Na Gaeltachtaí agus Covid-19

Iomarcaíochtaí, caillteanais ioncaim agus dícheangal — staid na nGaeltachtaí faoi láthair.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.) 

Nuair a smaoiním ar an nGaeltacht, smaoiním ar an turas fada a dhéanaim chun í a shroicheadh — an bus go Baile Átha Cliath, an traen go Cathair Ghaillimhe, agus ansin an turas sin sa bhus atá chomh lúbach agus samhnasach, gan deireadh leis na gleannta agus cúinní. Ach sroicheann tú an ceantar agus is fiú gach rud — an Ghaeilge, an suaimhneas, na tránna, na radhairc shléibhtiúla. Ach an bhliain seo, le cailleadh thionscal na turasóireachta agus na cúrsaí samhraidh, conas atá na ceantair Ghaeltachta ag deaileáil? Labhair mé le Marc agus Katie, mic léinn ó Ghaeltachtaí, faoi sprid na Gaeltachta faoi láthair agus conas atá na pobail ag deaileáil leis na caillteanais ioncaim.

Ar ndóigh, bhuail Covid-19 tionscal na turasóireachta in Éirinn, ach is cosúil le go bhfuil sé seo léirithe sa Ghaeltacht ach go háirithe. “Inseodh na hoibrithe ó na báid fharantóireachtaí dom go raibh uimhreacha an bháid tite beagnach nócha faoin gcéad,” a deir Marc liom. “Scaoileadh formhór na n-oibrithe chun bealaigh”. Deir Marc gur labhair na hoibrithe seo leis faoi “cé chomh uafásach is atá sé nach bhfuil na turasóirí thart, mar ‘thug siad séisíní iontacha dúinn’ agus chaith siad ‘timpeall míle euro ar na geansaithe Árann.’”

“Nuair a thugaim cuairt ar mo theaghlach, tá orm m’obair adadúil a chur ar leataobh.” 

Go hiondúil, ní bhíonn na seirbhisí idirlín an-mhaith sna ceantair seo. Go minic, téann daoine chuig an Ghaeltacht díreach mar thoradh air seo — chun éalú ó ghnáthghníomhaíochtaí an tsaoil. Mar is eol le gach dalta a bhfuil taithí acu ar chúrsa samhraidh, ní sheolann do Snapchats chomh tapa agus ba mhaith leat. Mar gheall air seo, bhí mé fiosrach faoi mhic léinn agus conas a dhéileálann siad leis na seirbhísí easnamhacha seo. Insíonn Katie dom gur bheartaigh sí ar bhogadh go Cathair Chorcaí mar gheall ar an “easpa achmhainní digiteacha sa Ghaeltacht —  ní féidir le mo Wi-Fi déileáil le foghlaim ar líne.” Fiú nuair a thóg sí sos ón ghnáthshaol chun cuairt a thabhairt ar a ceantar i rith na srianta níos scaoilte, bhí moill curtha ar obair Katie de bharr na seirbhísí easnamhacha seo: “Nuair a thugaim cuairt ar mo theaghlach, tá orm m’obair adadúil a chur ar leataobh ar an ábhar seo, agus ansin tá orm teacht suas ar gach rud nuair a fhillim ar ais ar Chorcaigh.” Deir Katie go “[gcuireann] sé seo constaic roimh m’fhoghlaim go deimhin.”

“Tá snáithín-leathanbhanda i ngach áit ach titeann an luas má tá beirt daoine ar Netflix ag aon am éigin.” 

Tá an scéal céanna ag Marc: “Tá snáithín-leathanbhanda i ngach áit ach titeann an luas má tá beirt daoine ar Netflix ag aon am éigin.” Tá aithne aige ar chairde a bhóg amach ón gceantar mar nach raibh staidéar sa bhaile go leor chun dul chun cinn a dhéanamh san ollscoil, mar “níl na háiseanna i nGaillimh tuaithe sásúil i gcomhair oibre agus staidéir ón mbaile.”

Curtha amach mar gheall ar achmhainní easnamhacha agus fórsáilte chun cíos a íoc — cé mhéad mac léinn agus oibrithe eile atá sa bhád céanna? Agus ar an ábhar seo, más riachtanas é an t-idirlíon don chuid is mó sna laethanta seo, ar chóir go mbeadh infhaighteacht an idirlín mar cheart an duine sna laethanta seo?

Go pearsanta, is mór an chabhair dom an t-idirlíon agus mise faoi dhianghlasáil, agus ní cheapaim go bhfuilim i m’aonar leis sin. Is sólás éigin é a bheith in ann coinneáil suas leis na daoine is tábhachtaí i do shaol. Ar a laghad, don chuid is mó dúinn, bíonn an seans sin againn nasc a choiméad, chun an scoiteacht a bhrú uait. Le heaspa na hachmhainne seo, an ngéaraítear an scoiteacht? An ndéantar an t-uaigneas níos measa? Insíonn Marc dom go bhfuil “sprid an cheantair tite faoi láthair.” Tá a fhios ag muintir na nGaeltachtaí go mbeidh “samhradh eile againn gan daltaí, atá ar ndóigh mar ioncam mór i gcomhair a lán teaghlach i mo cheantar.” 

Le hobair agus foghlaim ó bhaile i bhfeidhm faoi láthair agus de réir cosúlachta, ar feadh tamaill le teacht, tarraingíonn sé líne faoi scoilteanna sa chóras. Tá daoine ag streachailt faoi láthair ar go leor bealaí. Leis an eolas seo, bíonn sé deacair go minic leanúint ar aghaidh lá i ndiaidh lae, ar an tiaráil laethúil, gan a lán dóchais don todhchaí. Ach beidh laethanta deasa, normálta againn arís. Beidh cúrsaí mar ba cheart arís — chomh ceart agus is féidir leo tar éis gach rud. Táimid tagtha chomh fada seo, feicfimid é go dtí an deireadh. 

Gluais (Glossary)

Lúbach   Windy

Samhnasach    Nasuseating

Gleannta   Dips

Cúinní    Corners

Radhairc sléibhtiúla    Mountainous views

Tionscal na turasóireachta    Tourism industry

Sprid    Morale

Pobal     Community

Caillteanais ioncaim    Income losses

Is cosúil go   It seems that

Oibrithe an bháid farantóireachta    Ferry workers

Faoin gcéad    Per cent

Scaoil chun bealaigh     To be let go 

Thug siad séisíní iontacha dúinn    They tipped great

Easnamhach   Lacking/Inadequate

Achmhainní digiteacha   Digital resources

Níos scaoilte   Less strict

Ar an ábhar seo    For this reason

Cuireann sé seo constaic roimh X

Snáithín-leathanbhanda

Gaillimh tuaithe   Rural Galway

Fórsáilte    Pushed/Forced/Driven

Sólás    Consolation

Brúigh X uait     To push the X away

Scoiteacht     Isolation

Géaraigh    To exacerbate 

Scoilteanna    Cracks

Ar go leor bealaí    In more ways than one

Tiaráil laethúil    Daily grind

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.