Ag staidéar ón bhaile: Conas an dea-obair a choinneáil

Comhairle agus leideanna chun tú féin a eagrú agus tú ag obair sa bhaile

Séanadh: Tá an t-alt seo scríofa i gcanúint Uladh.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Le bliain acadúil úr ag teannadh linn, tá sé in am dúinn díriú isteach ar an aistriú ó lá oibre sa choláiste go lá ag foghlaim sa bhaile. Bhí an t-athrú go foghlaim ar líne deacair dúshlánach do roinnt daoine nuair a d’fhill muid abhaile i Mí Márta de bharr an choróinvíris. Go minic, b’fhearr liom cúrsaí a ghlacadh go réidh agus an obair dheacair a sheachaint nuair atá mé sa bhaile. Seo roinnt comhairle a chabhraíonn liom féin mé féin a eagrú. Tá súil agam go cuideoidh sé leat lán do chumais a bhaint amach agus tú ag staidéar ón bhaile. 

Ar an chéad dul síos, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil gnáthamh laethúil i bhfeidhm agat. An deacaracht is coitianta a bhíonn ag scoláirí ná a n-aird a dhíriú ar a gcuid oibre agus iad ag staidéir sa bhaile. Socraigh gan a thuilleadh moille a dhéanamh agus fan faoi dhaoirse na gcorr. Bódhrófar tú leis an chomhairle seo, ach samhlaigh gur lá oibre atá ann. Déan iarracht múscailt ag an am céanna gach maidin. Bíodh cith agat, agus faigh réidh don lá. Cur tús leis an obair ag an am céanna chomh maith, 9 r.n., mar shampla. Bíodh briseadh beag agat gach 45 nóiméad agus cupán caife ag a 11. Coinnigh ag obair leat agus déan cinnte go bhfuil lón breá blasta ullmhaithe agat chun tú féin a spreagadh. 

Rachadh sé chun do thairbhe liosta a chur le chéile leis na tascanna atá le déanamh agat, agus iad a bhriseadh síos. Cuir tic in aice leis an tasc nuair atá sé críochnaithe agat. Tabharfaidh seo spreagadh duit lán do chumais a bhaint amach, agus cuideoidh sé leat nuair atá na mílte dualgas agat. Éirigh as an obair ag a cúig a chlog, agus bíodh seans agat d’anáil a tharraingt arís. Ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas duit an choinneal airneáin a chaitheamh agus a bheith ag obair ó dhubh go dubh.

Déan cinnte go bhfuil spás oibre oiriúnach agat nuair atá tú ag obair. Bí ag obair ag deasc nó ag tábla. Ná lig do do leaba tú a mhealladh, fiú má tá sé cluthar agus i bhfad níos compordaí ná do dheasc agus do chathaoir sclóine. Muna féidir leat staidéar i do sheomra leapa gan d’aird a choinneáil ar an obair, bog go dtí an chistin, nó spás eile sa teach. Iarr ar do theaghlach gan a bheith ag cur isteach ort i rith d’uaireanta oibre. Anuas ar sin, smaoineamh maith atá ann a bheith cinnte go bhfuil gach rud atá de dhíth ort ar do dheasc ionas go mbeidh tú go hiomlán dírithe ar an obair. 

Má tá rang agat ar Zoom, nós maith atá ann do cheamara a chur ar siúl.  Tabharfaidh seo tuilleadh freagrachta duit d’aird a dhíriú ar an obair, gan a bheith ag brionglóideach nó ag falsóireacht ar d’fhón póca. B’fhéidir gur cheart duit d’fhón a chur ar mhód eitleáin, nó i seomr   eile ionas nach n-imíonn do smaointe ar fán i rith na hoibre. 

Faigh amach cén stíl foghlama atá oiriúnach duitse. Cé nach bhfuil foghlaim ar líne oiriúnach do chách, tá modhanna inar féidir linn dul i dtaithí leis. B’fhéidir gur chóir duit nótaí a ghlacadh ó lámh agus tú ag léamh, nó ag freastal ar rang ar Zoom. Is féidir leat físeáin a choiméad ar YouTube chun cuidiú leat an topaic a thuigmheáil. Déan spléach-chártaí meabhairmhapaí chun an t-eolas a daingniú i d’intinn. Seol téacs chuig do chairde ar do chúrsa má tá mearbhall ort, agus ná bíodh imní ort ríomhphost a sheoladh chuig do léachtóir. Tá muintir an Choláiste ann chun cuidiú leat, fiú muna bhfuil tú ag freastal air go laethúil. Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leo agus tú sa bhaile.

Caithfear a rá go mbíonn meas agam orm féin nuair a thuigtear dom go bhfuil obair mhaith curtha díom. Cé nach mbíonn an obair i gcónaí taitneamhach nó spreagúil, go háirithe agus muid ag foghlaim ón bhaile, is fíor an scéal é gur cuid den saol anois é leis an choróinvíreas inár measc. Tá súil agam go mbainfidh tú triail as cuid de na leideanna thuas. Is am crua é gan dabht ar bith. Coinnígí do mhisneach, déan do sheacht ndícheall, agus beidh tú i gceart. Go n-éirí leat!

Gluais (Glossary):

Ag teannadh linn – Drawing closer

Aistriú – Transition

Lán do chumais a bhaint amach – To reach your potential

Gnáthamh laethúil – Daily routine

Gan a thuilleadh moille a dhéanamh – Not to procrastinate any longer

Fan faoi dhaoirse na gcorr – Keep your nose to the grindstone

Bódhrófar tú – You will be deafened

Rachadh sé chun do thairbhe – It would be to your advantage

Nuair atá seacht gcúramaí an tsléibhe ort – When you’re up to your eyeballs

D’anáil a tharraingt arís – To catch your breath

An choinneal airneáin a chaitheamh – To burn the midnight oil

A mhealladh – to entice

Cluthar – Cosy

Ag falsóireacht – Dossing

Ar fán – astray

Spléach-chártaí – Flashcards

Meabhairmhapaí – Mindmaps

Daingnigh – Consolidate