Tuairisc ar Oireachtas na Samhna 2023

Thaistil an Cumann Gaelach chuig an féile bliantiúil is mó i bpobal na Gaeilge, a bhí ar siúl i gCill Áirne i mbliana.

Tá fios ag chuile duine go bhfuil an tOireachtas buacphointe na bliana do phobal na Gaeilge. Is deis é dúinne, na cainteoirí Gaelacha ar fad, chun ár gcultúr agus ár dteanga a chéiliúradh. Tá sé chomh tábhachtach dúinn chun an traidisiúin bhliantúil a choiméad beo agus é a leannúint ar aghaidh do thodhchaí na Gaeilge. Is léir go bhfuil an tOireachtas ag fás gach bliain, níl aon dabht faoi sin.  Ní thuigeann muid an réim. Ní thugann muid faoi deara cé chomh mór is atá sé agus an méid imeachtaí atá ar fáil le linn na seachtaine ar fad. San alt seo, rachaidh mé tríd an taithí agus craic a mbíonn lárnach ag an gcéiliúradh iontach seo. 

Ar dtús báire, tá stair an Oireachtais an-tábhachtach maidir le stádas na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Bhunaíodh an féile chultúrtha seo in 1897 i Rotunda, i mBaile Átha Cliath. Tugtar ardán d’ealaíona agus comórtais traidisiúnta. Is féile cultúrtha é an Oireachtas. Is é an aidhm atá i gceist leis an bhféile ná gach páirt den cultúr Gaelach a cheiliúradh – ó cheol go damhsa, ó stair go gnó, ón teanga go cairdeas. Bíonn Oireachtas na Samhna ar siúl tar éis Oíche Shamhna ar feadh seachtaine.

Cuireadh tús leis an bhféile ar 17ú Bealtaine sa bhliain 1897. Ag an gcéad cruinniú, níor fhreastail ach 1000 duine ar an bhféile leathlae sin. Chum an scríbhneoir Annie W. Patterson an slógamhrán ‘Go mairidh ár nGaedhlig slán’ don ócáid. Leis an aidhm, ráiteas tábhachtach beidh ár dteanga beo go deo ón bpointe seo, ionas go mbeidh muid páirteach in athbheochan na teanga. 

Mar a dúirt Seán Ó Muimhneacháin, Iar-Uachtarán an Oireachtais, ‘Tá dóchas i mo chroí i leith na teanga agus an chultúr.’ Bíonn gach gné den chultúr i réim ann. An teanga, an ceol, an rince, an amhránaíocht, na hagallaimh, díospóireacht fiú. Bíonn rudaí ann do gach duine mar uaire spreagúil don dream óg agus gliúine na todhchaí. In agallamh san ‘Irish Examiner’ 2017, tugann rannpháirtíocht na daoine óga san Oireachtas dóchas do thodhchaí na hócáide agus na teanga – “tá sé tar éis fás ina imeacht chomh mór sin agus tá an oiread sin béime ar an óige.” Mar a deirtear , ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí.’ Is fíor an seanfhocal sin gan dabht.  

Tá an féile ag fás is ag forbairt chuile bhliain, a deir stiúrthóir an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha le Tuairisc. Chomh maith leis sin, arsa Máirín go bhfuil “ardú suntasach ar líon na n-iomaitheoirí i mbliana”. Léiríonn sé sin go bhfuil an Ghaeilge i mbláth. Tar éis sos beag ó 1924 go 1938 le meath ar feadh cúpla bliain, bhog an tOireachtas amach as an nGalltacht agus go dtí an Gaeltacht i 1970. Ó shin ar aghaidh, bíonn an tOireachtas ag bogadh láthair ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart, ach le suíomh sheasta i gCill Áirne den chuid is mó. 

Mar is gnáth, ar ndóigh, is iad na comórtais amhránaíochta agus rince ar an sean-nós mórimeachtaí na féile. Tugann siad deis do lucht dúchasach ón Gaeltacht a dtallainne go léir a thaispeáint. Tá sé cosúil le Fleadh Cheoil na hÉireann ach do phobal na Gaeilge. Taispeántar an dílseacht don Oireachtas a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin.  Tá páirt iontach tábhachtach dúinn don chaomhnú an chultúir Ghaelaigh, thar aon ní eile ná an teanga. 

