An Dearcadh ar Éireannaigh thar lear: na steiréitíopaí agus an fhírinne

Is minic a chloistear na steiréitíopaí faoi na hÉireannaigh ach an fíor iad? Déanann Niamh ní Lideadha imscrúdú ar an dearcadh atá fúinne sa Fhrainc.

Cad a cheapann daoine idirnáisiúnta orainne nuair atá muid thar lear? Is mise Niamh, i láthair na huaire, agus táim ar Erasmus sa chathair álainn Bordeaux sa Fhrainc. Creid é no ná chreid, táim i mo chónaí anseo os cionn teach tabhairne Éireannaigh! Nach íorónta é sin? Tá deis agam chun stáidear anseo i dtír álainn lán le cultúr nua agus difriúil ach tá roinnt daltaí ina gcónaí is ag obair sa phobal Éireannaigh, fiú thar lear. Mar sin, táim chun léargás fíorúil a thabhairt daoibhse ar mo thaithí anseo mar Éireannach agus mac léinn idirnáisiúnta- agus na réamhchlaontaí ag na bhFrancaigh agus na mic léinn idirnáisiúnta fúinne. Ar dtús báire, cad é an steiréitíopa Éireannach? Conas a mhothaíonn sé chun a bheith Éireannach thar lear? 

Tá fios ag cách faoin íomhá áibhlithe a fheictear ionainn. Bíonn na ceisteanna céanna steiréitipiciúil curtha ormsa go minic anseo sa Fhrainc. An bhfuil tú gafa le Guinness agus alcól? An seineann tú gach uirlis ceoil traidisiúnta? An ólann sibh an iomarca tae? Ceaptar go leipreacháin beaga atá gafa le prátaí muid, agus go mbíonn bogha báistí thar na páirceanna i gcónaí. Níl ionainn ach lucht racánach, glórach atá tógtha leis an ólacháin.

Ar ndóigh, tá timpeallacht agus atmaisféar go hiomlán difriúil thar sáille. Mar sin, ní ionadh é go mbíonn na hEireannaigh suaithinseach, mar chág i measc péacóg. Téimid thart i ngrúpaí. 

Thar lear, tá difríocht súntasach maidir leis an aimsir i dtosach báire, ansin is féidir le cách muid go léir a fheicéail lenár dó gréine. Ní creidítear go forleathan i measc aon náisiúntach eile go bhfuil muid in ann aon dath gréine a fháil. Tá sé dóshéanta. Ach ar laghad, tá bricneach againn, agus tá siad chomh uathúil. Is dócha go bhfuil éad orthu fúinn.

“Mar dhuine, is féidir liom a rá go gceaptar go bhfuil na hÉireannaigh dothuigthe”

.

Tá ár gcaractar chomh difriúil agus ait do heachtrannaigh. Mar shampla, bhí ionadh an domhan ar roinnt buachaillí Gearmánach agus Ollainnise ar ár gcuid iompar maidir le Corn Rugbaí an Domhain. Mar is gnáth, thosaigh muid ag canadh cúpla port spleodracha tar éis ceann de na cluichí a bhuaigh foireann na hÉireann, cósúil leis na seanamhráin ‘Fields of Athenry’ agus ‘Oró sé do Bheatha Bhaile’. Bhí meas agus náire acu dúinn. Ní ligfeadh siad an náire sin orthu. Ní fheicfí iad marbh ag canadh os ard. Léirítear ár n-intinn oscailte agus aerach i gcomparáid le tíortha eile níos dolúbtha nó cúthail. Níl aon náire againn, bronntar bua na dteangach orainne go léir. Ní stopfaimis ár gcuid cainte – d’fhéadfaimís comhrá a bheith againn leis an mballa.

Chuir mé ceist ar roinnt do mo chairde as tíortha éagsúla. Sa chás seo, Is as an Ghéarmáin, an tSualainn, an Iodáil, agus fiú Peiriú agus Meicsiceo siad. Seo céard a dúirt siad dúinn.

“Mar phobal, feictear go bhfuilimid thar a bheith bródúil as ár gcultúr agus ár n-oidhreacht dhúchasach”

Tabhairfidh mé shamplaí daoibh – bímid ag lorg na hearraí Éireannaigh anseo le haghaidh an compoirdeachas cosúil le Heinz Beans agus barra seacláide Dairy Milk, nó tae Barry’s agus Lyons – cibé ceann ba mhaith leat. Fiú tairgim cupán tae Éireannaigh do gach cara idirnáisiúnta atá agam anseo – an tae is fearr a bhlasfidh siad riamh ar ndóigh. Chuir mé an ceist ar an siopadóir, conas gur tháinig an siopa seo i mBordeaux? An bhfuil aon baint aici nó na hoibrithe eile le hÉirinn ? Bhí ionadh orm nuair a dúirt sí nach raibh nasc ar bith acu leis ár dtír. Léiríonn sin, áfach, go dtaitníonn ár gcultúr agus earraí go mór leis na Francaigh. Tá gá ann don siopa Gaelach sa Fhrainc, i ngach cathair. Dúirt mo chairde go léir an rud céanna, tá ceann ann i bPáras, Grenoble, Strasbourg is a léithéad. 

