An bhfuil sé in am dúinn ar fad na haipeanna coinne a scriosadh?

Is gnáthrud é chun cas ar dhaoine trí Tinder nó Hinge, ach ag an am chéana, is minic a fheictear na haipeanna mar cluiche

“An bhfuil tú go maith? Mar tá tú ag féachaint go maith.”

Cloiseann Gaeilgeoirí na briathra meala den saghas seo níos minice ná a mhalairt ar Tinder. Gan amhras is fearr linn an beart seo ná an teaictic chliúsaíochta chun litriú ár n-ainmneacha a chíoradh agus an easpa céille (dóibh) a luaigh. Cé a dúirt go bhfuil deireadh leis an rómánsúlacht? Cloíonn na Casanóvaí filistíneach seo lena mantra; “ná bain leis mura bhfuil sé briste” ach, i gcás Tinder, dar ndóigh bhí rud ar leith briste le tamall anois. Le hardú ar chásanna de chluain fhíorúil a chur ar dhuine, tá an mhuinín a bhfuil ag daoine sna haipeanna seo ag dul i léig. Dá bhrí sin b’éigean dúinn an cheist a chur; An fiú na haipeanna coinne seo, nó an chóir dúinn iad a chaitheamh san aer?

D’ath-íoslódáil mé Tinder agus Hinge le déanaí díreach do chúiseanna taighde (ní amháin go raibh Lá Fhéile Vailintín ag druidim linn!) agus faraor géar tá sé fíor gur éirigh mo chorp stromptha agus mé á athoscailt- ní ag déanamh áibhéile atá mé! Is beag an baol gur éirigh liom ar na haipeanna cheana má táim ag scríobh an ailt seo ach, déanta na fírinne, rinne mé iarracht thar lear. Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil dá mba rud é go bhfuil; ‘Anseo ar Erasmus’ mar chuid do do ‘bio’, tá teachtaireacht amháin á sheoladh agat.. ní mhairfidh an margadh seo i bhfad! Tar éis easpa torthaí fádtéarmach agus mórmhór torthaí foghlamtha chuir sé masmas orm an cófra Phandóra a athoscailt tar éis mo thaithí thar lear… an ndealraíonn sé gur leibide mé i ndiaidh seo a admháil daoibh.

Ar an gcéad dul síos, chuamar i ngleic le haipeanna coinne sna 2000idí chun míchompord ár sochaí frithshóisialta a sheachaint. Ár nglúin bhocht; níor thógadh muid don chultúr ‘dms’ agus íomhánna lomnochta; tagann fuarallas orainn fiú ag smaoineamh faoi choinne leis an dochtúir a chur in áirithe, gan trácht ar chuireadh a thabhairt do dhuine éigin dul chuig an bpictiúrlann linn! Is é fadhb mhór na linne seo ná go bhfuil orainn trácht agus comparáid a dhéanamh idir ár gcaidreamh féin agus scéalta grá ár dtuistí. Formhór dóibh; bhuaileadar lena chéile i mbeár, bhí glaonna fada teileafóin acu, roinneadar ‘bedsits’, agus cheannaíodar teach ag fiche bliain d’aois (táim ar mire ag smaoineamh faoi!). Ní iontas ar bith é go bhfuil orainn rómánsú a dhéanamh ar ár siúlóid chuig an siopa chun rud a chinnt a mhothú. Níl i ndóthain rómansúlacht inár gcuid caidrimh na laethanta seo agus is mórán fianaise doshéanta iad na cailíní uilig gafa le “Mr. Darcy” agus “Mr. Rochester”. Ní fheadair cad atá cearr linn nach féidir linn bualadh agus siúl amach le daoine sa chaoi chéanna lenár dtuistí. An é gur glúin na ngeanc muid; an bhfuil ár gcuid caighdeáin ró-ard agus curtha as riocht de dheasca na meáin sóisialta? Nó an gá dúinn go díreach an faitíos a bhfuil againn teipeadh a shárú?

“B’fhurasta a smaoineamh faoina haipeanna seo cosúil le físchluichí; ‘Subway surfers’ agus a leithéad”

Ar an dóigh chéanna a bhlaiseann an t-uachtar reoite ab ansa leat le linn d’óige anois; mothaíonn na grafaicí iontach bréagach. Freisin cruthaíonn na pictiúir ar chaighdeán íseal mothúcháin as cor ionam. Is cuimhin liom ‘ag imirt’ Tinder le mo chairde ar an traein ar an tslí abhaile ón nGaeltacht; díreach mar fhoinse siamsaíochta, ag smaoineamh faoi mar chluiche in ionad suíomh chun grá a aimsiú. Bhíodh muid ag gáire, ag tabhairt measúnú, agus ag fanacht do na teachtaireachtaí náireach ó strainséirí, gan riamh buaileadh leo ina dhiaidh. Bhíomar ag tapáil is ag ‘swipe-eáil’ gan stró ach rinneamar dearmad gur daoine dhaonna iad agus chuir sé ina luí orainn gur féidir bata agus bóthar a thabhairt beag beann ar na hiarmhairtí. Ní dearcadh dearfach ar an saol é seo, agus dar ndóigh is cultúr mífholláin é.

