Éigse: féile liteartha Choláiste na Trionóide – na buaicphointí

Déantar achoimre ar imeachtaí Sheachtain na hÉigse a bhí á cheiliúradh i mí Feabhra

Ó 12ú – 16ú Feabhra, ghlac pobal na hollscoile páirt sa cheiliúradh bhliaintiúil Seachtain na hÉigse. Is féile liteartha í Seachtain na hÉigse, féile ina baintear taitneamh as litríocht agus ealaín na Gaeilge. Cuirfear gach saghas imeacht ós ár gcomhair, ó dhíospóireacht go oíche filíochta, plé painéil go aifreann, ó broinse go oíche amach leis na hollscoile eile. Eagraíonn Oifig na Gaeilge agus Oifigeach na Gaeilge AMLCT an féile le tacaíocht ón Cumann Gaelach. D’fhreastail foireann Nuacht na Trionóide ar neart de na himeachtaí agus seo thíos na buaicphointí.

Gairmeacha le Gaeilge – Anna ní Chonaill

Cuireadh tús le Seachtain na hÉigse agus líonadh suíocháin Seomra na Gaeilge tráthnóna Dé Luain, nuair a tháinig Caoimhe Ní Mhaolaí ó Chonradh na Gaeilge chun an ceardlann Gairmeacha le Gaeilge a chur i láthair ann. Comhairle phraicticiúil a bhí ar fáil don uair, ina roinneadh deiseanna fostaíochta na Gaeilge, conas cur isteach orthu, agus na buntáistí atá i gceist leo.

“An príomh-teachtaireacht a bhí ann do Ghaelgóirí na tríú leibhéil ná gur scil luachmhar í an Ghaeilge, ina bhfuil fostóirí sa tóir uirthi”

Moltar gan ligeant don scil meathliú, agus páirt a glacadh i saol sóisialta na Ghaeilge chomh maith. Cur i láthair cuimsitheach a bhí ann; leagadh amach na deiseanna fliúrseacha fostaíochta agus staidéir trí Ghaeilge atá ann do Ghaelgóirí óga na tíre, in Éirinn agus thar lear. Bhí an earnáil poiblí mar ábhar cainte (agus ráta tosaithe an tuarastail ag €35,000) ach ní ansin amháin atá buntáistí ann do Ghaelgóirí. Pléadh deiseanna sna meáin, in eagraíochtaí áitiúla a thacaíonn le gnó, agus i struchtúir an Aontais Eorpaigh. Tá gá ag iarrthóirí do roinnt de na phostanna seo cáilíochtaí sa dlí nó san aistriúcháin a bheith acu, ach ní ábhar imní é do ghach éinne eile; rinneadh plé ar postanna ar réimse leibhéil cáilíochta, agus faoi dheontais staidéir thar lear chun cáilíochtaí trí Ghaeilge a bhaint amach.  

Cúirt na hÉigse – Alanah ní Chinnéide

Oíche dhraíochtúil a bhí ann Dé Máirt seo caite ag Cúirt na hÉigse, le casadh ceol traidisiúnta, amhráin, filíocht agus prós curtha ós ár gcomhair. Bhí an aitriam plódaithe le tallann ar an oíche. Is oíche litríochta é Cúirt na hÉigse, atá dírithe ar litríocht agus ealaín na Gaeilge. Bhí Oifigeach na Gaeilge, Áine Ní Shúilleabháin, agus Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn, Pádraig Mac Brádaigh, i láthair. Is iadsan a d’eagraigh féile Sheachtain na hÉigse ar fad. Chun tús a chur leis an oíche, thug Mac Brádaigh óráid inspioráideach dúinn, ag moladh na Gaeilge agus na taibheoirí ar fad.

Sheinn an Cumann Ceol Traidisiúnta cúpla port ag líonadh an áit le ceol séiseac. Sheas sár-amhránaithe suas le amhráin álainne a chanadh- Grace Nic Eochaidh ag canadh Siúil a Rún agus Aela Ní Ghaoithín ag canadh Tógfaidh mé mo Sheoltaí. Ní an ceol agus amhránaíocht amháin a bhí ann. Léigh Arón Stiofán Ó Conaill an ghearrscéil An Ceann Gamhna ós aird agus d’aithris Aodhán Ó Múchú an dán Cill Aodáin ó Raifteirí. Bhí an file Cormac Mac Gearailt mar aoichainteoir na hoíche agus ba léir go raibh an lucht féachana faoi gheasa leis a bhfilíochta bheo. In éineacht leo, bhí Fachtna Mac Conghail, Oifigeach Foilseacháin an Cumann Gaeiligh, ag seoladh an tríú eagrán de Thuathal. Is irisleabhar an Chumann Ghaeiligh é Tuathal agus an t-aon foilsiúchán sa choláiste a bhfuil go hiomlán trí Ghaeilge. Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le éagsúlacht leathan a chinntiú in ábhar an irisleabhair toisc go bhfoghlaimíonn daoine an Ghaeilge agus léiríonn daoine iad féin i neart bealaí difriúla. Ghabh sé buíochas as gach duine a raibh i láthair agus a sheol a gcuid litríochta isteach chuig an irisleabhar. 

