An Cumann Lúthchleas Gael thar lear

Labhraíonn Abi ní Mhuircheartaigh linn faoin a taithí ag imirt peil Ghaelach sa Fhrainc

Tá an Cumannn Lúthchleas Gael thar lear ag bailiú nirt le gach aon bhliain. Idir easaoránaigh, mic léinn, agus dúchasaigh, tá ár spórt náisiúnta ag éirí níos cáilúla ar fud an domhain. Ach conas a fheidhmíonn club peile Ghaelach thar sáille? San alt seo beidh mé ag déanamh iniúchadh ar an gceist shuimiúil seo ar son mo chlub sa Fhrainc, Strasbourg Gaels.

Ghlac mé ballraíocht sa chlub ag tús mhí Mheáin Fomhair, nuair a bhog mé go dtí an Fhrainc. Bhí mé ag iarraidh pobal a aimsiú ionas go socróinn síos i gceart i mo shaol nua. B’shin go díreach céard a tharla. Idir traenáil rialta agus neart gnéithe sóisialta taobh amuigh den bpáírc imeartha, cothaítear pobal fáilteach ag clubanna CLG thar lear. Óna tús i 2019, tá lucht Strasbourg Gaels ag méadú le gach aon bhliain. Bhunaigh Maël Dancette Strasbourg Gaels tar éis seal a chaitheamh ag imirt caide le Paris Gaels. Chuaigh sé i dteagmháíl le Comhairle na hEorpa, a d’fhógair do na hÉireannaigh i Strasbourg go gcuirfeá tús le club peile Ghaelach. Uaidh sin, thosaigh an pobal peile ghaelach ag traenáil leis an bhfoireann Aussie Rules. Agus an club ag éirí níos láidre i gcaitheamh na mblianta, d’éirigh le Maël páirceanna imeartha a aimsiú ionas go mbeidh an fhoireann in ann traenáil níos dáiríre a bheith acu. Amach ó sin, thosaíodh ag imirt cluichí ar bhonn rialta. In ainneoin na paindéime, tháinigh borradh ar an gclub agus faoi láthair tá níos mó ná seasca daoine páirteach ann. 

Cuidíonn an gné sóisilata, neamhfhoirmiúl seo le mná óg a athmhealladh i dtreo na spóirt, rud éigin a bhfuil go mór in easnamh in Éirinn”

Freastalaíonn an club ar mhianta difriúla na himreoirí – tá meascán ann idir imreoirí dáiríre agus imreoirí sóisialta. Taitníonn na scileanna nua leis na himreoirí Francacha, nach raibh teacht acu ar an saghas déine seo sular thosaigh siad ag imirt. Ar bharr an gné seo, tá an gné sóisialta thar a bheith lárnach i bpeil ghaelach thar lear. Cuidíonn an gné sóisilata, neamhfhoirmiúl seo le mná óg a athmhealladh i dtreo na spóirt, rud éigin a bhfuil go mór in easnamh in Éirinn. Tá atmaisféar ann i gclubanna peile Gaelacha thar lear a dtéann go mór i bhfeidhm ar na himreoirí. Cruthaíonn an t-atmaisféar seo pobal beomhar ina bhfuil meascán de dhaoine de ghach saghas ann. Tréith coitianta a bhaintear taitneamh as i gcónaí ná an fuinneamh agus an spiorád a mhuscalaíonn an cluiche seo i ndaoine agus san fhoireann. Glacann an club le mana Barcelona ‘Més que un club’ chun cur síos a dhéanamh ar phobal dlúth an chlub.  

Faoi láthair i Strasbourg, níl ann ach foirne do mhná agus do fhir. Tá bainisteoireacht Strasbourg Gaels ag déanamh iarrachta tús a chur le foirne faoi aois, ach tá siad ag streachailt mar gheall ar easpa saorálaithe. É sin ráite, chuireadh feachtas ar siúl ina dtaispeánadh daltaí bunscoileanna an spórt, chun an t-aos óg Francach a spreagadh i dtreo na spóirte. Labhair mé féin agus Cúan Ó Colmáin leis na Francaigh óga agus bhí an-spéis acu sa spórt agus sa saol in Éirinn. Is dócha go mbeidh foireann faoi aois ann sa todhchaí. 

“Ó thaobh na sinsearach de, tá cluichí gaelacha faoi bhláth sa Fhrainc”

 Chuir caoga duine isteach ar dhianchúrsa traenálaí ina raibh tríocha spás le fáil. Chomh maith leis sin, bunaíodh dhá chlub nua sa Fhrainc i mbliana. Sa lá atá inniú ann, tá 24 chlub CLG sa Fhrainc, agus meastar go bhfuil 90% de rannpháirtí Francach. Léiríonn na firicí seo go bhfuil todhchaí mhaith i ndán don pheil ghaelach sa Fhrainc. 

Cothaíonn an borradh seo le neart cluichí iomaíocha sa Fhrainc agus ar fud na hEorpa a chur ar siúl. Seoladh trí fhoireann ó Strasbourg Gaels chuig na cluichí Pan-Eorap san Ísiltír i mí Dheireadh Fómhair. D’éirigh leis an gcéad foireann ban an séú áit a fháil sa roinn idirmheánach. I bpáirt le CLG Nantes, d’éirigh leis an dara foireann ban an tríú áit a fháil sa roinn sóisir. Maidir leis an bhfoireann fear, tháinigh siad le chéile le himreoirí ó cheann ceann na hEorpa chun an fhoireann “Britalsace” a chruthú. Shroich siad an cluiche leathcheannais ach faraor chaill siad tar éis cluiche crua. Thug na cluichí Pan-Eorap deis luachmhar dúinn chun díriú isteach ar scileanna tábhachtacha. 

Tá an spéis chómh láidir sin sna cluichí CLG go mbeidh comórtas peile eile ar siúl i Strasbourg i mí na Samhna – mí amháin tar éis an comórtas san Ísiltír. Léiríonn sé sin go bhfuil todhchaí láidir, beomhar le feiscint ag an gCLG thar lear. Tugann seo an deis dom ceangail a choimeád le mo thír dhúchais agus mé thar lear, agus mholfainn d’éinne a bhfuil spéis acu sa spórt triail a bhaint as a gclub CLG áitiúla.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as Maël Dancette agus Philippe Brach, a chuidigh go mór liom leis an alt seo a scríobh.