Creideann muid de bharr na haipeanna seo gur ionann abhatár amháin agus abhatár eile. Ach, ní haon ionadh go bhfuil an meon seo againn nuair a fheictear gach uile bhuachaill ar Hinge díreach ag lorg duine chun caife a ól leo. Ina theannta seo, bíonn an pictiúr ceannann céanna de ghrúpa lads ag EP lena spéaclaí eitleora gan t-léine orthu. I gcónaí bíonn triúr sa phictiúr fosta agus chuirfeadh sé mearbhall ar dhuine mar; Cé leis a bhfuilim ag tabhairt an diabhal ‘like’ chuig?

Ní haon chur i gcéill í a bheith gafa leis na haipeanna seo. Faighimid cic dopaimín ón atreisiú dearfach den ‘match’, le meascán faitíos den diúltú agus sceitimíní go bhfuil duine eile tógtha leat. Cuid mhaith dúinn, níl fiú grá nó céile féideartha á lorg againn agus muid ag ‘scróláil’ gan stró. Ina theannta seo, bíonn fiontar ann go bhfuil páirtí ag daoine cheana féin agus nach bhfuil ach deis uastrádáil ag teastáil uathu. Is oth liom a rá gur eachtra coitianta é, dar le mo chairde, an chaint gan iarraidh a chuirtear ar ár gcoirp sna teachtaireachtaí ar an aip. Cara eile, dúirt sí go raibh an cumhdach bainte de roinnt fir le fuath amach is amach do mhná.

In ainneoin seo, caithfidh mé a rá go bhfuil aithne agam ar a laghad triúr a bhuail lena comhpháirtí ar Hinge nó Tinder agus fós tá siad ag siúl amach le chéile le cúpla mhí anois. Níl sé dodhéanta teacht ar dhuine éigin sách macánta ar na haipeanna seo, ach braitheann sé ar cibé aip a úsáideann tú. Is acmhainn den céad scoth iad mura bhfuil aithne agat ar dhaoine mórthimpeall na háite. Mar shampla, íoslódálann cuid mhaith de dhaoine na haipeanna den sórt seo ar Erasmus agus b’fhéidir go rithfeadh an t-ádh leo agus beidh leannán nó díreach páirtí chun teanga nua a cleachtadh. Ní mholfainn triail a bhaint as i d’áit dúchais féin (go háirithe más as an tuath tú) mar beidh col ceathracha, cairde do dheartháireacha agus deirfiúracha agus fiú múinteoirí meánscoile le feiceáil agat sa pholl d’áit seo. Deirtear gur aipeanna coiscthe iad i nGaillimh mar shampla, i gcomparáid le Baile Átha Cliath ina mbíonn mór le rá faoi. Ar ndóigh tá scagairí ar leith ar fáil dúinn chun an tubaiste doshamhlaithe a sheachaint ach is deacair an rud é ag cur isteach gach uile chol ceathrair agus chara do dheartháir! Chun an fhírinne a rá níl na ‘jumpscares’ seo ag teastáil uaim … ní fiú é an fiontar!

“De réir dealraimh is léir gurb é an rud is tábhachtaí in easnamh ón phróiseas seo; ná an splanc idir beirt”

Conas a éiríonn siad lena chéile- ní an chaoi ina luíonn siad lena chéile (ach dar ndóigh is gné thábhachtach í sin freisin!). Conas an féidir linn an splanc seo a chinntiú? Ceist mhaith; ar dtús báire déan cinnte go bhfuil ar a laghad cúpla rud i gcoitinne eadraibh. Ní gá daoibh aontú lena chéile ar gach aon taobh ach beidh sé deacair labhairt lena chéile mura bhfuil fiú rud amháin ina bhfuil suim agaibh. An dara rud, agus an rud is tábhachtaí dar liom ná; na ‘vibes’… sin é an ‘ceimic’ eadraibh. Go pearsanta is fíor rud é an fuinneamh idir beirt agus b’fhéidir gur smaoineamh gan mórán téagair é ach mothaím é go domhain. Ní hé seo go díreach go bhfuil dúil agaibh ina chéile.. ach tá rud níos breise fós; ‘je ne sais quoi’ a chuireann muid ag smaoineamh. Mar a dúirt Peig; ba chóir do dhuine “(lasadh) suas mar bhladhmfadh tor seanaitinn feoite nuair a chuirfá tine fé nuair a luaitear a ainm os a comhair.”

Cinnte, b’fhéidir nach bhfuil mise an duine is cáilithe chun saineolas grá a roinnt ach fós, dar liom féin tá sé deacair teacht ar nasc den chineál seo díreach ó grianghraif duine a fheiceáil. Ach, b’fhéidir gur soineanta an mhaise dom a leithéid a rá mar ní hé sin fiú cuspóir na haipeanna den chineál seo ar chor ar bith. Ag cur seo san áireamh b’fhéidir gurb iad na haipeanna seo bun agus barr gach oilc seans nach gá dúinn fáil réidh leo go hiomlán, pé scéal é tá cúis ar leith dóibh.