Na leideanna rúnda chun airgead a shábháil mar mhac léinn

Cabhraigh do sparán le bealaí éagsúla a chuireann Tara ní Bhroin ós ár gcómhair

Is minic a bhíonn ábhair airgid ar intinne na mic léinn agus muid inár gcónaí i gcathair le costas marachtála iomarcach agus na praghasanna ag ardú gan stad. Inniu, chuaigh mé chun bronntanas de seaclóid te a cheannach dom féín agus bhí orm €5.40 a íocadh… do sheaclóid te…. Mar sin, thosaigh mé ag macnamh ar na mbealachaí is fearr a féidir linn, mar mhic léinn, airgead a shabháil gach lá. 

Cinnte, tá fios ag gach uile duine faoi na cleasanna coitianta – chun ár leascainí mac léinn a úsáid agus muid ag siopadóireacht, agus go bhfuil an bia ar fad i KC Peaches ar leathphraghas san uair oscailte deireanach. Ach céard iad na féidireachtaí nach bhfuil mórán clú is cáil orthu a mbeidh mar buntáistí mór dúinn? Chuir mé ceist ar phobal na hollscoile, agus tharraing mé ó mo thaithí féin agus seo iad na freagraí a tháinig chugam.

Gan dabht, is é an caoi is fearr liom chun airgead a shabháil ná úsáid a bhaint as na gruagairí faoi oiliúnt. Tá neart sciamhlainne i mBaile Átha Cliath a chuireann traenáil ar fáil do ghruagaireacht, agus bíonn mainicín do chleachtadh i gcónaí ag teastáil don traenáil seo. Agus seo dúinn an deis chun ár ngruaig a fháil déanta ar chostas íseal,  saor in aisce fiú. Úsáidim áiteanna cosúil le Platinum ar Shráid D’Olier, nó SitStil ar An Bóthar Beag chun nigh, gearr, agus séidtroimiú a fháil saor in aisce. D’fhéadfá gealáin a fháil ar €50, nó dath a fháil níos saoire ! Nach iontach é sin? D’fhéadfaimis aire a thabhairt dúinn féin gan an cúntas bainc a bhriseadh. 

Is mic léinn na Tríonóide muid agus ciallaíonn se sin go mbíonn leabhair á léamh (bhuel, deirimid go bhfuil sé á léamh) againn i gcónaí. Ach, faraor, tá ardcostas ar leabhair, agus chun an fhírinne a rá, níor cheannaigh mé leabhar dom féin ó a bhíos sa chéad bhliain. Faighim na leabhair ar fad ón leabharlann – ar champas nó na leabharlainne poiblí sa chathair. Tá cunúsach leathan ag Leabharlann na Tríonóide taobh amuigh d’ábhair oideachais. I mbliana, fuair mé “The Secret History”, “A Little Life”, “Swimming in the Dark”, “Conversation on Love” agus i bhfad níos mó saor in aisce ón leabharlann sa choláiste. Agus dearfacht eile a bhaineann le seo ná nach bhfuil mo sheomra ag éirí plódaithe le leabhair. 

Slí eile a bhainim úsáid as chun airgead a shábháil ná na suíomh idirlíne Adverts, Freecycle agus Facebook Marketplace. Is áiteanna iontacha iad na suíomhanna seo chun tairgí cosúil le troscán, oiriúntí, teicneolaíocht, aon rud i ndáiríre a fháil saor in aisce nó ar phraghas an-íseal. Cheannaigh mé mo chinecheamara do €10 ar Facebook Marketplace dhá bhliain ó shin agus tá sé fós ag obair gan fhadhb. Anuraidh, d’aimsigh mé duvet geimhridh ar Adverts saor in aisce agus bhí mé breá compordach dona míosa fuaire. Tá taisceadáin, bálgúna, seilfeanna, taephota, gach rud atá ag teastáil d’árasán mac léinn aimsithe ag mo chairde ar na suíomh agus mar thoradh, tá a lán airgead sábhailte againn. Mholfainn do gach duine súil a chaitheamh ar na suíomh seo sula dtéann tú isteach sna siopaí. Tá tú ag sábháil airgid agus ag cabhrú leis an dtimpeallacht!

Má tá teach nó arasán ar cíos agat, is féidir leat an bille leictreachais a laghdú dá mbainfá úsáid as na háiseanna sa choláiste ar fad. Fan go dtí go bhfuil tú ar champas chun do ghléasanna leictreacha a luchtú, tapaigh an deis chun cith a thógáil san ionad spóirt, bain úsáid as na citeal is micreathonnta atá ar champas. Feictear difríocht gach am a dtógtar na deiseanna beag, agus fásann an difríocht sin thar am. 

Ag deireadh na seachtaine, nó fiú deireadh an lae, d’fhéadfá bia solofa a cheannach sna hollmhargadh ar phraghasanna íslithe. Cuimsíonn é sin torthaí, glasraí, eogart, pasta úr, saléid agus a thuilleadh. Bíonn lascainí móra le feiceáil ar na hearraí sin ag deireadh an lae nó seachtaine agus is minic a bhíonn siad €1 nó níos lú. Agus ar an ábhar de bia, is rud atá ar eolas againn ar fad ach nach ndéanann mórán dúinn (mé féin san áireamh…) ach is caoi iontach é chun airgead a shábháil é ag ullmhú do lón. Feicimid ar fad an méid sin físeáin faoin meal prep ar líne ach is fíor é go sabháileann sé a lán airgead in ionad bia a cheannach gach lá agus tú sa choláiste. 

Is saol daor é dúinn a bheith mar mhac léinn i mBáile Átha Cliath. Ní riamh cheap mé go mbeidh mé ag rá gur praghas ‘maith’ é €9 do toastie… Ach seo í an réadúlacht atá romhainn na laethanta seo. Caithfimid úsáid a bhaint as na cleasanna beag chun airgead a shabháil gach lá. Má tá aon leideanna eile agaibh, le bhur dtoil, roinn iad liom agus le mo sparán follaimh. Feicfidh mé sibh ar fad ar Adverts ! 

Tara Ní Bhroin

Is í Tara ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge Nuacht na Trionoide. Tá sí sa tríú bhliain ag déanamh staidéar ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Junior Sophister year of earning a degree in General and Children’s Nursing