Pádraig Mac Brádaigh réidh le bua compordach sa toghchán neamhiomaidh

Le 94.01% de vótálaithe, tá Pádraig Mac Brádaigh chun ollbhua a bhaint amach leis an bhfuinneamh on bhfeachtas “Gaeilge Initiative”

Dar leis an bpobalbhreith Trinity News, táthar ag súil go mbuafaidh Pádraig Mac Brádaigh an toghchán le haghaidh Oifigeach na Gaeilge, le 94.4% den vóta. Ní haon iontas é, toisc gur chruthaigh sé gur feachtasóir iontach ann mar chinnire an fheachtais “Gaeilge Initiative”. Agus é ina aonar sa rás, ní raibh air ach an taobh praiticiúil den chéad Oifigeach na Gaeilge shabóideach a mhíniú. Dhírigh an feachtas ar chearta teanga agus spreagadh na Gaeilge, agus is léir gurb fhiú é agus gur thaispeán sé é féin mar dhuine fadcheannach, cumasach agus éifeachtach. 

Is é Mac Brádaigh Oifigeach na Gaeilge páirtaimseartha reatha de chuid Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (AMLCT) agus bhí sé ina cheannaire ar an bhfeachtas “Gaeilge Initiative”, a d’eirigh leo reifreann a dhéanamh, a ceadaíodh le tromlach 90%, oifigeach Gaeilge lánaimseartha a chruthú, stádas oifigiúil a thabhairt don teanga san AMLCT, agus maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí eile de chuid an Choláiste chun an Ghaeilge a threisiú ar an gcampas.

Mic léinn sna hEalaíona, sna Daonnachtaí, agus sna hEolaíochtaí Sóisialta ba ea 67% díobh siúd a vótáil ar a shon, agus léiríonn an pobailbhreith go bhfuil níos lú díograis ag mic léinn i gcúrsaí Eolaíochta Sláinte agus ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic), a bhí 26% den vóta ar a son. 

Bhí mná níos mó tógtha le Mac Brádaigh (94%) ná fir (89.42%). Bíonn sé seo coitianta sna toghcháin AMLCT go mbeadh go leor vótálaithe neamhchinnte ann, ach bhí an dara líon is lú vótálaithe idir dhá chomairle (57%) ag an rás seo. Is léir gur féidir le Mac Brádaigh a bheith sách muiníneach sa toghchán.

Ar fud an fheachtais, ní dhearna Mac Brádaigh mórán chun cur lena fhorógra. Bhí seisean chun tosaigh ar ghluaiseacht na Gaeilge ar an gcampas cheanna féin. Ag tús an fheachtais , leag sé béim ar an gcaidreamh a bhí aige leis an teanga ar an gcampas le ceithre bliana anuas, ag geallúint go dtabharfar deis do mhic léinn a labhraíonn Gaeilge tráchtas a scríobh i nGaeilge beag beann ar a ndisciplín acadúil agus cur le líon na modúl a mhúintear trí Ghaeilge: “Níl sé cothrom ná ceart. go gcaithfí céim iomlán a dhéanamh trí Bhéarla”, ag gealladh straitéis margaíochta níos dátheangacha freisin. 

Mar mhac léann idirnáisiúnta, thug sé dearcadh nua-aimseartha ar phobal na Gaeilge mar phobal atá réidh le glacadh le foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan. Labhair sé ar a thaithí féin mar mhac léinn idirnáisiúnta, agus dúirt sé go raibh pobal na Gaeilge “croíúil” agus “fáilteach”. Ag déanamh tagairt dá thaithí múinteoireachta, dúirt sé “gur mian le go leor mac léinn idirnáisiúnta go mbeidís in ann dul i ngleic níos mó le teanga agus cultúr na hÉireann ach ní i gcónaí a fhaigheann siad na deiseanna sin.

Léirigh sé freisin go bhfuil sé toilteanach ranganna Gaeilge a mhúineadh do mhic léinn idirnáisiúnta agus do dhaoine eile nár fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, ag rá gur “slí iontach chun cur le rannpháirtíocht leis an nGaeilge” a bheadh ann. 

Ó thaobh na himeachtaí agus eachtraí de, dúirt sé féin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach “gnáthrud” a dhéanamh as labhairt na Gaeilge in aitmaisféir shóisialta: “Bhí taithí agam in áiteanna sóisialta nuair a mhothaigh daoine drochbhéasach chun an Ghaeilge a labhairt – ní ceart é sin, sí ár dteanga í.

is é an rud is suimiúla faoin rás seo ná cé go raibh an rás seo ann, cé nach raibh aon iomaíocht ann, go raibh an Ghaeilge i mbéal an phobail sna rásaí eile, rud nach bhfuil feicthe againn cheana. Dúirt Mac Brádaigh go raibh lúcháir air an bhéim a cuireadh ar an toghcháin seo a fheiceáil, agus is léir gurb é an fuinneamh ón bhfeachtas “Gaeilge Initiative” is cúis leis seo. Feicfimid i gceann tamaill an dtiocfaidh torthaí ar an móiminteam seo, nó más rud é nach bhfuil i gceist ach athrú cosmaideach.