Seachtain i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg

haith Abigail Ní Mhuircheartaigh, seachtain i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg i rith an tseisiún iomlánaigh an Feabhra seo chaite

Mar mhac léinn na Fraincíse, bhí deis agam dul ar Erasmus chuig rogha leathan cathracha sa Fhrainc. Ar deireadh, shocraigh mé ar Strasbourg. Cathair starúil atá inti, ina bhfuil blas na Gearmáine le brath go láidir. Mar gheall ar an tréanceangal idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, roghnaíodh Strasbourg mar lárionad Parlaiminte na hEorpa i ndiaidh an dara chogaidh dhomhanda. 

Caitheann lucht Parlaiminte na hEorpa an chuid is mó den am sa Bhruiséil, sa Bheilg. Thall, bíonn siad ag ullmhú le teacht chuig Strasbourg sa Fhrainc. Buaileann lucht na Parlaiminte le chéile i Strasbourg, ceanncheathrú Parlaiminte na hEorpa, uair amháin sa mhí chun plé a dhéanamh ar cúrsaí reatha, dlíthe práinneacha a mholadh, agus vótaí a chaitheamh i bhfábhar nó in aghaidh reachtaíochta nua. Faoi láthair, tá triúr ionadaí dhéag ag Éirinn inti. Tugann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa deis do mhac léinn taithí oibre a dhéanamh leo le linn na tréimhse iomlána. Chuaigh mé i mbun na taithí oibre seo faoi stiúir Grace O’Sullivan, Feisire Parlaiminte na hEorpa de chuid na nGlasach. 

Thug an taithí oibre seo léargas luachmhar dom ar fheidhmiú na hinstitúide seo. I rith seachtaine an tseisiún iomlánaigh, bhí deis agam lean ar Grace agus í ag déanamh a hoibre. Bhí réimse leathan le déanamh aici, agus is cinnte go mbíonn lá difriúl ann gach uile lá. D’fhreastail mé ar a cruinnithe léi, agus caithfidh mé a rá go raibh ionadh an domhain orm mar gheall ar an méid daoine a raibh bainteach leo. Cinnte, tá foireann beag aici de bheirt i Strasbourg, ach thar n-ais in Éirinn tá foireann láidir aici, lena mbíonn sí ag obair ó thaobh cúrsaí áitiúla de agus cúrsaí náisiúnta de. D’aithin mé go raibh an méid sin post ar fáil sa pholataíocht – maidir leis an teicneolaíocht, an cumarsáid, agus bainisteoireacht airgid gan ach beagan a lua. Cinnte, tá go leor daoine ag obair sa chúlra ionas go mbeidh cúrsaí chomh saoráideach agus is féidir. 

Ar bharr a bheith in ann freastal ar na cruinnithe seo, bhí seans agam freastal ar lón galánta, áit ar bhuail mé le go leor daoine siumúla. Bhí idir feisirí, a gcúntóirí, agus fiú Cáitríona Doyle, ambasadóir na hÉireann chun comhairle na hEorpa ann. Ba mhór an deis a bhí ann bualadh leis na daoine seo agus mé féin a chur in aithne dóibh. Caithfidh mé a rá go raibh gach duine lenar bhuail mé chomh gnaíúil agus bhí spéis acu i mo chuid bharúil féin. Bhí sé soiléir dom ón lón seo go raibh mé i measc daoine a bhfuil fonn orthu plé a dhéanamh le gnáthdaoine, go raibh daoine ann sa pholataíocht ag iarraidh éisteacht le tuairimí an duine choitianta. 

Buaicphointe na seachtaine, domsa, ná gur éiríodh leis an dlí athchóirithe dúlra. Dar ndóigh bíonn caomhnú an dúlra go mór i mbéal na nGlasach, agus nuair a d’eirigh leis an dlí nua seo, bhí Grace agus a comhgleacaí glasa an-ríméadach faoi. “Is é an dúlra buncloch ár ngeilleagar agus ár sochaí, agus caithfimid é a chosaint agus a athbhunú” arsa O’Sullivan. 

Ach ceard is brí leis an dlí seo? Bhuel, anois tá dualgas ar ghach stát san Aontas Eorpach ar a laghad 30% de ghnáthóga i ndrochchaoi faoi 2030, 60% dóibh faoi 2040, agus 90% dóibh faoi 2050. Beidh tionchar domhain ag an dlí seo. Cuideoidh sé leis an Aontas a aidhmeanna aeraíde agus bithéagsúlachta a bhaint amach. Chomh maith leis sin, laghdóidh sé an neamhchinnteacht átá ann maidir le soláthar bia. Tá Éire i measc na tíre is laghdaithe ó thaobh an dúlra de ar domhan. Tugann an dlí seo deis dúinn an scéal a chur thar n-ais ar bhóthar a leasa, agus dul chun cinn suntasach a chur i bhfeidhm, sula mbeidh sé ródhéanach. Tá an cuma ar an scéal go mbeidh biseach ar an timpeallacht a bhuí leis an dlí cinniúnach seo.

In aineoinn ceadaithe an dlíthe seo, bíonn caint ann faoi dlisteanacht Parlaiminte na hEorpa. Deirtear nach n-oireann an institiúd seo ar mhianta na ndaoine. Go háirithe in Éirinn mothaíonn roinnt daoine nach bhfreastalaítear ar a bhfoinn, agus go n-úsáidtear ár dtír mar fhichillín ar an bhfód Eorpach. Tá íomhá ann d’Éire mar tír ghéilliúl i bpolataíocht na hEorpa. Ach, i ndáiríre, tá tionchar domhain ag ár dtír. Tá an méid sin soiléir ó éifeacht na hÉireann sa pharlaimint. Ina theannta sin, tá ceart ag gach Éireannach fásta a ghuth a nochtadh. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh trí teagmhail a dhéanamh le Feisirí Parlaiminte na hEorpa do thoghcheantair. Ar bharr é seo, tá toghcháin na bhFeisirí Parlaiminte na hEorpa ag druidim linn. Beidh deis ann vótáil a chaitheamh i gcomhair ionadaí Parlaiminte na hEorpa i mí an Meithimh seo chugainn. Déan cinnte go gcloistear do ghuth agus caith do vóta idir an 6ú agus an 9ú lá de Mheitheamh 2024.

Tar éis seachtain chaite agam sa Pharlaimint, caithfidh mé a adhmháil go gcothaíodh dúspéis i bhfeidhmiú an Pharlaiminte. Ba iontach an seans a bhí ann breathnóireacht a dhéanamh ar Grace agus a foireann. Is cinnte nach ndéanfaidh mé dearmad ar an taithí seo go deo. Mholfainn go h-ard na spéire do aon mhac léinn Erasmus i Strasbourg, fiú muna bhfuil móran suime agat sa pholataíocht, iarratas a chur isteach ar an deis thar a bheith luachmhar seo.