Ag Foghlaim na Gaeilge: An Bóthar Fada

Labhraíonn Dusk Mac Buideach faoin a dtaithí ag foghlaim na Gaeilge mar mac léinn idirnáisiúnta.

Is féidir le foghlaim teanga nua a bheith scanrúil, dúshlánach. Tá rialacha nua, gramadach nua, agus fuaimeanna nua ann. Is féidir leo go léir a bheith mearbhlach. Tá sé seo fíor don Ghaeilge gan dabht. Is ábhar éigeantach í an Ghaeilge sa chóras oideachais in Éirinn. Mar sin, bíonn taithí ag fórmhór den pobal leis an nGaeilge – fiú na bonnprionsabail. Ach do mhic léinn idirnaisiúnta atá ag foghlaim í, is féidir leis an nGaeilge a bheith deacair go leor. 

Dusk Mac Buideach is ainm dom. Is as Meiriceá mé agus thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge anuraidh. Bhí spéis agam sa Ghaeilge agus í a fhoghlaim mar is breá liom ag foghlaim teangacha nua agus ceapaim go bhfuil Gaeilge an-suimiúil mar teanga. Ach ní raibh acmhainní nó an am agam i gCarúilín Theas, mar sin bhí sé deacair í a fhoghlaim ansin. Nuair a tháinig mé go hÉirinn, bhí mé ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim arís. Mar sin, thosaigh mé ag glacadh páirte sa gCumann Gaelach. Gach uile lá, bím ag triail níos mó Ghaeilge a labhairt nó a fhoghlaim. Mar sin, lá i ndiaidh lae tagann feabhas ar mo chuid Gaeilge. Cé go mbíonn sí an-deacair agus bearránach uaireanta, lean mé ar aghaidh léí. Agus le ádh mór, tá a lán acmhainní ar fáil ar an gcampas.

I mo chéad seimeastar, ghlach mé páirt sa Chumann Gaelach. Ceapaim g’acmhainn luachmar í an Cumann Gaelach agus ba cheart do mhic léann ar fad an acmhainn seo a úsáid. Fiú muna féidir libh Gaeilge a labhairt, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar Sheomra na Gaeilge. Is é an bhealach is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim ná í a labhairt. Thug mé faoi deara go raibh mo chuid Gaeilge ag feabhsú tar éis freastal ar imeachtaí an Chumann Gaelaigh. I mo dara seimeastar, thosaigh mé ag scríobh dánta as Gaeilge agus chabhraigh sé sin liom an teanga a fhoghlaim. Bhí mé i gconaí ag scríobh toisc go dtaitníonn an filíocht go mór liom. Thosaigh mé le dán simplí ag díriú ar mo shaol i Méiriceá. D’úsáid mé focail agus gramadach simplí. Ansin, chuir mé faoi bhráid go Tuathal é (irisleabhar liteartha an Chumann Gaelaigh) agus d’éirigh liom go maith. Mar sin thosaigh mé ag scríobh níos mó. Ceapaim go gcabhríonn an scríbhneoireacht le teanga a fhoghlaim toisc go féidir leat triail a bhaint as gramadach agus focail nua. Le gach botún a rinne mé, d’fhoghlaim mé coincheap nua nó riail nua. Le gach dán, le gach píosa scríbhneoireachta, fuair mé níos mó taithí leis an nGaeilge.

Ach, gan mo chairde Gael, níl a fhios agam dá leanfainn ar aghaidh le Gaeilge a fhoghlaim. Tá pobal tacúil anseo i gColáiste na Trionóide, agus bhuail mé leis an méid sin daoine dochreidte anseo. Bíonn gach duine chomh spreagúil maidir le mo chuid Gaeilge agus mo chuid foghlama. Níor mhothaigh mé rud ar bith ach spreagadh ó phobal na Gaeilge, agus cuireann sé sin áthas an domhain orm. Chomh maith leis sin, tá Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide thar a bheith iontach agus cabhrach liom. Tá a dtacaíocht agus a n-acmhainní chomh luachmar dom. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil dóibh as na ranganna Gaeilge a chuireann siad ar fáil do mhic léinn, agus an solúbthacht a thaispeann siad dom. Tá mé paiseanta faoin Gaeilge, agus tá mé ag súil go féidir liom lean ar aghaidh léí a fhoghaim agus a labhairt. 

Ceapaim go ceart do níos mó mic léinn, Éireannach agus idirnasiúnta, páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. Tá an teanga deacair ar dtús. Ach, éiríonn sí níos éasca. Cuireann sé áthas orm an suim sa Ghaeilge ag méadú a fheiceáil. Chomh maith le sin, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go gcaomhnaíonn muid ár dteanga agus í a chur chun cinn don chéad glúin eile. Is cuid an-tábhachtach dár gcultúr í, agus is cuid an-tábhachtach de mo taithí coláiste í. Cé go bhfuil mé ag tús m’aistear le Ghaeilge, táim ag feabhsú gach lá. Aimsím níos mó grá don teanga gach uair a labhraím í. Agus ní thrádálfainn í ar ór ná ar airgead.