Is léir go bhfuil an oíche litríochta bliaintiúil seo an-thábhachtach do mhuintir na Gaeilge chun tallainne an phobal agus áilleacht na Gaeilge a léiriú agus taitneamh a bhaint astú.

Úrnaí Nóna – Contráth Mac Buideach

Le linn Seachtain na hÉigse, do chonaic Séipéal na Tríonóide a chéad seirbhís as Gaeilinn den bhliain agus ócáid taitneamhach a bhí ann. Bhí slua deas mór i láthair, le Cláratheoir an Choláiste, Oifigeach na Gaeilge, mic léinn, agus ionadaí ó abair.ie ina measc. Bhí Conor McCabe i gceannas ar an seirbhís le baill an phobal ag léamh sleachta. Ina theannta san, bhí an freagraí iontonaithe le Calum Byrne. Ba seirbhís álainn é, le a lán ceol iontach agus do chonacthas ceoil ó cumadóirí bunaithe in Éirinn: Darren Magee, David Bremer, agus Contráth Mac Buideach san áireamh, leis an bport nua ó Mac Buideach Críost Liom. Bíonn an Urnaí Nóna seo speisialta toisc go mbíonn sé seo an t-aon Úrnaí Nóna as Gaeilinn sa bhliain. Ba tráthnóna suaithinseach a bhí ann.

Díospóireacht Acadaimh na Lianna agus plé painéil polaitíochta – Gráinne ní hAilín

Bhí díospóireacht Acadaimh na Lianna ar siúl ar Déardaoin 15ú Feabhra i dTéatar Mháirtín Ó Cadhain de chuid Seachtain na hÉigse. Rinne mic léinn Choláiste na Tríonóide agus mic léinn Choláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn (CRMÉ) díospóireacht ar an rún ‘Beidh Intleacht Shaorga mar Shlánaitheoir ar an gCóras Sláinte amach anseo’. Bhí foireann Choláiste na Tríonóide ar son an rúin le foireann CRMÉ i gcoinne.  Díospóireacht shuimiúil a bhí ann agus bhí plé cuimsitheach déanta ar na mbagairtí agus buntáisí den intleacht shaorga don Chóras Sláinte. Ag deireadh na díospóireachta bhí ar na moltóirí plé crua a dhéanamh mar gheall ar ardchaighdeán na díospóireachta agus faoi dheireadh roghnaíodh CRMÉ mar bhuaiteoir. Bhuaigh Heather Ní Chana, cainteoir d’fhoireann Choláiste na Tríonóide, an duais don chainteoir is fearr ar an oíche. D’fhreastail slua mór ar an ndíospóireacht agus bhí soláistí agus deochanna ar fáil ina dhiaidh i Seomra na Gaeilge do chách. 

Ag leanúint ar aghaidh le topaicí rathúla, bhí plé painéil polaitíochta ar siúl Dé hAoine. Ócáid de chuid Aontas na Mac Léinn, an Cumann Polaitíochta agus an Cumann Gaelach a bhí ann agus bhí an plé painéil bunaithe ar an rún ‘An bhfuil plean don Ghaeilge i ndáiríre?’. Bhí ionadaí ó Chonradh na Gaeilge, An Comhaontas Glas agus an Páirtí Pobal Roimh Bhrabús i láthair ag an bplé painéil. Bhí plé déanta ar réimse leathan topaicí idir an Ghaeilge sa Tuaisceart, polasaithe oideachais sa rialtas agus laistigh de na páirtithe iad féin.

“D’aontaigh an dá pháirtí polaitíochta go raibh níos mó oibre le déanamh don Ghaeilge laistigh agus lasmuigh dá bpáirtithe”

Chuir Caolán ó Chonradh na Gaeilge an-bhéim ar pholasaithe Gaeilge an rialtais, fadhb na ndíolúintí agus an Ghaeilge sa Tuaisceart. D’admhaigh an Comhaontas Glas nach raibh na spriocanna leagtha amach sa Chlár Rialtas bainte amach acu go fóill ach go bhfuil obair ar siúl acu ionas go mbainfear amach iad. Plé spéisiúil agus eolach a bhí ann agus is léir go bhfuil i bhfad níos mó oibre de dhíth chun an Ghaeilge a chur chun cinn inár sochaí. 

Tara Ní Bhroin

Is í Tara ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge Nuacht na Trionoide. Tá sí sa tríú bhliain ag déanamh staidéar ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Junior Sophister year of earning a degree in General and Children’s Nursing