Faoistiní ó dalta na Gaeilge: Conas fáil réidh le gráin don Ghaeilge i ndiaidh na hArdteiste

Déanann Meadhbh Ní Cheallacháin, iníon léinn na Gaeilge, anailíse ar an ngráin a mhothaítear don Ghaeilge i ndiaidh na meánscoile

An bhfuil grá don Ghaeilge caillte agat tar éis do thréimhse sa mheánscoil, agus an dteastaíonn uait an grá a fháil ar ais? Seo meabhrúchán sciobtha ó ardchumacht (dalta le spleodar sa Ghaeilge!) chun do chuid Gaeilge a úsáid níos minice

Ní mór dom a admháil nár thaitin an Ghaeilge liom mar ábhar Ardteiste in ainneoin gur tógadh mé i dteach dátheangach agus gur fhreastail mé ar ghaelscoileanna. Cosúil le go leor Gaeilgeoirí mí-aibí eile, ba bheag meas a bhí agam do mo chuid Gaeilge agus mhothaigh an teanga cosúil le dua. Ní raibh fonn orm an Ghaeilge a labhairt ar chor ar bith agus chuir sé mearbhall orm nuair a dúradh liom go gcaillfinn an droch-mheon tar éis an scoil a fhágail. Dar ndóigh, bhí an ceart acu, agus anois táim anseo mar saoi na teanga chun meabhrúchán báúil a thabhairt daoibh faoi thábhacht na teanga.

Tá an cultúr ceilteach i bhfaisean arís agus léiríonn sé go bhfuil daoine óga ag mothú an ghrá dár gcultúr agus gur gá dúinn sin a shásamh. Tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh thar lear, tuigimid uile brí an fhocail sin ‘grá’ i bhfad níos doimhne. ‘Sé an mothúcháin a ritheann linn nuair a theastaíonn uainn amhrán na Cranberries a cheangailt lenár gcuislí nó nuair a bhímid fiáin do chupán tae. Is cuid dár gcomhdhéanamh géiniteach é an focal, sa chaoi chéanna ina bhfuil ‘an chraic’ nasctha lenár n-anam. Mothúchán éagsúil í an nóisean Gaelach den “grá” do rud a chinnt nach dtuigeann tíortha eile. Is ionann é agus bá a mhothú do rud ach mothaítear i do chliabhrach é. Faoi dheireadh, táimid ag léiriú na dúile seo dár gcultúr tríd an athbheochan Ghaelach sa tír. Bhí seo le feiceáil le déanaí leis an méid sin rannpháirtíocht i bhFéile Bríde agus Seachtain na Gaeilge, agus atá follasach mórthimpeall na cathrach. Tá seodra ceilteach á caitheamh ag daoine óga, tá céilithe ag éirí níos coitianta, agus bhí TradSoc fiú roghnaithe mar taispeántas do Bál na Tríonóide ar na mallaibh. 

“Tá an Ghaeilge nasctha go láidir leis na píosaí is suimiúla agus is éagsúla dár gcultúr”

 Tá an Ghaeilge nasctha go láidir leis na píosaí is suimiúla agus is éagsúla dár gcultúr- an ceol, scéaltaíocht, rince; na rudaí a spreagann sonas ionainn. Ní haon ionadh é go bhfuil daoine Éireannacha chomh maith sin ag insint scéalta de bharr an bhéaloidis fadó, agus an draíocht a bhaineann leis an nGaeilge nach mothaítear leis an mBéarla. Leis sin, is é an chéad fáth gur chóir dúinn uile níos mó Gaeilge a labhairt ná chun aithint níos fearr a chur orainn féin. Tá roinnt mhaith dúinn trína chéile ag oibriú amach ár gcuspóir sa saol seo agus do dhaoine áirithe cabhraíonn sé neart eolais a fháil ar ár stair. Ní raibh daoine ar an oileán seo curtha ar an bhfód chun an Béarla a labhairt, mar sin tá daoine ag siúl timpeall na háite gach lá ag labhairt teanga a bhí brúite ar a muintir fadó. Samhlaímid mothúcháin dhiúltacha leis an mBéarla i ngan fhios dúinn ach atá dosheachanta de bharr na brúidiúlachta lena bhfuil sé ceangailte. Déanann sé dochar sicheolaíoch a bheith curtha chun cultúr a thabhairt suas agus dar ndóigh tá saoirse ar leith ag baint lenár dteanga dhúchais a thógáil ar ais arís.

