Is deis é an t-oideachas dhá-theangach chun srianta aicme shóisialta a sharú

Bilingual education offers a chance to overcome social class limitations

Is minic a dhéantar tagairt d’Éire mar Oiléan na Naomh agus na nOllúna. Muscalaíonn an frása fileata seo saibhreas oidhreachta agus oideachais na tíre seo ionainn. Cuireann sé i gcuimhne fosta ceangal docht an oideachais agus na hEaglaise thar na blianta. Rud a leagann béim ar na hathruithe suntasacha sa chóras oideachais le breis agus céad bliain anuas. 

Is cinnte ón litríocht go bhfuil baint oideachais an frása fós le braith toisc go bhfuil córas oideachais na hÉireann i measc na gcóras oideachais is laidre sa domhan thiar. Ach is cosúil freisin go bhfuil réabhlóid ciúin, ó thaobh na sochaí agus an creidimh de, tar éis sileadh isteach sa chóras oideachais. I dteannta le hathruithe ó thaobh teicneolaíochta, eacnamaíochta, creidimh agus sochaí de, tá tírdhreach an oideachais inniu scoilte ar bhonn aicme. San fholús fágtha i ndiaidh dífheistiú scoileanna faoi phátrúnacht agus ceannas ord religiúndach, tá gnéithe sochaí eile nua inniu a gcinníonn caighdéan oideachas, agus a bhaineann buntáiste do ghrúpa amháin, i gcoinne grúpa eile. Bíonn mórán do na cinntithigh tipiciúil d’oideachais rathúil na linne seo gaolta le fachtóirí socheacnamíocha – mar shampla caighdéan an fhoireann scoile, rannphairtíocht na tuismitheoirí, an teicneolaíocht agus trealamh ar fáil. Mar tír atá mórálach as a heaspa deighilt aicme, conas gur féidir linn an fhíric agus an meon seo a réiteach? Ceistítear an bhfuil bealach gur féidir ardchaighdeán oideachais a chinntiú, nach bhfuil ag brath ar bunús airgid. Léiríonn Liosta na Scoileanna Friothálacha an Irish Times firící áirithe dúinn i leith réim an tionchar a mbíonn ag oideachas dara leibhéal ar dhaltaí in Éirinn agus a gcinneadh faoin oideachas tríú leibhéal. Feictear go bhfuil tionchar dearfach go háirithe sna gaelcholáistí.

Foilsíodh Liosta na Scoileanna Friothálacha i mí na Nollag seo caite. Is tomhas é seo a úsáidtear chun scoileanna dara-leibhéal a chuir in ord de réir líon na ndaltaí a théann ar aghaidh chuig oideachas triú leibhéal. Agus dá dheasca, úsáidtear é chun gnéithe áirithe d’oideachas dara-leibheal rathúil a aithint.  Tá tábhacht agus meas an liosta treisithe ón bhfíric go dtagann tromlach do chlú agus moladh oideachas na tíre seo ón líon mór de dhaltaí a théann ar aghaidh chuig ardoideachas – uimhir atá 13% níos airde na méan an OECD*. Mar sochaí, is léir go leagann muid luach ar oideachas triú léibhéal mar an céim nadúrtha i ndiaidh an Ardteist. Leagann muid béim ar shonraí an liosta seo, mar i mbealach is síneadh é don oideachas agus dearcadh a bhfaigheann daltaí ag dara leibhéal. 

Má glactar leis gur siombal í ardoideachas d’oideachas rathúil, cad iad na coinníollacha faoi leith ina réitítear agus spreagtar í seo ag dara leibhéal ? Dar leis an liosta seo, is iad dhá instititúid áirithe a tháirgeann ardlíon daltaí ollscoile agus a mbíonn ag barr an liosta bliain i ndiaidh bliana – sé sin scoileanna príobháideacha agus Gaelcholáistí.  I mbliana, tháinig trí Ghaelcholáisti in éineacht le seacht scoileanna príobháideacha ar barr an liosta, le ‘Catholic University School’ ar Sráid Líosain Íochtarach ag tógáil an chéad áit.

Gaelcholáiste is ea scoil ina mbíonn Gaeilge mar príomhteanga na scoile, agus déanann na daltaí staidéar ar na hábhair uile trí mhéan na Gaeilge. De gnáth bíonn siad maoinithe ag an Stáit agus ní bhíonn táillí i gceist leo. 

