I gColáiste na Tríonóide, ní bhíonn an ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán a dteanga féin. Mar a chéile, ní bhíonn an deis ag mórán sa Choláiste, atá ag iarraidh foghlaim agus a bheith rannpháirteach i saol na Gaeilge, amhlaidh a dhéanamh. Iarrfar ar mhic léinn Choláiste na Tríonóide vóta a chaitheamh i reifreann i dtaobh stádas na Gaeilge i dTríonóid. Is deis stairiúil agus thar a bheith tábhachtach atá sa reifreann seo do mhic léinn na Tríonóide an Ghaeilge a ghlacadh chucu féin agus Tá a rá ar son theanga bhundúchachasach na hÉireann. Dhéanfadh vóta Tá láithreacht na Gaeilge a mhéadú go suntasach i saol na mac léinn.
Chuimseodh na forálacha seo comhstádas don Ghaeilge i mbunreacht AMCLT (Aontas na Mac Léinn), rud ba chóir a bheith aici cheana féin; Oifigeach na Gaeilge lánaimseartha chun dul i ngleic le curaimí ilghnéitheach an róil agus maoiniú nua do thionscnaimh Ghaeilge do LCC, d’Aontas Spóirt na Tríonóide agus d’Fhoilseacháin na Tríonóide. Is gá seribhísí agus áiseanna trí Ghaeilge a láidriú agus a dhéanamh níos so-aimsithe le freastal ar na leibhéil chumais Ghaeilge éagsúla sa Choláiste idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí úrnua.
Mar Oifigeach Gaeilge reatha an Aontais, tá a fhios agam go gcaithfidh an ról seo a bheith lánaimseartha. Clúdaíonn freagrachtaí an phoist réimse an-leathan lena n-áirítear oideachas, cumarsáid, leas, cásobair, aistriú agus beartas teanga, agus iad go léir fite fuaite le chéile sa ról. Ní bheidh an t-am ná na hacmhainní ag Oifigeach Gaeilge páirtaimseartha ar bith chun an post a dhéanamh mar is ceart agus tá an iliomad rudaí ab fhéidir agus ba chóir a dhéanamh. Má tá a meas ceart le bheith ar an nGaeilge, caithfidh sí a bheith i ngach áit idir Bhál na Tríonóide agus Blackboard agus an Chlárlann Acadúil. Teastaíonn uaireanta iomadúla de hiarrachtaí seasmhacha ó na spriocanna seo nach féidir le haon duine ach oifigeach lánaimseartha a chaitheamh. Tá AMLÉ agus Ollscoil na Gaillimhe tar éis an cinneadh seo a dhéanamh cheana chun ról an Oifigigh Ghaeilge a dhéanamh lánaimseartha. Ní caitheamh aimsire Gaeilgeoireacht–ach meán beatha agus fuinneog trínar féidir an domhan a fheiceáil agus a bhrath.
Tá pobal Gaeilge na Tríonóide ag dul ó neart go neart, agus tuillimid dínit agus urraim dár dteanga inár n-ollscoil féin inár dtír féin. Sin ráite, is amhlaidh is chun tairbhe cách a bheadh Oifigeach Gaeilge lánaimeartha. Tá go leor cineálacha taithí leis an nGaeilge sa tsochaí, agus tá oifigeach lánaimseartha ag teastáil chun an bhearna is minic a mhothaítear ina measc siúd nach bhfuil rannpháirteach leis an teanga nó a bhíodh, ach a d’éirigh as. Ní hamháin a bheadh oifigeach lánaimseartha don Ghaeilge ina thacadóir ag lucht na Gaeilge líofa, ach acu siúd ba mhian leo a bheith líofa fosta.
Mar mhac léinn idirnáisiúnta, is iomaí uair a chasaim ar dhaoine amhail mé féin a tháinig go hÉirinn agus suim acu sa chultúr agus atá ag lorg deiseanna a bheith páirteach i saol chéad teanga na tíre. Ní mór labhairt na Gaeilge a normálú i ngach suíomh acadúil agus sóisialta má táthar ar son na deiseanna céanna agus na cearta sibhialta seo a sholáthar do gach mac léinn. De réir reachtaíocht nua, caithfidh 20% d’fhostaithe nua de chuid na státseirbhíse a bheith cumasach sa Ghaeilge. Is iomaí céimí ó chúrsaí ar nós an leighis, an dlí agus an altranais a mbeidh súil go mbeidh siad in ann a chleachtadh as Gaeilge, ach nach bhfaigheann teagasc trína meán. Is é an t-aon bhealach chun fórsa oibre dá leithéid ná an seans a chur ar fáil do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu oideachas tríú leibhéal a fháil trí mhéan na teanga céanna. Caithfear sruthanna cúrsa nua a chruthú le go bhféadfaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in éineacht le cúrsaí mar ghnó agus dlí, mar atá ar fáil faoi láthair in ollscoileanna eile. Is tábhachtaí ná sin, áfach, ná bheith in ann modúil nach mbaineann leis an nGaeilge féin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is i bhfad Éireann ón lá sin atáimid i láthair na huaire agus sin an fáth a bhfuil gníomhaí agus urlabhraí lánaimseartha de dhíth ar aontas na mac léinn chun brú a chur ar an gColáiste agus comhoibriú leo go mbainfí na cuspóireacha seo amach.
Is léir go dtacaíonn mic léinn AMLCT le cur chun cinn na Gaeilge. Tar éis an tsaoil, tháinig vóta gan cur i gcoinne ar bith ar son an rúin seo ag Fóram an Aontais roimh vóta gan cur i gcoinne eile ag an gComhairle. Is céim lárnach é an reifreann seo chun Coláiste na Tríonóide a threorú ar shiúl óna ré choilíneach go todhchaí níos fearr ina ndéanfaí ceiliúradh ar an nGaeilge in ainneoin na gcéadta a d’fhulaing sí leithcheal tromchúiseach.
Táim thar a bheith bródúil as na hiarrachtaí ar fad a rinneadh chun an reifreann seo a chur siúl agus iarraim ar mo chomh-mhic léinn Tá a vótáil ar son deiseanna oideachais agus na gceart teanga. Vótáil Tá don Ghaeilge ón 30 Eanáir go dtí an 1 Feabhra.