Cuid is mó den am, bíonn imeachtaí na Gaeilge ag spreagadh cruthaítheachta, nua-aimsearthacht, agus féinléiriú; tá na gnéithe seo tábhachtach inár saolta chun muid féin a chur in iúl. Ag na himeachtaí seo, mothaíonn daoine catairsis agus iad ag léim, ag luascadh agus ag sceamháil. Is féidir linn céilithe agus ceol traidisiúnta a nascadh leis an nGaeilge. Ag freastal ar imeachtaí cosúil leis An tOireachtas, Féile na Gealaí, agus imeachtaí idir-ollscoileanna, feicimid méid an comhluadair Ghaelaigh agus an bheocht a bhaineann leis an teanga. Bíonn spleodar ag na himeachtaí seo mar feicimid na daoine a n-úsáideann an Ghaeilge fós mar céad teanga. Tuigim go mbíonn imní ar dhaoine freastal ar imeachtaí Gaelach agus lá i ndiaidh lae is gá dom cur in iúl do chairde liom go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge acu ná a cheapfaidís sibh, mar i ndeireadh na dála rinneadh staidéar ar an teanga ar breis is sé bhliain! 

“Mar is eol dúinn uilig, is rud gnéasúil é an paisean, agus níos gnéasúla fós a bheith dátheangach!”

Is Gaeilgeoirí iad cinn de na daoine is críonna agus lách a bhfuil aithne agam orthu. Tá siad lán le paisean ag tacú teanga nár chóir go mbeadh morán seans aici agus ag troid ar son cúise atá níos mó ná iadsan. Ní caitheamh aimsire í an Ghaeilge dóibh ach slí bheatha agus lionsa chun a saolta a fheiscint.  Is beatha teanga í a labhairt, mar sin, déan iarracht bheith mórthimpeall Gaeilgeoirí cruinne eile mar le cabhair osmóis súnn d’intinn Gaeilge chruin i ngan fhios duit! Le sin a rá, impím oraibh gan lig do “garda gramadaí” chur asaibh agus iad ag ceartú do chuid Gaeilge agus a bhíonn sibh ag labhairt! Ar ndóigh, tá ardnós ann fós sa lá atá inniú ann ó thaobh canúintí de, in aghaidh iad siúd nach as an Gaeltacht iad. Gan amhras, bíonn caighdeán na Gaeilge labhartha atá curtha i gcló thar a bheith tábhachtach. Ach maidir le cumarsáid labhartha Gaeilge neamhfhoirmiúil; is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste mar a deirtear. Is meon conspóideach í seo ó dhalta i mbun céime sa Ghaeilge ach bíonn teangacha ag athrú an t-am ar fad agus ag éabhlóidiú.

Lena chois sin, mura bhfuil tú cinnte fós ar chóir duit infheistiú i do chuid Gaeilge tar éis an t-alt seo a léamh, cuimhnigh ar stair na teanga agus an streacailt gur sháraigh sí. Mhair sí go dtí seo tar éis an iarracht ollmhór chun í a scriosadh. Le hardú ar an méid inimircigh sa tír tá daoine Éireannach ag lorg nasc lena dtír agus a bhféiniúlacht tíre. Mura bhfuil cultúr againn, cad a dhéanann idirdhealú eadrainn agus na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh? Coimeadann an teanga muid nasctha le hanam na tíre, an t-anam carthanach, agus an comhluadar ionainn chun bailiú le chéile in ainneoin éagóir.