“Gan amhras, tá ról lárnach agus tábhachtach ag an saol sóisialta san fhéile”

Gach am a shroichim abhaile tar éis an Oireachtais, bím lán le bród agus inspioráid ach le póit ollmhór freisin. Sroichimid an áit go luath tar éis sos beag san áit is fearr Obama Plaza chun Supermacs riachtanach a fháil. Ag tosú le phléasc, bíonn Oíche na Mac Léinn ar siúl ar an Aoine. Bíonn comórtas feistis ar siúl nuair a phiocann na hollscoileanna téama éagsúla agus gléastaíonn siad maidir leis an dtéama. I mbliana, bhí ‘Shrek’ mar téama ag Coláiste na Trionóide agus gan iontas, bhuaigh muid an comórtas. Is rún é an téama roimh an ócáid agus mar sin, ní bhíonn fios ag na hollscoileanna céard a mbeidh lucht an fhreasúra ag gléasadh mar. Bíonn an bua tuillte againne i gcónaí leis an iarracht a chuireann muid isteach. Chuir roinnt baill den chumann péint glas ar a gcoirp. Ghearr ár leas-reachtaire a cuid gruaige ar son na cúise. Shiúileamar tríd pobal Chiarraí mar Shrek. Nach bhfuil sin obair crua agus díograiseach? Ansin, bhain muid an-taitneamh as na gceoltóirí éagsúla, cosúil le Oisín Mac le “Airgead, Airgead” agus “Hip Hop Gaelach” – na haintiún do na chumainn Ghaelaigh ar fad, ar ndóigh. Ansin, thóg Bandia an stáitse chun ár gcluasa a bheannú. Chríoch Grooveline an oíche le seó iontach agus ceol thar barr fiú le “mosh pit” sa lár! Ní cheapfá go mbeadh ceol traidisiúnta á sheinnt le sacasfón, armónach, dordghiotár, drumaí agus giotár leictreach! Ansin, bíonn an oíche Satharn níos suaimhní leis na gcéilithe móra agus an ceol Gaelach. An ceann is fearr riamh do chách (agus is dócha an t-aon ceann a bhfuil na liricí ar eolas ag gach duine) ná ‘Oró Sé Do Bheatha Abhaile’. Ansin, an maidin dár gcionn, téimid ar ár tslí abhaile go dtí an fíorshaol agus freagrachtaí. 

Bhí an t-ádh liom agallamh a dhéanamh leis an íocón Barry Ó Siochrú – an chéad Oifigeach na Gaeilge lán-aimseartha in aon aontas na mac léinn in Éirinn.  B’inspoiráid ollmhór é do Choláiste na Trionóide lenár bhfeachtas féin do Oifigeach na Gaeilge lán-aimseartha in Aontas na Mac Léinn. Is saol go hiomlán difriúil é anseo ag an Oireachtas agus daoine nurb as an nGaeltacht dóibh. Tá sé beagáinín cosúil leis na gcúrsaí samhraidh do dhaoine fásta. Is pobal ollmhór atá ann do chách. Ag a chéad cuairt ar an Oireachtas, thuig Barry an freagra don cheist eiseach atá ag go leor dúinne -“Cén fáth go bhfuil mé chomh paiseanta faoin Gaeilge?”. Chonaic sé pobal na Gaeilge ag teacht le chéile ar son na teanga agus thuig sé fad is atá muid ag úsáid ár dteanga, beidh pobal fáilteach, cairdiúil, agus beo ann do chách. Níor thug sé faoi deara an méid daoine a bhí i bpobal na Gaeilge ar leith. Freastalaíonn réimse leathan ar an bhféile – ó dhaltaí bunscoile agus meánscoile go mic léinn na hollscoile, agus ansin daoine fásta óna gcathracha nó ar chúl éaga. Gach glúinn i láthair san áit céanna. “Bhraith mé is compordaí nuair a bhí mé i measc daoine a bhí ar an meon céanna liomsa. Mhothaigh mé go hiomlán mé féin.” D’aontaigh mé le Barry nuair a dúirt sé é sin. Is rud a chuireann gliondar i mo chroí nuair a fheicim na sluaite ag an Oireachtas agus mothaím mar páirt do chlann ollmhór. Nach bhfuil an t-ádh linne?

“Ar an drochuair, ní bhíonn aon deiseanna chun an teanga a thacú sa mhéanscoil taobh amuigh den seomra ranga”

Bíonn meon ansin go bhfuil an Ghaeilge “marbh” i measc na ndáltaí. Ba chóir go n-athróidh rud chun iad a spreagadh. Cén fáth nach bhfuil an tOireachtas cosúil leis an turas go dtí an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta gach bhliain? Tá na heagraíochtaí go léir ag obair leis na meánscoilenna ar fud na tíre ach níl an rogha sin go fóill ar dhéagóirí chun dul agus an Ghaeilge a bhaint taitneamh as is a chéiliúradh as an seomra ranga.  Níor chuala mé féin faoin oireachtas go dtí anuraidh agus mé san ollscoil. Tá an t-ádh linn chun a bheith anseo agus an teanga a labhairt gan srian. Tuigeann muid go léir an craic agus an sult a bhaineann leis an deireadh seachtaine.

Is é seo ócáid na bliana dúinn. Ní creideann daoine go mbíonn muid ag dul chuig an féile seo chun an Ghaeilge a labhairt go deonach. Ba choir go mbeadh an Ghaeilge mar seo i gcónaí. An pobal Ghaeilge atá inár gcroíthe go láidir agus go deo. Is é an pobal seo an cheann is fáiltiúla agus cairdiúla. Táimid go léir ar an misean le chéile, agus beidh muid fad is atá muid beo.