Dar le figiúirí na bliana seo, chuir scoileanna príobháideacha an coibhneas is mó daltaí ar aghaidh chuig triú leibhéal, le 99% dá dhaltaí ag dul ar aghaidh go triú léibhéal. Leanann na Gaelcoláistí le 96% dá dhaltaí ag dul ar aghaidh, i gcomparáid le 82% dá chomh-mhic léinn a d’fhreastal ar scoileanna Béarla (níl scoileanna DEIS san áiremah san bhfigúir seo). I gcás an cinéal triú léibheal, leiríonn sonraí na gaelscoileanna ráta ard forchéimniú go ollscoileanna tradisiúnta i gcomparáid lena comhpháirti i scoileanna lán-Béarla. I gcás Rang Ardteiste na Gaelscoileanna 2023, bhain beagnach 60% dóibh cúrsa in ollscoil tradisiúnta amach, le 21% ag dul ar aghaidh chuig cúrsaí in ollscoil tecineolaíochta. Chuaigh 14.8% eile dóibh ar aghaidh chuig institiúidí eile ar nós coláiste oiliúna múinteora. 

Bliain i ndiaidh bliana, déanann an liosta seo aibhsiú ar an éifeacht a mbíonn ag fachtóirí socheacnamaíocha ar dhul chun cinn na ndaltaí”

Ní hamháin go bhfuil daltaí na scoileanna príobháideacha ag dul chun cinn ag ráta ard, ach léiríonn Liosta na Scoileanna Friothálacha go bhfuil dochúlacht i bhfad níos airde go mbainfidh siad cúrsaí le pointí airde amach. An deacracht ná nach féidir le déagóir a n-aicme shóisialta nó a gcúlra socheacnamaíocha a athrú. In ainneoin cúpla scoláireacht, is beag seans atá ag daoine ó cúlraithe áirithe freastal ar na scoileanna seo. Is cosúil ó sonraí an liosta seo gurb í oideachas trí Gaeilge an bealach is fearr don gnáthdhuine taithí oideachais a fháil ar chomhchéim leis an oideachas a fhaightear sna scoileanna príobháideacha- ach cén fáth í sin?

Glactar leis gurb iad cúlra agus staid eacnamaíochta na ndaltaí na príomhcúiseanna le rath na scoileanna seo, ach is cinnte freisin go bhfuil éifeacht ag aidhm agus cuspóirí dírithe agus uatháil an scoil. Tá stair, nósanna agus cuspoirí uatháil agus láidir ag na scoileanna seo a chabhraíonn seo aitheantas agus cultúr áirithe a aithint, agus a chur chun cinn. Cosúil le léirithe an litríocht i leith aidhm corparáideach, is féidir le cultúr scoile láidir bheith ina ábhar spreagúil do mhisean na scoile, mar aon leis an bpobal scoile. Treoraíonn aidhm agus misean láidir forbairtí curraclam agus cinntí rialachas mar aon le stráitéisí oideachas. Tá aidhm dírithe agus uatháil, lastall de oideachas maith a chur ar fáil ag Gaelcholáistí. Sna scoileanna seo, déantar an Ghaeilge agus an cultúr gaelach a sháinniú i bpolasaithe oideachais na scoile, ón spóirt agus ceol go dtí an litríocht. Is minic gur bhunaíodh na scoileanna seo mar thoradh ar feachtas pobail, a chiallaíonn go mbíonn cultúr agus nósanna na scoile bunaithe ar luachanna an phobal tuismitheora. Dá bhrí sin, bíonn baint níos mó ag tuismitheoirí i riarachán na scoile de gnáth. Uaireanta fiú feictear tuismitheoirí ar an mbord scoile, rud a chinntíonn go bhfuil riachtanais an phobal scoile lárnach i gcinntí rialachas a ndéantar.

Ní hamháin go bhfuil an Béarla, Gaeilge, Fraincís, agus Spáinnís á réiteach ag daltaí mar ábhar don Ardteist, ach tá siad sáite i dtimpeallacht teangeolaíochat a tacóidh leo i mbealach iomlánaíoch. Tá móran litríocht a threisíonn na buntáistí luachmhara a thagann le oideachas dhá-theangach tumthach, i gcomparáid le oideachas aonteangach. Léiríonn staidreacha go gcothaíonn oideachas dhá-theangach cumas cognaíoch méadaithe i dtaobh cuimhne, aird agus scileanna fadhbréiteach. Ar meán, léirítear go bhfuil cumas matamatice and litríochta daltaí dhathéangach níos airde na daltaí aontheangach. Buntáiste nach féidir le scoileanna Béarla aithris a dhéanamh ar.  

Nílim ag fógáirt gurb iad Gaelcholáistí an leigheas míorúilte do srianta aicme shóisialta- ach is cinnte gur ábhar machnaimh í sonraí an liosta seo. Ní haon rún é gur athsmaoineamh í an ghaeilge sa gcóras oideachas do mórán. Ach treoraíonn an liosta seo éifeacht an teanga i mbealach atá tomhaiste agus soléir, gan an sceipteachas, claonadh agus gáifeachas a mbíonn iomaí bainteach le comhrá faoi staid na Gaeilge sa chóras oideachais. D’’fhéadfaí a rá go bhfuil deis ann don phobal déagóra a mbraitheann teoranta de bharr a stádas socheacnamíocha chun oideachas atá níos cothromaí a fháil sna Gaelcoláistí.

[*] OECD, Education at a Glance, 2022 and 2023