Dúirt mo chomrád tí go bhfánaimid lena chéile inár mboilgeog Gaelach den chuid is mó. Is féidir leat a ra go uaireanta is maith linn a bheith ar ár sáimhín só. Nuair a théann muid thar lear, freastalaíonn muid ar na dtithe tabhairne dár dtír féin. Tá an seanfhocal cáiliúil fíor sa chás seo-  ‘níl aon tinteán mar do thinteán féin.’ Is féidir le héinne é sin a fheicéail go soléir. Déanfaimid gach uile iarracht a bheith an duine is Éireannaí agus muid thar lear. Cinnte, thosaigh mé ag imirt peil ghaelach arís anseo, tar éis sos beag ar feadh sé bliana. Gach oíche a théim amach, ceapaim go bhfuil mé an damhsóir Gaelach is fearr ar domhan, cé nach ndearna mé é i gceart ó bunscoil.  Ach is léir go bhfuil borradh mór tagtha leis an gcultúr Gaelach ar fud an domhain. I ngach treo, feictear an tóir mhór atá ar cheol na hÉireann, agus tá clubanna CLG ar fud na háite chomh maith le scoileanna rince Gaelach. 

Dúirt mo chairde anseo dom go bhfuil sé an-ghleoite go bhfuilim chomh bródúil as agus paiseanta faoi mo thír agus teanga dhúchais. Níor bhuail siad le héinne riamh leis an mbród agus grá sin don oidhreacht féin. Is rud annamh é sin agus tá an t-ádh linn go bhfuil ár n-oidhreacht agus cultúr chomh láidir agus luachmhar timpeall an domhain, ní hamháin in Éirinn. Níor mhothaigh mé chomh Éireannach is a mothaím anseo. 

An sampla is fearr chun an ceist seo a fhreagair ná an taithí a bhí againn le linn an Corn Domhanda Rugbaí anseo sa Fhrainc. Bhí an t-ádh liom a bheith anseo i mBordeaux agus an cluiche ar siúl. Bhí an deireadh seachtaine sin craiceailte. Bhí an cathair clúdaithe i nglas don seachtain ar fad. Chaith mé éadaí glasa don téarma iomlán. Deirtear go han-minic, ní bhíonn in aon rud ach seal. Ní bheidh mo mhuintir anseo i mo chathair nua arís ar an méid céanna agus mé anseo. Tar éis an bua mór a bhain an fhoireann Éireann amach, bhí ceolchoirm iontach ar díon an tábhairne. Bhí an áit dubh le daoine- bhí an príomhsráid dúnta don oíche! Dúirt mo chara Sasanaigh gur tharraing sí an ghearróg gan a bheith as Éirinn an oíche sin. Níl aon dabht faoi ach go daonra speisialta muid. 

An gcloíann muid le steiréitíopa na nÉireannaigh mar mheisceoirí? An ceist is tábhachtaí ná an ólann muid an iomarca alcól gach aon uair? Cibé am, cibé áit- beidh an craic agus ceol ann linn. Bhain cluiche rugbaí Éire i gcoinne Albain ar an 7ú Deireadh Fómhair curiarracht nua amach ar an méid piontaí díolta. Bhí 137,000 pionta beoracha díolta ag Stade de France i mbliana leis an 78,459 lucht féachana i lá amháin ag an gcluiche sin. Sháraigh an taifead seo an curiarracht roimhe de 90,000 pionta le linn ceolchoirm Metallica ag an staidiam. Mar a dúirt Rugby International: “Bhí an corn domhanda buaite ag an Afraic Theas, ach ní bheidh Albain ná Éire buailte go deo ag an gluiche dí.”

“Is é an steiréitíop is láidre fúinn ná go mbíonn na hÉireannaigh i gcónaí ag ól go hard na spéire”

Ní bhíonn lá leadránach ag obair nó ag ól sna tithe tabhairne éagsúla riamh. Síos an staighre, bíonn karaoke, damhsa salsa nó swing, tráth na gceist, seisiúin ceoil agus cluichí spóirt freisin. 

Is léir go bhfuil cultúr agus carachtar ar leith againne mar dhaonra i gcomparáid l’éinne eile. Táimid bródúil as ár dtír, cultúr agus craic álainn. Tá cúis ann go bhfuil an oiread sin tithe tábhairne Éireannaigh ar fud an domhain. Tá aithne agus meas ag na daonraí ar fad orainne. Níl éinne cosúil linn. Is spraoi iontach muid ar fad. Pé áit a dtéann tú, tiocfaidh tú ar Éireannaigh. Is muid na hÉireannaigh ar fud na cruinne ag scaipeadh ár n-áthas agus gliondar.