun cinn, ach b’fhéidir go léiríonn sé seo go bhfuil Aontas na Mac Léinn nó Coláiste na Tríonóide mar institúid ag tarraingt a gchosa maidir le haitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar theanga dhúchais na tíre. Tá stair fhada ag an nGaeilge i gColáiste na Trionóide agus gan dabht beidh an chéad chúpla bliain eile an-suimiúil di. Céard atá chun athrú ó thaobh na Gaeilge de? Fanaimis go bhfeicfimid.