(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom)
Tá ardmheas agam ar Mairidh agus í ag bunú a comhlachta féin le linn na paindéime seo. Chruthaigh sí an comhlacht Sew it Seams agus i 19 bliana d’aois, ag tús an chéad dianghlasála agus tá sé ag fás ó shin. Sa mheánscoil, ba léir go raibh Mairidh an-chruthaitheach. Bhí sí iontach ag an ealaín agus thosaigh sí ag dearadh a cuid éadaí féin agus muid fós ar scoil. Tar éis dearadh a gúna féin i gcomhair damhsa na ndeibeanna, bhí a fhios ag gach éinne sa rang go raibh an-chumas aici. Chuaigh mé chun bualadh le Mairidh chun fiosrú amach na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le fiontraíocht agus tú mar mhac léinn sa choláiste i lár paindéime.
Nuair a chruthaigh Mairidh an leathanach Instagram “sew_it_seams” beagnach bliain ó shin, ní raibh sí ag súil leis an bhfreagairt dearfach a fuair sí. Dúirt sí: “leis na fírínne a rá, thosaigh mé an leathanach sin chun dul chun cinn a dhéanamh ar mo chuid scileanna fuála”. Ní raibh sé ar intinn aici comhlacht iomlán a bhunú, ag díoladh seaicéadí lomra ar chor ar bith: “ba é an seaicéad lomra an chéad rud a chuir mé suas ar an leathanach agus saghas phléasc gach rud suas ina dhiaidh sin”.
Tá sé deacair go leor comhlachta a chruthú leat féin nuair nach bhfuil ach cúpla daoine ar an eolas faoi, go háirithe i lár paindéime. Uaireanta bíonn an dul chun cinn an-mhall nuair a thosaíonn tú amach ag bunú comhlachta úir agus d’aontaigh Mairidh leis seo: “d’fhorbair sé píosa ar phíosa don chéad cúpla mí, ach tar éis mo 100ú geansaí, rinne mé aicsín agus d’fhás mo leathanach go mór tríd sin”. Le cumhacht na meáin shóisialta, thosaigh daoine ag scaipeadh eolais faoi dhíolacháin na ngeansaí ar Instagram tar éis an aicsine sin a rinne Mairidh ar an leathanach “sew_it_seams”. Tháinig borradh ar an leathanch agus beagnach bliain ina dhiaidh, tá níos mó ná 13,000 leantóirí ag an leathanach.
Sa lá atá inniu ann, braitheann go leor daoine ar na meáin shóisialta mar bhealach chun deimhniú go mbeidh an gnó atá acu ag dul ó neart go neart. Braitheann go leor bunaitheoirí ar na meáin chun a gcomhlacht a choinneáil i mbun gnó tar éis na paindéime. Mar gheall air seo, d’inis Mairidh dom go bhfuil sí chomh buíoch as na leantóirí ar fad atá aici: “roineann siad mo chuid postanna, scaipeann siad mo leathanach lena gcuid cairde agus tugann siad tacaíocht dom i gcónaí.” Is léir go raibh Mairidh, mar go leor úinéirí eile timpeall na tíre, ag brath ar na meáin shóisialta an bhliain seo: “gan mo chuid leantóirí ar Instagram, ní bheadh mo leathanach leath chomh rathúil is atá sé inniu.”
Ní féidir liom a thuiscint cé chomh deacair is atá sé a bheith féinfhostaithe agus tú fós mar mhac léinn san ollscoil. Dúirt Mairidh: “bíonn ort an tasc céanna a dhéanamh arís is arís, rud a éiríonn an-tuirsiúil”. Lean sí ar aghaidh: “ach b’fhearr liom a bheith ag obair dom féin seachas d’éinne eile – an rud is measa faoi gan dabht ar bith ná tuiscint a bheith agat cathain briseadh a thógáil agus conas an chothromaíocht cheart a aimsiú.”
Ba mhisniúil an mhaise d’éinne comhlacht nua a bhunú, go háirithe agus tú fós san ollscoil. Má theastaíonn comhairle nó ionspráid ó éinne atá ag smaoineamh faoina ngnó féin a chruthú deir Mairidh: “an t-aon comhairle atá agam ná díreach chun é a dhéanamh, stop ag suí siar ag smaoineamh faoi.” Lean sí ar aghaidh go macánta: “dá ndéarfadh tú liom fiú seachtain sular thosaigh mé mo ghnó go raibh mé chun comhlacht a bhunú, ní chreidfinn thú!” Cruthaíonn rath Sew it Seams, gur fiú é dul sa seans le rudaí ó am go ham. “Caithfidh tú é a thosú am éigin agus níl aon am níos fearr ná anois!”
Cinnte, bíonn sé deacair aon rud dearfach a bhaint den choróinvíreas. Ach cabhraíonn sé go mór liom nuair a chloisim faoi dhaoine ag baint leas iomláin as an méid ama atá againn sáinnithe sa teach. Is léir go bhfuil Sew it Seams faoi bhláth, agus táim ag tnúth go mór leis an todhchaí agus na pleananna atá ag Mairidh dó. Taispeánann Mairidh dúinn gur féidir rud ar bith a dhéanamh má luíonn tú isteach air.
Gluais (Glossary)
Ardmheas admire
An-chruthaitheach very creative
Dearadh design
Damhsa na ndeibeanna Debs ball
Bualadh le catch up with
Dhear designed
An-chumas very talented
Freagairt response
Fuáil sewing
Seaicéadí lomra fleeces
Pléasc blow up
Aicsín giveaway
Scaipeadh spreading
Borradh growth
Leantóirí followers
Braitheann relies
Gnó business
Ó neart go neart from strength to strength
I mbun gnó keep the business afloat
Tacaíocht support
Rathúil successful
Féinfhostaithe self-employed
An-tuirsiúil very tiring
Cathain when
Cothromaíocht cheart a aimsiú to strike the right balance