Éifeacht na paindéime ar sheandaoine

Faigheann Hazel Ní Bhroin léargas pearsanta agus acadúil ar thioncar Covid-19 ar sheandaoine.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Cloistear comhráite éagsúla faoi éifeacht Covid-19 ar dhaoine óga, ar mheabharshláinte daoine agus ar streachailt airgeadais maidir le níos lú postanna sa tír. Ach, dar liomsa, níl dóthain ráite faoi sheandaoine agus an tionchar ollmhór atá ag an bpaindéim orthu. Mar sin, shocraigh mé chun ceisteanna a chur ar mo mhamó agus mo dhaideo faoina dtaithí agus iad faoi dhianghlasáil. 

Tá deacrachtaí againn ar fad mar gheall ar Covid-19, ach nuair a tugadh treoir do sheandaoine chun clútharthú, bhí mé croíbhriste dóibh. Is deacair é a shamhlú nach raibh cead acu dul níos faide ná an doras tosaigh. Deir mo mhamó, “Baineadh siar asam nuair a d’fhógair siad nach raibh cead againn fiú dul ar siúlóid.” Leanann mo dhaideó ar aghaidh: “Bhí sé deacair go leor nuair a dúradh linn nár chóir dúinn ár ngaolta a fheiceáil, ach ní raibh mé ag súil le nach mbeidh cead agam dul taobh amuigh ar chor ar bith.”

Sa tuairisc a rinne TILDA faoi thioncar na paindéime ar shaol seandaoine in Éirinn, fuair siad gur tháinig méadú ar uaigneas agus aonrú sósialta mar gheall ar na srianta. Ní dóigh liom gur féidir linn fiú samhlú ar cé chomh uafásach is atá sé nuair a deirtear leat nach bhfuil cead agat do theaghlach a fheiceáil nó fiú do theach féin a fhágáil. Aontaíonn mo sheantuistí go mór leis seo: “Táimid chomh buíoch go bhfuilimid inár gcónaí le chéile, bhí sé deacair gan a bheith uaigneach leis na srianta ach bheadh sé níos deacra fiú agus tú i do chónaí ar d’aonar.” 

Feicimid ón dtuairisc go soláthraíonn 29% de na daoine os cionn 70 mbliana d’aois cúram leanaí dá gcuid garpháistí. Is figiúr ard é seo, rud a chiallíonn go raibh go leor páistí fágtha gan aon aire agus go leor seantuistí fágtha gan aon struchtúr agus sonas mar gheall ar na srianta. Roimh an gcoróinvíreas, thug mo sheantuistí aire do mo chol ceathrar fad is bhí m’aintín ag obair. Faraor, ní raibh cead acu garpháiste ar bith a fheiceáil ar feadh tamaill fhada, agus deir siad gur mhothaigh siad caillte: “Ní raibh a fhios againn cad ba chór dúinn a dhéanamh chun an lá a líonadh — bhí ár gnáthamh go hiomlán scriosta,” a deir mo dhaideó. De réir TILDA, bhí iarmhairtí diúltacha le feiceáil maidir le sláinte choirp agus meabharshláinte na seandaoine sa tír mar gheall ar na srianta. Ní raibh argóint ar bith ag mo sheantuistí in aghaidh an ráitis sin. Deir mo mhamó: “Táimid an-dlúth le chéile mar theaghlach agus mar sin, ba streachailt é gach lá nuair nach raibh cead againn iad a fheiceáil.”

Sa tuairisc deirtear gur fuair an líne tacaíochta náisiúnta ALONE 26 174 glaoch suas go 5 Iúil agus tháinig 55% de na glaonna sin ó dhaoine os cionn 70 bliana d’aois. Is staitistic imníoch é seo agus b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil dóthain cabhrach agus tacaíochta ar fáil do sheandaoine le linn na n-amanna gan fasach seo. De réir TILDA, ba chóir go mbeidh straitéisí curtha chun cinn mar ábhar práinne, chun dul i ngleic leis an leibhéal ard drochshláinte mheabhrach i measc seandaoine in Éirinn i rith na paindéime.

Tar éis mo léamh den tuairisc a rinne TILDA agus ceisteanna a chur ar mo sheantuistí, is léir go raibh agus go bhfuil tionchar fós ollmhór ag an bpaindéim seo ar sheandaoine in Éirinn. Cinnte, tá tionchar ag an gcoróinvíreas orainn ar fad ach caithfimid tús áite a thabhairt do na seandaoine leochaileacha inár measc. Buíochas le Dia, tá vaicsíní ar fáil anois agus caithfimid dóchas a choinneáil faoin todhchaí. É sin ráite, tá go leor seandaoine fós ag streachailt leis na srianta reatha. Chun cabhrú leo go fíorúil, ná déan dearmad teagmháil a choinneáil leo: “Thóg sé mo chroí nuair a bhíomar ag caint leis na garpháistí ar an bhfón,” a deir mo mhamó. Aontaíonn mo dhaideo léi: “Chabhraigh sé go mór linn sibh a chloisteáil nuair nach raibh cead againn sibh a fheiceáil.” Ní thógann sé ach cúig nóiméad chun glaoch a chur orthu, agus laghdaíonn sé drochthionchar na pandéime orthu go mór. 

Gluais (Glossary)

Meabharshláinte – mental health

Streachailt airgeadais – financial struggles

Clúthárthú – cocoon

Doras tosaigh – front door

Baineadh siar asam – I got a shock

D’fhógair – announced

Gaolta – relatives

Aonrú sóisialta – social isolation

Srianta – restrictions

Soláthair – To provide

Cúram leanaí – childcare

Garpháistí – grandchildren

Caillte – lost

Gnáthamh – routine

Iarmhairtí diúltacha – negative effects

An-dlúth – very close

Streachailt – struggle

Imníoch – worrying

Tacaíocht – support

Na n-amann gan fasach – unprecedented times

Straitéisí – strategies

Ábhar práinne – matter of urgency

Ollmhór – huge

Tús áite – priority

Srianta reatha – current restrictions

Go fíorúil – virtually